Táthar ag súil go mbeidh cead feasta ag Feisirí Parlaiminte ón mBreatain Bheag an Bhreatnais a labhairt i roinnt díospóireachtaí a bhíonn ar siúl i Westminster.
Tá feachtas ar bun le breis is leathchéad bliain le cead a fháil do chainteoirí Breatnaise a dteanga féin a labhairt i bParlaimint na Breataine. Tá an cead sin tugtha anois ag Rialtas na Breataine do chruinnithe de chuid Choiste Mór na Breataine Bige, fochoiste parlaiminte a dhéileálann le ceisteanna a bhaineann leis an mBreatain Bheag.
Bhíodh an coiste ag teacht le chéile go minic sa Bhreatain Bheag féin sna 1990í agus bhíodh cead an uair sin an Bhreatnais a labhairt ag na cruinnithe. Ó 1999 i leith, áfach, is annamh a chruinnigh baill an choiste ina dtír dhúchais, agus ní raibh cead acu an Bhreatnais a labhairt i Westminster.
Dúirt Ceannaire Theach na dTeachtaí, an Feisire David Lidington ón bPáirtí Coimeádach, go bhfuil “ról ríthábhachtach” ag Teachtaí Parlaiminte na Breataine Bige i dTeach na dTeachtaí agus go gcuireann an Bhreatnais le “héagsúlacht chultúir an Ríochta Aontaithe”.
Gheall sé go mbeadh díospóireacht agus vótáil ann faoin gceist i Westminster. Meastar go mbeidh tacaíocht thraspháirtí ag an rún.
Níor chualathas riamh ach cleatráil bheag d’aon teanga seachas an Béarla i dTeach na dTeachtaí. Go deimhin, bhí riail dhaingean ann a chuir cosc ar theangacha eile. Sa bhliain 1964, labhair an Teachta Parlaiminte Thomas WIlliam Jones, ó Meirionnydd, i mBreatnais agus é ag cur fáilte roimh bhunú Oifig na Breataine Bige i Westminster.
“Ar ran cenedl y Cymry a gaf fi ddiolch yn fawr i’r Prif Weinidog,” a dúirt sé.
Cuireadh stop lena chuid cainte láithreach bonn agus d’éiligh an Leas-Cheann Comhairle go ndéarfadh sé a chuid cainte arís i mBéarla.
Tá Rúnaí Stáit na Breataine Bige, Alun Cairns, “ag súil go mór” le díospóireachtaí agus ceisteanna sa Bhreatnais.
“Tá gliondar orm go mbeidh Feisirí in ann páirt a ghlacadh i gCoiste Mór na Breataine Bige i mBreatnais den chéad uair i Westminster. Tá sé ríthábhachtach go gcloisfeadh muintir na Breataine Bige díospóireachtaí sa dá theanga.
“Tá súil agam go dtapóidh Feisirí a bhfuil an Bhreatnais acu an deis seo ar mhaithe leis an mBreatnais a chur chun cinn ar fud na Parlaiminte,” a dúirt sé.
Beidh aistriúchán comhuaineach ar fáil ón mBreatnais go Béarla i dTeach na dTeachtaí.
Tá seirbhísí Breatnaise ar fáil i Cynulliad Cenedlaethol Cymru, Tionól Náisiúnta na Breataine Bige, agus tá seirbhísí Gàidhlig ar fáil i bParlaimint na hAlban, le fada an lá. Is é Tionól Stormont an t-aon fhorialtas de chuid na Ríochta Aontaithe nach bhfuil cead teanga dhúchais de chuid na tíre a úsáid ann.
Fág freagra ar 'Cead le tabhairt d’Fheisirí Parlaiminte an Bhreatnais a labhairt i Westminster'