Céard a dhéanfaidh tú nuair atá tú róshean don champa samhraidh?

Molann lucht taighde an leadrán ach an raibh orthu scata páistí a choinneáil amach ón scáileán beag nó a dhíbirt ón tolg sa samhradh?

Céard a dhéanfaidh tú nuair atá tú róshean don champa samhraidh?

Más fíor go gcuireann an duine díomhaoineach cathú ar an diabhal, tá muid i dtrioblóid an tseachtain seo. Dia idir sinn agus an anachain!

Is tabhartas ó Dhia iad na campaí samhraidh, ach céard a dhéanann tú nuair atá cuid acu ag éirí róshean don champa samhraidh?

Níl muid ródhona i mbliana, ach tá ráflaí is monabhrach á chloisteáil agam ón mBeainín go mbeidh sí críochnaithe leis na campaí samhraidh an bhliain seo chugainn. Céard a dhéanfaidh muid ansin? Céard a dhéanfaidh muid?

Cén chaoi a gcaithfidh tú an samhradh nuair atá tú faighte beagáinín róshean do na campaí samhraidh, ach nach bhfuil tú sách sean fós le bogadh amach, pósadh is do chlann féin a bheith agat?

Chuala mé na hargóintí ar fad ar son an leadráin. Tá taighde déanta is cosúil. Cothaíonn sé cruthaítheacht, féinmhuinín agus inspreagadh, a deirtear.

Nach bhfuil a fhios ag chuile dhuine go bhfuil na rudaí sin ag chuile pháiste nuair a bheirtear iad is nach bhfuil baint ná páirt ag tuismitheoirí ná ag leadrán leis an scéal ach scaoileadh leo?

Céard a dhéanfaidh tú nuair atá tú róshean don champa samhraidh ach ró-óg leis an am a chaitheamh ag dul ag féilte ceoil is ag fulaingt le tinneas póite ina ndiaidh?

An cheist atá agamsa ná an raibh ar aon duine de na taighdeoirí seo scata páistí a choinneáil amach ón scáileán beag nó a dhíbirt ón tolg ar feadh ocht seachtaine sa samhradh? Bheadh amhras orm go raibh.

Céard a dhéanfaidh tú nuair atá tú róshean leis an mhaidin a chaitheamh ag cartadh sa ngaineamh ach ró-óg le post a fháil agus tosú ar do chuid ranníocaíochtaí pinsin?

Nach fearr i bhfad a bheith ag déanamh rud éigin seachas a bheith caite thart sa teach ag breathnú ar sheaneagráin de The Simpsons. Déan dearmad ar an bportach, níl an rogha sin ann, is níl aon chead a ghabháil ag obair i siopa ag líonadh seilfeanna.

Céard a dhéanfaidh tú nuair atá tú róshean le dul go dtí an pháirc spraoi ach ró-óg le ceadúnas tiomána a fháil agus imeacht dhá mhí ar thuras bóthair?

Tá galar an róghnóthachais orainn ar fad i saol an lae inniu, an raibh a fhios agat é?

Bíonn rósceidealú déanta ar shaol an pháiste. Cén t-ionadh sin nuair atá tuismitheoirí ag obair ar feadh an lae?

An bhfuil sé míréasúnta a bheith ag iarraidh go mbeadh na gasúir amuigh ag déanamh rud éigin spraíúil in áit a bheith ag caitheamh feaigs go bhfóire Dia orainn, nó ag briseadh fuinneog?

‘Tá sé go dona!’ a deir máthair chráite amháin liom, bean a casadh orm agus í ag bailiú an gasúr is óige aici ón gcampa samhraidh.

Tá a hiníon i rang a sé agus ar ór ná ar airgead ní dhéanfadh sí campa samhraidh i mbliana. Seo iad na cineálacha scéalta uafáis a chloisfidh tú ag geataí na gcampaí.

‘Tá sí ag dul a chodladh ag meán oíche is níl sí ag éirí go meán lae!’ a deir sí agus cuma thaibhsiúil ar a haghaidh. D’airigh mé drithlíní faitís le mo dhroim.

Fág freagra ar 'Céard a dhéanfaidh tú nuair atá tú róshean don champa samhraidh?'