Ceannaíodh go dleathach an raidhfil AR-15 a úsáideadh i sléacht scoile Florida

Cúisíodh inniu Nikolas Cruz as 17 duine a dhúnmharú i Marjory Stoneman Douglas High School in Parkland, Florida, an 239ú heachtra lámhaigh scoile i Stáit Aontaithe Mheiriceá ó 2013

Ceannaíodh go dleathach an raidhfil AR-15 a úsáideadh i sléacht scoile Florida

Ceannaíodh go dleathach an raidhfil AR-15 a úsáideadh sa sléacht i scoil i Florida inné inar maraíodh 17 duine.

De réir tuairiscí, cheannaigh Nikolas Cruz, 19, an té atá cúisithe as 17 duine a dhúnmharú san eachtra lámhaigh scoile an raidhfil leath-uathoibríoch i siopa gunnaí in Broward County, Florida anuraidh.

Ba í an eachtra lámhaigh inar maraíodh 17 duine in Marjory Stoneman Douglas High School in Florida inné an 239ú heachtra lámhaigh scoile i Stáit Aontaithe Mheiriceá ó 2013.

De réir figiúirí an Gun Violence Archive, scaoileadh le 438 duine ar fad agus maraíodh 138 duine acu sin sna heachtraí seo i scoileanna i Stáit Aontaithe Mheiriceá ó maraíodh 20 dalta scoile agus seisear daoine fásta i Sandy Hook Elementary School in Connecticut in 2012.

Ba í eachtra lámhaigh an lae inné in Parkland, cathair bheag ó thuaidh de Miami,  an séú heachtra lámhaigh scoile i Stáit Aontaithe Mheiriceá ó thús na bliana seo inar maraíodh nó inar gortaíodh daoine.

Cúisíodh inniu Nikolas Cruz, 19, as 17 duine a mharú i ráig lámhaigh a rinne sé le raidhfil leath-uathoibríoch AR-15 i Marjory Stoneman Douglas High School in Parkland, Florida. D’fhreastail Cruz féin ar an scoil chéanna go dtí gur cuireadh amach aisti é de bharr drochiompair.

Tá cead ag daoine os cionn 18 bliain i Meiriceá gunna a cheannach go dleathach ach tá sé in aghaidh an dlí gunna a bheith ag aon duine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte aige, cé go bhfuil ceisteanna móra ann faoin tslí a gcuirtear an cosc sin i bhfeidhm.

Tuairiscítear go bhfuiltear anois ag fiosrú an raibh réamhchomharthaí contúirte i gceist le hiompar Cruz roimh an eachtra, go háirithe i gcás teachtaireachtaí a d’fhág sé ar na meáin shóisialta.

Tá an sléacht a tharla inné i measc na n-eachtraí lámhaigh scoile is measa a tharla riamh i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tarlaíonn, ar an meán, timpeall cúig eachtra lámhaigh in aghaidh na míosa i scoileanna Mheiriceá. Sléacht ar chuma eachtra an lae inné ab ea 16 ar a laghad den 239 eachtra lámhaigh scoile a tharla ó 2013.

Fág freagra ar 'Ceannaíodh go dleathach an raidhfil AR-15 a úsáideadh i sléacht scoile Florida'