Ceanndáine Chomhairle Chontae Chiarraí i dtaobh thranglam busanna Chinn Sléibhe

Ní i bhfeabhas atá an fhadhb tranglaim tráchta seo sa leath thiar de leithinis Chorca Dhuibhne ag dul agus beidh tuilleadh moille ar thrácht i mbliana

Ceanndáine Chomhairle Chontae Chiarraí i dtaobh thranglam busanna Chinn Sléibhe

Pictiúr: Míchaél de Mórdha

Ní mó ná sásta a bhí toscaireacht ó Dhún Chaoin le déanaí tar éis cruinniú a bhí acu sa Daingean le hinnealtóir áitiúil  Chomhairle Chontae Chiarraí, Colm Nagle agus leis an gComhairleoir Contae, Séamus Chosaí Mac Gearailt, a d’eagraigh an cruinniú.

Is é tranglam busanna Chinn Sléibhe is mó a bhí ag dó na geirbe ag toscaireacht Dhún Chaoin agus bhí moltaí fónta acu, dar leo,  maidir le maolú a dhéanamh ar an tranglam tráchta, atá ag dul in olcas bliain i ndiaidh bliana, agus ar an gcíor thuathail a bhíonn coitianta ar an mball álainn seo in Iarthar Duibhneach i rith na biaiste turasóireachta.

Moladh, ar dtús, go gcuirfí córas soilse tráchta i bhfeidhm, ón gcúinne, ag a bhfuil dealbha Chalvaire ag Ceann Sléibhe, go dtí an carrchlós i gCom Dhíneol, chun rialú a dhéanamh ar thrácht a bheadh ag teacht ó Dhún Chaoin,  i gcoinne an phríomhshruth tráchta, a bhíonn ag teacht ó Fhionntrá. Níor ghlac an t-innealtóir leis an moladh sin mar, dar leis, nach n-oibreodh na soilse mar gheall ar chonstaicí teicniúla.

Níor ghlac sé, ach oiread,  le moladh go gcuirfí comhartha bóthair ag crosaire Thráigh A’ Choma, ar thaobh Dhún Chaoin de Cheann Sléibhe,  a d’fhógródh go mbeadh cosc ar fheithiclí móra, ar nós busanna agus veaineanna campála dul ar dtuathal trí bhóthar Cheann Sléibhe ón dtrá agus ó Dhún Chaoin, mar gurb iad a leithéidí d’fheithiclí, agus iad ag dul i gcoinne an ghnáthshruth tráchta,  is mó is  cúis leis an dtranglam, mar go bhfuil an bóthar ag Ceann Sléibhe róchúng chun go ngabhfadh feithiclí thar a chéile.

Tá an bóthar seo an-chasta chomh maith agus ní féidir le feithiclí móra cúlú óna chéile ró-éasca mar gheall ar na coir sa bhóthar agus é seo sa treis go mór ó thaobh na mbusanna. Rud eile de, tá busanna ag gabháil trí Cheann Sléibhe anois atá i bhfad rómhór don mbóthar atá ann. 

Níor ghlac an t-innealtóir leis an moladh seo ach oiread mar go ndúirt sé nach raibh aon riail de chuid na Comhairle chun a leithéid a chur i bhfeidhm. Bheadh sé sásta, áfach, comhartha a chur ag béal a’ bhóthair atá ag teacht aníos ón dtrá, a mholfadh do thiománaithe feithiclí, ar nós veaineanna campála, gan casadh ar dheis i dtreo Chinn Sléibhe. Níl ansin, dar le toscaireacht Dhún Chaoin, ach sop in áit na scuaibe.

Ansin moladh go gcuirfí comharthaí tráchta aon treo ar an mbóthar, an R559 amach ón nDaingean a théann trí Cheann Sléibhe agus ar aghaidh ó thuaidh trí Bhaile An Fheirtéaraigh agus mar sin agus isteach ’on Daingean arís, a bheadh i bhfeidhm ar feadh tréimhse áirithe ama gach lá i rith na biaiste.

Ach dhiúltaigh an t-innealtóir don mholadh seo chomh maith toisc, dar leis, go gcaithfí fodhlíthe a chur i bhfeidhm chun a leithéid a dhéanamh, go gcaithfí tréimhse comhairliúcháin phoiblí a bheith ann agus toil An Gharda Síochána a fháil chuige. Cheap an tUas. Nagle go dtógfadh a leithéid de phróiseas achar rófhada ama.

