Tá leabhar iomráiteach leis an scríbhneoir as Meiriceá, Joanna Rakoff, ar cheann de na leabhair is fearr liom faoin scríbhneoireacht chruthaitheach – go háirithe toisc nach leabhar faoin scríbhneoireacht chruthaitheach atá ann, ar an gcéad radharc.
Dírbheathaisnéis atá in My Salinger Year, a foilsíodh ceithre bliana ó shin. Cur síos atá ann ar bhliain dá saol a chaith Rakoff ag obair in oifig ghníomhairí liteartha i gcathair Nua-Eabhrac, oifig a rinne ionadaíocht do dhuine de mhórscríbhneoirí Mheiriceá, nach maireann – thomhais tú i gceart é, J.D. Salinger é féin, údar The Catcher in the Rye agus chuid de na gearrscéalta is iomráití dár cuireadh i gcló riamh.
Tá cur síos sa leabhar, gan amhras, ar Salinger féin – ar an duine, ar a shaothar, agus, thar aon rud eile, ar na litreacha a chuireadh léitheoirí chuige, nár theastaigh ó Salinger a léamh agus a thóg Rakoff uirthi féin a fhreagairt.
Ach tá i bhfad níos mó ann. I míreanna snoite, slachtmhara, meascann Rakoff oiread snáithe scéil lena chéile gur tháinig ionadh orm, agus My Salinger Year á athléamh agam le gairid, go raibh spás ann dóibh ar fad san aon leabhar amháin.
I dtús báire, ar ndóigh, insíonn Rakoff a scéal féin – scéal ógmhná agus í ag déanamh a bealaigh di féin i saol liteartha Nua-Eabhrac, ag maireachtáil ar dhrochphá agus prochóg gan córas teasa á roinnt aici le buachaillchara sotalach ar scríbhneoir é féin agus atá in éad leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ag a chailín.
Ach insítear freisin scéal duine de sheanfhondúirí an tsaoil chéanna, scéal na mná a bhí mar shaoiste ag Rakoff ag an am, gníomhaire liteartha a rinne ionadaíocht ar Salinger ar feadh na scórtha bliain agus a raibh saol grá corraitheach aici féin.
Tugann Rakoff léargas íogair, leis, ar chairdis mheánscoile agus ollscoile atá ag dul i léig, agus ar thóraíocht cairde nua i saol liteartha na cathrach, thar aon áit eile in oifigí na hirise The New Yorker.
Ar deireadh, is éard atá in My Salinger Year ná portráid chaolchúiseach de chathair Nua-Eabhrac, agus ní hamháin den cheantar sin ar oileán Manhattan, idir Central Park agus Union Square, mar a bhfuil saol liteartha Mheiriceá lonnaithe den chuid is mó. Tugann Rakoff léargas iontach ar an athrú diamhair – ó cheantar faoi mhíbhuntáiste go lárionad hiopstar – a tháinig ar Williamsburg, trasna na habhann in Brooklyn, mar a raibh cónaí uirthi féin le linn na bliana a chaith sí ag obair sa ghníomhaireacht liteartha a thug aire do J.D. Salinger.
Ní hionann agus leabhair faoin scríbhneoireacht chruthaitheach, ní moltaí, comhairle agus noda do scríbhneoirí a bheadh ag tosú amach sa cheird atá á ndáileadh ag Rakoff in My Salinger Year. Dar liom go bhfuil rud éigin níos luachmhaire ar fáil ann: léargas lom, neamhleithscéalach ar na dúshláin a bhíonn roimh dhuine a dteastódh uaidh a bhealach féin a dhéanamh i saol na litríochta.
Cnuasach ceachtanna saoil don scríbhneoir, i bhfocail eile.
learrai
‘JD Salinger Quotes’