Céard a tharla nuair a bhain an sliotar ‘Hell’s Kitchen’ amach?

Is deacair argóint de chineál ar bith a chur chun cinn go raibh tada ar leith ag baint le meon an chúl báire seachas na himreoirí a bhí idir é agus ceann eile na páirce

Céard a tharla nuair a bhain an sliotar ‘Hell’s Kitchen’ amach?

Bheadh iontas orm mura bhfaca tú scríofa nó murar chuala tú ráite é nach mór don té a sheasann idir na postaí i gcluichí liathróide a bheith glan ascartha as a meabhair, nó cinnte gur mór an chabhair dóibh a bheith oiread na fríde ar an gcuma sin.

N’fheadar, mar a deir an Muimhneach.

Tá mo chion féin díobh tagtha i mo bhealach agus le fírinne, is deacair argóint de chineál ar bith a chur chun cinn go raibh tada ar leith ag baint lena meon seachas na himreoirí a bhí idir iad agus ceann eile na páirce.

Casadh Packie Bonner orm minic go leor. Tá aithne mhaith agam ar Johnny Geraghty, an cúl báire peile ab fhearr a bhí ag Gaillimh riamh agus b’amhlaidh cás don bháireoir iomána i mo chontae dúchais – Seán Duggan a bhásaigh in aois a 90 bliain in 2013. Fir níos ciúine, níos séimhe ní chasfadh ort i do shiúl lae.

Cosamar bliana ó shin chuir mé mo chloigeann isteach i dtábhairne Éireannach i Lanzarote a raibh ceol Gaelach le cloisteáil as agus mé ag dul thairis – i gcoirnéal agus é ag baint ramsach as consairtín bhí Charlie Nelligan, a dhá shúil dúnta agus a chos ag bualadh go héadrom leis an gceol. Níl a fhios agam cé mhéid den leathdhosaen boscadóirí, fidléirí agus fliúiteadóirí a bhí ina thimpeall a thuig go raibh seacht mbonn Chraoibhe na hÉireann ina phóca ag Charlie.

Is minic freisin a labhair mé le Ollie Walsh, trócaire air, agus leis an nGaeilgeoir líofa sin John O’ Donoghue, cúl báirí a shaothraigh a gcuid ar fhoirne Chill Chainnigh agus Thiobraid Árann sna 1950idí agus ’60idí. B’in an tráth a mba beag de chosaint a thug na rialacha don bháireoir. Inniu ní féidir drannadh lena leithéid sa gcearnóg bheag. Péist an dá shúil déag féin ní raibh sábháilte san ionad nuair a bhí Ollie agus John ag buachan Chraobhacha na hÉireann.

Dhá phríomhchúram a bhí ar an mbáireoir ag an am – an liathróid nó an sliotar a choinneáil amach as an eangach agus aire chomh maith agus a bhí ar a chumas a thabhairt dó féin.

Ba bheag eile de ról a bhí ag fear na hiomána go háithrid agus ní mórán lena chois a bhí ag an gcúl báire peile. Sna cluichí ceannais a d’imir sé i 1964, 1965 agus 1966, oiread agus an cúl amháin féin níor scaoil Mac Oireachtaigh thairis. Idir cúilíní agus seansanna a d’imigh ar strae, thrasnaigh an liathróid a líne 53 uair, ach níorbh é a dhualgas oiread agus ceann amháin acu a chiceáil amach arís go ndéanfaí ath-thosaí ar an imirt. Enda Colleran a rinne sin agus fágadh a chúram féin ag an gcúl báire.

Ní shin le rá ach an oiread nach bhfuil meabhair peile agus iomána chomh maith acu siúd a sheasann idir na postaí agus atá ag na himreoirí eile.

Féach go raibh Johnny Geraghty ina bhainisteoir ar fhoireann mhionúir na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1976; gur é Billy Morgan an bainisteoir peile ba rathúla a bhí ag Corcaigh le fada, agus faoi dhó a thug foirne a bhí faoi cheannas Ollie Walsh Corn Mhic Cárthaigh go Cill Chainnigh.

Agus ansin Ned Power.

Má bhí fear riamh a raibh an iománaíocht níos tréine i smior na gcnámh aige ná a bhí ag an bPaorach, níor casadh ormsa é. Ní uair amháin cheana atá tagairt déanta agam faoin gcaoi a spreagfadh fiú cúig nóiméad cainte leis thú. Bhí an fuinneamh a bhí ann agus an grá a bhí aige do chluiche na fuinseoige chomh follasach ina ghlór is a bhí a chanúint bhreá Dhéiseach.