Cheap toscaireacht Dhún Chaoin gur dearcadh an-diúltach a bhí ag an innealtóir áitiúil i dtaobh an chúraim seo ar fad  agus níl sé i gceist acu “luí thíos faoi aon oifigeach de chuid na Comhairle”.  Tá baill an choiste suite meáite dul i mbun stocaireachta agus i mbun caibidil le polaiteoirí áitiúla agus níl sé i gceist acu a maidí a ligean le sruth. Ceaptar gur gnó é seo anois don gComhairle féin. Táthar, a dúradh, míshásta chomh maith le hionchur Shéamuis Chosaí Mac Gearailt  sa chúram agus baill na toscaireachta den tuairim nach bhfuil tacaíocht á tabhairt aige d’iarratais an Chomharchumainn.

Fadhb mhór is ea an brú mór tráchta a bhíonn i mbaile mór an Daingin le linn na biaiste agus an díobháil a d’fhéadfadh a leithéid a dhéanamh do chúrsaí turasóireachta. Ar ndóigh, cuireann sé conach ar chuairteoirí agus ar mhuintir na háite araon a bheith ceangailte i dtranglam tráchta ach is minic a bhíonn a leithéid amhlaidh ní hamháin sa Daingean ach i gCeann Sléibhe leis.  Tarlaíonn sé coitianta i rith na biaiste go mbíonn moill mhór ar thrácht i gCeann Sléibhe agus cuireann sé seo isteach ar na gnóthaí sa dúiche a bhíonn ag brath ar na busanna agus a bhíonn, mar shampla, ag ullmhú bia dóibh, mar nach mbíonn na busanna in ann teacht ar an sprioc a bhíonn socraithe roimh ré.

Rud eile atá ag dó na geirbe ag muintir na háite ná nach stopann ach céatadán áirithe de na busanna a ghabhann trí Cheann Sléibhe in aon áit ar an R559 laistiar den Daingean agus, ina ionad sin, go mbailíonn siad leo arís isteach go Cill Airne nó cibé áit a dtagann siad as, gan pingin rua a chaitheamh sa dúiche.  Ní haon scéal nua é suas le daichead éigin bus a fheiscint  ag aon am ar leith, idir a naoi  a chlog ar maidin agus a trí a chlog tráthnóna agus iad páirceáilte ar feadh scaithimh i gclós busanna ag Ceann A’ Ché sa Daingean nuair a bhíonn an bhiaiste in airde réim.  Fágann na busanna sin de réir a chéile agus tugann a bhformhór a n-aghaidh ar Cheann Sléibhe.  Tagann cinn eile ina n-ionad agus leanann an scéal mar sin go heireaball timpeall.

Is minic, leis, a bhíonn roinnt busanna ar a bhfuaid agus iad ag dul trí Cheann Sléibhe agus scuaine fada d’fheithiclí ina ndiaidh nó idir eatarthu.  Is measa go mór a bhíonn an scuaine má théann feithicil mhór i gcoinne na tráchta agus bíonn siad  ar fad ceangailte in éineacht agus an bóthar ar fad ina charrchlós tranglálta.

Ní i bhfeabhas atá an fhadhb tranglaim tráchta seo sa leath thiar de leithinis Chorca Dhuibhne ag dul agus beidh tuilleadh moille ar thrácht agus í ag teacht isteach ’on Daingean i mbliana ar bhóthar Thrá Lí toisc go bhfuil móroibreacha ar siúl ar an bpríomhbhóthar, an N86, i gceantar Lios Póil.  Ceaptar, chomh maith, nach chun maitheasa do thranglam tráchta Cheann Sléibhe a bheidh seachbhóthar nua an Daingin ach a mbeidh sé críochnaithe ina iomláine i gceann dhá bhliain eile. Is amhlaidh a bheidh busanna in ann gabháil thar an Daingean ar fad agus tiomáint díreach go Ceann Sléibhe agus cur leis an dtranglam a bheidh ann rompu.

Cé go raibh a mhalairt ráite ag an gComhairleoir Cosaí Mac Gearailt le déanaí, do chuir an tUas. Colm Nagle in iúl nach mbeadh aon airgeadas ag an gComhairle i mbliana chun réiteach ar fháil ar an dtranglam páirceála a bhíonn coitianta i rith na biaiste ag Ceann Sraithe, i bParóiste an Fheirtéaraigh.

Bíonn an tranglam sin ina bhaol mór ó thaobh sláinte agus sábháilteachta, mar a thuairiscíomar anseo cheana.

Is deacair a shamhlú go mbeidh aon leigheas ar an bhfadhb seo sa ghearrthéarma gan toil na n-údarás a bheith ann le réiteach éigin a fháil uirthi. Ta na pleananna ann ach cuimhneamh orthu, mar a dúirt an saoi!

Fág freagra ar 'Ceanndáine Chomhairle Chontae Chiarraí i dtaobh thranglam busanna Chinn Sléibhe'