Céard iad na ceachtanna a bhí le foghlaim ó chluichí na deireadh seachtaine seo?

Laoch nua ag Pobalscoil Chroca Dhuibhne, apaicailipsis na peile linn agus na ceachtanna eile atá le foghlaim ón deireadh seachtaine

Chun leas Pobalscoile an comhrac diongbháilteachta is déanaí

éiríonn le Pobalscoil Chorca Dhuibhne Corn Uí Ógáin a bhuachan ar an 11 Aibreán seo chugainn, is ceart dealbh de Shéamus Ó Muircheartaigh a nochtadh i lár an Daingin.

Dála a gcéad lá amach i gcluiche ceannais na Mumhan, bhí ar Ó Muircheartaigh buille saor a aimsiú in am gortaithe chun feachtas na Pobalscoile a tharrtháil.

Mar a tharla sé, baineadh Ó Muircheartaigh den pháirc cúpla nóiméad sular bhuaigh Brian Ó Beaglaoich an cic saor ag an deireadh ach cuireadh fios an athuair ar an lántosach chun iarracht na Pobalscoile a shlánú agus am breise a chinntiú.

Is é tuairim bhainisteoir na Pobalscoile, Ciarán Ó Móráin, gur mhó leas a rinne an babhta am breise sin d’imreoirí na Pobalscoile ná cúpla seachtain traenála agus go seasfaidh na cluichí diana, crua seo don scoil Ghaeltachta sa chluiche ceannais i gcoinne Scoil na mBráithre Críostaí, Ros Comáin an mhí seo chugainn.

Eamonn Fitzmaurice 15/3/2015
Tá roinnt cinntí le déanamh ag Eamonn Fitzmaurice maidir lena chuid tosaithe roimh an gcluiche i gcoinne Thír Eoghain. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Easpa nirt sna tosaithe ag cur as do Chiarraí

Sul má thosaigh an cluiche an deireadh seachtaine seo, is ar áit sna cluichí leathcheannais a bhí Ciarraí ag díriú ach tar éis an chailleadh i gcoinne Mhuineacháin, is baolach gur ísliú céime atá i ndán dóibh.

Bhí Paul Geaney ag déanamh dul chun cinn sa chéad leath ach nuair a d’fhág fear an Daingin an pháirc de bharr gortú roimh an mbriseadh, níor aimsigh Ciarraí ach scór amháin ón imirt san am a bhí fágtha. Go deimhin, chuir na Ciarraígh ceithre cinn déag d’iarrachtaí amú i dTrá inné.

Anois, tá mí-ádh orthu go bhfuil James O’Donoghue, Colm Cooper, agus Bryan Sheehan uile gortaithe faoi láthair ach má siad chun fanacht i Roinn 1, beidh taispeántas níos fearr ag teastáil i gcoinne Thír Eoghain an tseachtain seo chugainn. Tá níos mó pointí tugtha uathu ag Ciarraí aon fhoireann eile sa roinn i mbliana, rud a chuireann brú ar na tosaithe scóranna dá gcuid féin a aimsiú. Má Ciarraí chun ísliú céime a sheachaint, caithfidh siad a bheith níos slachtmhaire an dá thaobh den pháirc.

Colin Dunford in action against Jason Flynn 29/3/2015
Bhí Port Láirge i gcónaí céim chun cinn ar Ghaillimh i gcluiche ceathrú ceannais Roinn 1 an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Laigí agus láidreachtaí Roinn 1B le feiceáil

Ceann de na míbhuntáistí is mó a luaitear faoi Roinn 1B san iomáint ná nach bhfuil an neart agus an déine chéanna ag baint le cluichí sa roinn sin i gcomparáid le cinn Roinn 1A. Tá sé sin ar cheann de na cúiseanna atá á dtabhairt maidir le drochthaispeántas Luimnigh i gcoinne Bhaile Átha Cliath an Satharn seo caite.

go bhfuil Craobh na Mumhan buaite acu agus cluichí leathcheannais na hÉireann sroichte acu le cúpla bliain anuas, is ar éigean a bhí freagra ag imreoirí Luimnigh ar an luas agus an aclaíocht, fiú, a bhí ag fir Bhaile Átha Cliath.

Ar an taobh eile den scéal, chonaiceamar an fuinneamh a thugann sraith buanna d’fhoireann. Níor chaill Port Láirge oiread is cluiche amháin sa tsraith i mbliana agus bhí siad lán de mhuinín ina gcluiche i gcoinne na Gaillimhe i bPáirc Uí Bhreathnach ar an Domhnach. Chuaigh na Muimhnigh chun cinn sa chéad nóiméad agus níorbh fhéidir leis na Gaillimhigh srian a chur orthu as sin amach.

Tar éis geimhreadh deacair, bhí amhras ar dhaoine i bPort Láirge maidir leis an dul chun cinn a bhí á dhéanamh faoi chúram Derek McGrath agus iad i gcluiche leathcheannais na sraithe anois, tá gach duine sa chontae ag súil le feachtas craoibhe láidir.

The half-time score as seen on the big screen 28/3/2015
Níor aimsigh an dá fhoireann ach cúig phointe san iomlán sa chéad leath den chluiche sraithe idir Baile Átha Cliath agus Doire. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Bás na peile tagtha dar le oifigeach CLG

Ag tús na míosa seo, ceapadh iarimreoir Ard Mhacha Jarlath Burns mar chathaoirleach ar choiste CLG a bhaineann le rialacha imeartha an chumainn. Agus é ag labhairt ar na meáin shóisialta tar éis an chluiche sraithe idir Baile Átha Cliath agus Doire, dúirt Burns go raibh bás na peile feicthe againn sa chluiche sin.

Chríochnaigh an cluiche i bPáirc an Chrócaigh 0-8 i gcoinne 0-4 i bhfabhar foireann Jim Gavin ach bhí na foirne cothrom ag 0-4 an taobh gan ach cúig nóiméad fágtha. Bhí lucht leanúna Bhaile Átha Cliath ag faíreach faoi imirt Dhoire ach bhí an fhoireann baile chomh diúltach céanna nuair nach raibh seilbh na liathróide acu.

Toisc an stíl imeartha seo a bheith ceadaithe sa pheil, ní féidir locht a fháil ar aon fhoireann a bhaineann úsáid as ach ní seo an chéad uair atá cluiche millte go hiomlán ag an dlúthchosaint agus mura n-athróidh an scéal, éireoidh daoine tinn tuirseach de. Tá Burns anois in áit a bhfuil sé in ann iarracht a dhéanamh leigheas a fháil ar an scéal agus beidh sé suimiúil a fheiceáil cé na tuairimí a bheidh aige.

Fág freagra ar 'Céard iad na ceachtanna a bhí le foghlaim ó chluichí na deireadh seachtaine seo?'