Ceachtanna le foghlaim sa Tuaisceart ó scannal árais an uafáis

Tuairisc faoi Árais Máithreacha agus Naíonán le tabhairt don bhFeidhmeannas ag deireadh na míosa 

Ceachtanna le foghlaim sa Tuaisceart ó scannal árais an uafáis

Amanta is deacair ‘alltacht’ an státchórais – agus an phobail a thuiscint. Ní hé nach údar alltachta é an drochíde a d’fhulaing mná agus páistí in árais máithreacha agus naíonán i gcaitheamh an chéid seo caite. Is uafás do-mhaite é agus tá sé riachtanach go n-admhófaí sin. 

Ach ní inné ná inniu a fuaireamar amach faoi. 

Liosta le háireamh iad na cuntais ar an gcultúr in institiúidí a raibh baint ag an stát agus an eaglais leo, idir States of Fear ar RTÉ i 1999 , baicle de thuarascálacha ar fhiosruithe oifigiúla agus obair luachmhar Catherine Corless. Ar ndóigh tá tábhacht thar na bearta leis go bhfaigheadh íobartaigh, na máithreacha agus na páistí, éisteacht, go ligfí dóibh a scéalta a insint, go gcreidfí iad, go dtabharfaí rochtain dóibh ar a gcuid eolais agus go dtabharfaí aire cheart dóibh – gan dlíodóirí a bheith á gcroscheistiú amhail is gur súmairí iad. 

Tá sé thar am gníomhartha agus cosaint a chur in ait na halltachta.

Sin é an chéad cheacht a chaithfidh Stormont a fhoghlaim ó na himeachtaí i mBaile Átha Cliath le seachtain. Beidh rogha le déanamh ag an bhFeidhmeannas in Stormont go luath. Gheobhaidh siad tuairisc ó Judith Gillespie, cathaoirleach ar imscrúdú ar an scéal abhus ag deireadh na míosa seo. I mí an Mheithimh seo caite ceapadh Gillespie, iarLeas-Phríomh-Chonstábla ar an PSNI agus ball d’Údarás na bPóilíní sa Phoblacht, ina cathaoirleach ar scrúdú idir-rannach. Ba é gnó an scrúdaithe an taighde a rinne scoláirí ó Ollscoil na Ríona agus Ollscoil Uladh ar mhí-úsáid stairiúil in dhá cheann déag d’árais do mháithreacha nach raibh pósta a iniúchadh.

Níor chlúdaigh na téarmaí tagartha d’fhiosrú poiblí an Bhreithimh 

Sir Anthony Hart faoi mhí-úsáid stairiúil in institiúidí cónaithe abhus na hárais máithreacha ná na neachtlanna Maigdiléanacha. Nocht fianaise ag an bhfiosrú sin faoi mar a caitheadh le páistí go raibh an cultúr céanna abhus a tuairiscíodh ó dheas. Thóg sé i bhfad rófhada ar na húdaráis anseo moltaí an Bhreithimh Hart a chur i bhfeidhm agus tá amhras faoin fhad a thóg an obair seo. Tá súil go bhfuil an ceacht sin foghlamtha ag Stormont. Dúirt Arlene Foster agus Michelle O’Neill le coiste in Stormont an tseachtain seo gur theastaigh uathu a dhul i ngleic leis an scannal abhus agus go dtabharfaidís tosaíocht do mhianta na n-íobartach.

Tús áite do na híobartaigh a theastaíonn ó Judith Gillespie freisin a dúirt sí. Caithfear a bheith ag súil mar sin go bhfeicfidh na máithreacha agus a bpáistí an tuarascáil sula ndéanfar plé fúithi go poiblí; sin é an rud is lú atá dlite dóibh murab ionann agus webinar nó treoracha do dhaoine nach bhfuil fáil acu ar sheirbhís leathanbhanda chun tuairisc a íoslódáil.

Áiríodh ceithre bliana ó shin gur saolaíodh páistí do 7,500 bean san dosaen áras idir chinn Chaitliceacha, Phrotastúnacha agus stáit sa Tuaisceart ó 1922 go dtí na nóchaidí. Meastar anois go bhfuil líon na mban níos mó ná sin. Dúirt Judith Gillespie ar raidió an BBC gur léirigh an taighde acadúil fadhbanna cosúil leo sin a nochtadh ó 

dheas go háirithe maidir le huchtú agus ráta báis an-ard na leanaí. Leag sí an-bhéim ar an dá cheist sin agus thug leide go mbeadh sí ag moladh go ndíreofaí orthu. Beidh le feiceáil cé a shásóidh sé sin.

Tá fiosrú poiblí neamhspleách á éileamh ag Amnesty agus ag roinnt, ar a laghad, de na híobartaigh agus iad ag líomhain gur deineadh uchtú go mídhleathach, coinneáil dhírialta agus obair éigeantais chomh maith le huirísliú agus drochíde eile. Nocht taighde a rinne an suíomh idirlín abhus The Detail cúpla bliain ó shin gurbh údar mór imní é an ráta báis i measc leanaí a rugadh taobh amuigh den phósadh. In 1942, mar shampla, bhí an ráta a dhá oiread chomh hard is a bhí i measc leanaí a raibh a dtuismitheoirí pósta. Léirigh scrúdú The Detail ar thaifid phoiblí go bhfuair go leor de na naíonáin sna hárais bás de dhian-mhíchothú. 

Bás den ocras sa bhfichiú haois in Éirinn thuaidh agus theas. Nuair a bhí bréagchráifeacht agus ceilt scannail níos tábhachtaí ná aire a thabhairt do pháistí, ní áirím a máithreacha nach raibh ina lán acu féin ach páistí. Agus deirtear nach raibh iallach ná éigean i gceist? Má fhágtar duine gan rogha sin iallach agus éigean. Is dócha gur fíor go raibh corrtheaghlach ann nár ghá dóibh géilleadh don bhrú chun “náire” a chur i bhfolach ón saol ach a roghnaigh a n-iníon a chur in institiúid le teann sotail nó chun mí-iompar sa bhaile a cheilt. Ní mar sin a bhí sé dá lán. Bhí na tuismitheoirí chomh héagumasach, gan chumhacht is a bhí an cailín óg in aghaidh brú an tsagairt, an mhinistéara, an dochtúra nó cibé údarás nó boc mór a bhí ar an mbaile.

Tá an saol feabhsaithe go mór ach ní leor a rá nach bhféadfadh a leithéid tarlú inniu. Níl sé ach 30 bliain ó dúnadh an t-áras deiridh abhus, achar níos giorra ó dheas. Tá fiosrú poiblí bunaithe abhus faoi dhrochíde ar dhaoine faoi mhíchumas in ospidéal in Aontroim sa lá inniu. Má dhéantar neamhshuim de chearta agus an comhionannas a bheith á lúbadh nó á cheilt ar mhionlach ar bith, nó ar an té is laige inár measc, tig le hansmacht, dúshaothrú agus drochíde borradh gan stró. 

Chomh maith leis an gceart d’íobartaigh, bearta coisctheacha an rud is lú ba cheart a dhéanamh chun nach ligfear dá leithéid tarlú arís.

Fág freagra ar 'Ceachtanna le foghlaim sa Tuaisceart ó scannal árais an uafáis'