Cealla aitheanta a dhéanann athnuachan ar an ae

NOD DON EOLAÍ: Is céim mhór chun cinn é staidéar nua maidir leis an tuiscint atá againn ar an dóigh a fheidhmíonn an t-ae

Cealla aitheanta a dhéanann athnuachan ar an ae

Thig leis an ae é féin a athnuachan nuair a dhéantar damáiste dó. Níl an bua sin ag cuid mhór dár mbaill choirp. Sin an fáth go dtagann biseach ar dhaoine a éiríonn as an ól in amanna má bhíonn trioblóidí sláinte acu leis an ae. De réir tuairisc a foilsíodh an tseachtain seo thart san iris Nature, tá cealla faoi leith – gaschealla – ar fud an ae a tháirgeann cealla úra don ae le linn an phróisis athnuachana.

Scoilteann na cealla inár gcorp go minic. Ach de réir mar a théann muid in aois cailleann cealla éagsúla an bua sin. Baineann an próiseas seo le struchtúir na gcrómasóm sna cealla.

Tá na crómasóim sna cealla cosúil le píosaí téide. Gach uair a scoilteann an chill gearrtar píosaí beaga as deireadh an téide. Mar sin, bíonn na crómasóim níos gaire de réir a chéile. 

Is í an teilimír a chuirtear ar an seicheamh DNA ag deireadh an chrómasóim a ghearrtar gach uair a scoilteann an chill.

I ndiaidh na mblianta bíonn cealla sa chorp ina bhfuil na crómasóim chomh gairid sin nach scoilteann na cealla níos mó. Cailltear na cealla sin. Sin an fáth go mbíonn cuma dhifriúil ar chraiceann an pháiste seachas craiceann seanduine. 

Ach, tá cealla faoi leith ann a bhfuil próitéin iontu a chuireann leis an téad. Cuireann an phróitéin seo cuid bheag den téad ar ais i ndiaidh don chill scoilteadh. Dá bharr sin leanann na cealla seo leo go deo ag scoilteadh agus ag táirgeadh cealla úra. 

Teiliméaráis a thugtar ar an phróitéin seo. Má bhíonn dóthain teiliméaráise i gcill ní ghearrtar na crómasóim. 

Rinne foireann taighdeoirí ó Ollscoil Stanford sna Stáit Aontaithe, scagadh ar chealla in ae na luch chun fáil amach an bhfuil teiliméaráis iontu. Bhí! Bhíothas ábalta teiliméaráis a thomhas in 3-5% de na cealla san ae.

Bhí na cealla ina raibh teiliméaráis ag scoilteadh agus ag táirgeadh cealla breise. Bhí na cealla seo ag scaipeadh ar fud an ae. Ní raibh na cealla eile, na cinn nach raibh teiliméaráis iontu, ag scoilteadh chomh minic céanna.

Rinneadh turgnamh chun fáil amach an mbíonn na cealla seo ag cur leis an líon ceall atá san ae. Faigheann cealla san ae bás nuair a ghlactar barraíocht drugaí. Nuair a rinneadh damáiste don ae le barraíocht drugaí, bhí na cealla seo a raibh leibhéal ard teiliméaráise iontu ag scoilteadh agus ag scaipeadh ar fud an ae.

Chun a fháil amach cad a tharlódh sa chás nach mbeadh cealla a raibh neart teiliméaráise iontu san ae, mharaigh siad grúpaí de na cealla seo. I ndiaidh dóibh na cealla le leibhéal ard teiliméaráise a mharú d’fhág siad na lucha beo ar feadh tamaill sula ndearna siad anailís ar an ae.

Bhí droch-chuma ar a gcuid aenna Bhí an chuma ar na haenna go raibh ciorróis ag teacht orthu. Is léir ón turgnamh seo go bhfuil na cealla seo tábhachtach chun an ae a athnuachan. 

Taispeánann na torthaí seo go bhfuil cealla faoi leith – gaschealla ina bhfuil neart teiliméaráise – san ae agus má chailltear iad nach mbeidh an t-ae in ann é féin a athnuachan ná feidhmiú i gceart.

Is céim mhór chun cinn an staidéar maidir lenár dtuiscint ar an dóigh a fheidhmíonn an t-ae. Déanfar tuilleadh taighde ar na cealla seo chun teacht ar leigheasanna úra agus leigheasanna níos fearr ar na galair a chuireann isteach ar ae an duine.

Fág freagra ar 'Cealla aitheanta a dhéanann athnuachan ar an ae'