Cead pleanála diúltaithe do thuirbín gaoithe i nGaoth Dobhair

Dhiúltaigh Comhairle Contae Dhún na nGall don iarratas ar chead pleanála a bhí déanta ag an gcomhlacht Lir Energy do thuirbín gaoithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair ar cheithre chúis, cóngaracht an tuirbín d'Aerfort Dhún na nGall ina measc

Cead pleanála diúltaithe do thuirbín gaoithe i nGaoth Dobhair

Tá diúltaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall don iarratas ar chead pleanála a rinne an comhlacht Lir Energy do thuirbín gaoithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill.

Tá ceithre chúis luaite sa cháipéis dhiúltaithe a shínigh Pleanálaí Sinsearach na Comhairle Contae: airde an tuirbín; cóngaracht an tuirbín do thithe sa cheantar; caochaíl scáile na lann; agus cóngaracht an tuirbín d’Aerfort Dhún na nGall.

Dúradh go gcuirfeadh an tuirbín, a bhí le bheith 120m ar airde, isteach ar radhairc sa cheantar agus go mbeadh sé “overscaled, unbalanced, overdominant”, agus “confusing”.

Dúradh go gcuirfeadh callán an tuirbín isteach ar na daoine atá ina gcónaí timpeall ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair agus go gcuirfeadh an chaochaíl scáile a bhainfeadh leis na lanna agus iad ag dul timpeall isteach ar thithe agus oifigí sa cheantar.

Chuir Aerfort Dhún na nGall agus Údarás Eitlíochta na hÉireann aighneacht faoi bhráid na Comhairle Contae le linn an phróisis comhairliúcháin inár cuireadh imní údaráis an aerfoirt faoin tionchar a bheadh ag an tuirbín ar chúrsaí sábháilteachta in iúl. Luadh cúrsaí sábháilteachta san aerfort, atá lonnaithe i gCarraig Fhinn, sa cheathrú cuid den litir dhiúltaithe. Dúradh go meastar go mbeadh drochthionchar ag an tuirbín ar chúrsaí sábháilteachta agus go gcuirfeadh sé bac ar fhorbairt agus méadú an aerfoirt amach anseo.

Tháinig sé chun solais inné gur scríobh Peter Walsh, duine de stiúrthóirí Lir Energy, chuig an gComhairle Contae le cur in iúl dóibh go mbeadh an comhlacht sásta airde an tuirbín a laghdú ó 120m go 95m. Ní raibh tionchar aige sin ar chinneadh na Comhairle Contae, áfach.

Tá fáilte curtha ag an ngrúpa Stad an Tuirbín Gaoithe roimh chinneadh na Comhairle Contae. Dúirt Gearóid Ó Maonaigh, urlabhraí an ghrúpa, le Tuairisc.ie gur “dea-scéal” a bhí ann gur diúltaíodh don tuirbín, agus gur luadh an ceithre phointe a bhí sa litir dhiúltaithe in aighneachtaí an ghrúpa.

D’eagraigh Stad an Tuirbín Gaoithe cruinnithe poiblí an bhliain seo caite le cur in aghaidh an tuirbín agus bhí an grúpa i mbun feachtasaíochta le cúpla mí anuas lena chinntiú nach dtógfaí an tuirbín ar thailte Údarás na Gaeltachta i nGaoth Dobhair.

D’éirigh leis an ngrúpa os cionn 120 aighneacht a bhailiú ó mhuintir na háite agus bhí na haighneachtaí sin i measc an 150 aighneacht a cuireadh faoi bhráid na Comhairle Contae maidir leis an gceist. Níor cuireadh aon aighneacht ar son an togra faoi bhráid na Comhairle.

Dúirt duine de stiúrthóirí Lir Energy le Tuairisc.ie inniu nach raibh an freagra “próiseáilte” ag an gcomhlacht fós agus nach raibh aon ráiteas le tabhairt acu faoin gcinneadh faoi láthair. Ní dúirt an stiúrthóir cé acu an raibh nó nach raibh sé i gceist ag Lir Energy iarratas eile, an tríú hiarratas, ar chead pleanála a dhéanamh do thuirbín gaoithe i nGaoth Dobhair.

Fág freagra ar 'Cead pleanála diúltaithe do thuirbín gaoithe i nGaoth Dobhair'