Céard a bhí le foghlaim ón mbabhta deireanach den tSraith Náisiúnta Peile?

Tír Eoghain agus Cill Dara i dtrioblóid, dul chun cinn á dhéanamh ag Ros Comáin agus neart eile a thug Tuairisc.ie faoi deara an deireadh seachtaine seo.

Beidh Jason Ryan ag súil le torthaí níos fearr sa chraobh má tá sé chun a phost mar bhainisteoir ar Chill Dara a choinneáil. INPHO/James Crombie
Beidh Jason Ryan ag súil le torthaí níos fearr sa chraobh má tá sé chun a phost mar bhainisteoir ar Chill Dara a choinneáil. INPHO/James Crombie

Ryan faoi bhrú i gCill Dara

Tar éis dóibh cailleadh i gcoinne na Gaillimhe i dTuaim ar an Domhnach, imreoidh Cill Dara sa tríú roinn den tSraith Peile Náisiúnta i 2016. Ón am a ceapadh Jason Ryan mar bhainisteoir ar an bhfoireann ag deireadh 2013, tá siad tar éis titim ó Roinn 1 den tSraith Peile Náisiúnta síos go dtí Roinn 3, gan ach ceithre chluiche sraithe buaite acu as 14.

go raibh seans acu ísliú céime a sheachaint le bua i gcoinne na nGaillimheach, is é an drochthús a chur siad leis an tsraith a d’fhág ar an trá fholamh iad. Is sna nóiméid dheireanacha a chaill siad i gcoinne an Dúin agus na Mí sa chéad dá bhabhta agus bhí deacair dóibh teacht ar ais ó na buillí sin.

ceisteanna anois á gcur faoi Ryan mar bhainisteoir ar an bhfoireann ach bheadh iontas ann dá bhfaigheadh bord Chill Dara réidh leis ag an tráth seo. Tá naoi seachtaine acu le fáil faoi réir don chraobh agus má Ryan chun a bheith i bhfeighil orthu i Roinn 3 an bhliain seo chugainn, caithfidh siad dul chun cinn éigin a thaispeáint i rith an tsamhraidh.

Captaen Ros Comáin, Tadhg O’Rourke (ar chlé) agus Cathal Compton (ar dheis) ag ceiliúradh Craobh Faoi-21 Chonnacht a bhuachan ar an Satharn. INPHO/Mike Shaughnessy
Captaen Ros Comáin, Tadhg O’Rourke (ar chlé) agus Cathal Compton (ar dheis) ag ceiliúradh Craobh Faoi-21 Chonnacht a bhuachan ar an Satharn. INPHO/Mike Shaughnessy

Ros Comáin ag dul ó neart go neart

Nuair a chuir Gaillimh tús maith leis an tsraith i mbliana, dhealraigh sé go mbeadh siad in ann dúshlán Mhaigh Eo a thabhairt gCraobh Chonnacht na bliana seo. Tá an dóchas sin tráite cuid mhaith faoin am seo agus an chuma ar an scéal anois gurb iad Ros Comáin is túisce go n-eireodh leo greim daingean atá ag Maigh Eo ar Chraobh Chonnacht a scaoileadh.

áit bainte amach ag foireann John Evans i Roinn 1 don bhliain seo chugainn tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an Iarmhí ar an Domhnach. Tá Ros Comáin tar éis ardú céime a bhaint amach dhá bhliain i ndiaidh a chéile agus tabharfaidh seal i Roinn 1 an-taithí dóibh.

an pheil faoi aois fós ag dul i bhfeabhas sa chontae chomh maith. Bhuaigh an fhoireann faoi-21 Craobh Chonnacht den cheathrú huair ó 2010 ar an Satharn agus tá Scoil na mBráithre Críostaí, Ros Comáin, i gcluiche ceannais Chorn Uí Ógáin i bPáirc an Chrócaigh an Satharn seo.

Mattie Donnelley (ar chlé) agus Seán Cavanagh dobrónach ag deireadh an chluiche i gcoinne Chiarraí. INPHO/Presseye/Andrew Paton
Mattie Donnelley (ar chlé) agus Seán Cavanagh dobrónach ag deireadh an chluiche i gcoinne Chiarraí. INPHO/Presseye/Andrew Paton

Tír Eoghain in ísle brí agus an Chraobh ag teannadh leo

Is minic a bhíonn bainisteoirí ag tabhairt amach faoi fhad an bhriseadh idir deireadh na sraithe agus tús na craoibhe ach gach seans go mbeadh Mickey Harte ag iarraidh sos níos faide an t-am seo. Níl ach thart ar mhí fágtha go dtí tús fheachtas craoibhe Thír Eoghain agus is cosúil go bhfuil an fhoireann agus an contae araon in ísle brí faoi láthair.

Chríochnaigh cluiche an Domhnaigh i gcoinne Chiarraí ar comhscór, rud a chiallaigh nár bhuaigh Tír Eoghain cluiche baile ar bith i rith na sraithe. Beidh siad ag imirt a gcuid peile i Roinn 2 an bhliain seo chugainn dá dheasca sin.

Nuair a chaill Tír Eoghain in aghaidh Dhún na nGall seachtain ó shin, dúirt Harte gurb é an taispeántas is measa a bhí feicthe aige ó fhoireann Thír Eoghain riamh. Is i gcoinne na gConallach atá siad arís i réamhbhabhta Chraobh Uladh ar an 17 Bealtaine agus breathnaíonn sé go mbeidh athrú mór chun feabhais ag teastáil uathu má siad chun teacht slán as an gcluiche sin.

Beidh Ard Mhacha, faoi cheannas Kieran McGeeney, ar cheann de na cúig fhoireann Ultacha a bheidh ag imirt i Roinn 2 i 2016. INPHO/Presseye/Jonathan Porter
Beidh Ard Mhacha, faoi cheannas Kieran McGeeney, ar cheann de na cúig fhoireann Ultacha a bheidh ag imirt i Roinn 2 i 2016. INPHO/Presseye/Jonathan Porter

Is ceart ‘Roinn Uladh’ a thabhairt ar Roinn 2 an bhliain seo chugainn

Agus Tír Eoghain agus Doire tagtha síos ó Roinn 1 agus ardú céime bainte amach ag Ard Mhacha agus Fear Manach, ciallaíonn sé go mbeidh cúig fhoireann Ultacha ag imirt i Roinn 2 an bhliain seo chugainn. Ba chóir do na foirne sin a bheith buíoch nach bhfuil aon fhoireann ó Chúige Mumhan sa roinn agus is iad na turasanna go Gaillimh, Laois agus An Mhí na turais is faide a bheidh orthu a thabhairt orthu féin.

I ndáiríre, agus ocht gcinn as naoi gcinn d’fhoirne Chúige Uladh ag imirt sa chéad dá roinn, taispeánann sé an caighdeán atá bainte amach ag na foirne sin agus cé chomh géar atá an iomaíocht i gCraobh Uladh. Chun comparáid a dhéanamh, ní bheidh d’ionadaithe as Cúige Mumhan sa chéad dá roinn i 2016 ach Corcaigh agus Ciarraí, agus gan ach trí cinn an taobh ag teacht ó Chúige Chonnacht agus Cúige Laighean chomh maith.

Fág freagra ar 'Céard a bhí le foghlaim ón mbabhta deireanach den tSraith Náisiúnta Peile?'