Chonaic Ned dhá shaol an bháireora agus níl léiriú is fearr ar an gcontúirt a bhain lena chuid imeartha siúd fadó ná an grianghraif cáiliúil a tógadh ag babhta leathcheannais de chuid na Mumhan i 1962 idir Port Láirge agus Corcaigh – an Paorach go hard san aer an sliotar ina ghlaic aige fad agus atá Christy Ring agus tosach eile de chuid Chorcaí ag iarraidh dul chomh fada leis. Tom Cunningham agus Austin Flynn ag cinntiú nach bhfuil ag éirí leo.

‘Hell’s Kitchen’ an teideal a bhaist Louis McMonagle, an grianghrafadóir a ghlac an pictiúir, ar a iarracht, agus ba théarma é a mhair agus a mhaireann i bhfoclaíocht na hiomána.

Aisteach go leor, is le imreoirí as contae nach raibh ar an bpáirc beag ná mór nuair a ghlac McMonagle an pictiúr is mó atá an teideal luaite anois – líne lán chúil Thiobraid Árann ag an am, John Doyle, Michael Maher agus Kieran Carey.

Ba iadsan na máistrí ar an gcúram atá á dhéanamh ag Cunningham agus Flynn sa bpictiúr – cosaint a chur ar fáil dá mbáireoir agus a chinntiú nach bhfaigheadh tosach ar bith deis láimhe a leagan air siúd. Má d’fhág sin nár theangaigh siad féin leis an sliotar ó thús deireadh na himeartha, cén dochar. Seans maith sa gcás sin go raibh sin freisin le rá fúthu siúd a bhí siad a mharcáil.

Ag Micheál Ó Muircheartaigh (cé eile!) atá an scéal is fearr a chuala mé faoi thoradh a bhain le modh agus le héifeacht imeartha Hell’s Kitchen.

Tuairim deich mbliana fichead ó shin agus é ar a bhealach ar ais go Baile Átha Cliath as Dúrlas, áit a raibh cluiche ceannais iomána na Mumhan ar bun níos luaithe sa lá, casadh an Muircheartach isteach in óstán thimpeall Phort Laoise go bhfaigheadh sé bolgam tae dó féin. Bailithe sa mbeár bhí slua fear a bhí ag freastal ar bhainis a bhí ar siúl áit eicínt eile san óstán – iad sleamhnaithe leo i ngan fhios ag breathnú ar an Sunday Game.

An t-athrú suntasach a bhí tagtha ar mhianach na himeartha a bhí le feiceáil i gcomparáid le scór blianta roimhe an t-ábhar díospóireachta a bhí sa mbeár agus Micheál ag fanacht lena chuid tae.

Ar cheann de na rudaí a luadh bhí athrú ar chaighdeán scile na gcosantóirí i gcomparáid le Doyle, Maher agus Carey. D’iarr duine díobh siúd ab óige a bhí i láthair céard go díreach a tharlaíodh nuair a théadh an sliotar chomh fada leis an Hell’s Kitchen iomráiteach seo.

Bhí beagán ciúnais ann agus chuile dhuine ag iarraidh a chúpla sampla féin a thabhairt chun críonnachta, rud a thug deis d’fhear amháin a raibh a chloigeann fágtha ar an gcuntar aige agus é leath ar meisce agus an leath eile ina chodladh.

“You want to know what happened when the ball went into Doyle, Maher and Carey?” a deir sé.

“I’ll tell ya what happened. F**k all. That’s what happened.”

Deir siad gur fearr aon phictiúr amháin ná míle focal, ach lena cheart féin a thabhairt do sheanchaí Phort Laoise, ní raibh cailleadh ar bith ar a iarracht.

Nóitín : Ar fhaitíos na míthuisceana – fiú san athinseacht ná go deimhin riamh níor tháinig an focal a bhfuil na réiltíní leis as béal binn, blasta Mhichíl Uí Mhuircheartaigh. Níor tháinig ná aon mhion eile dá chineál, mór ná beag. Ní theastaíonn a leithéid uaidh.

Fág freagra ar 'Céard a tharla nuair a bhain an sliotar ‘Hell’s Kitchen’ amach?'