‘Ceachtanna le foghlaim’ i ndiaidh Stoirm Éowyn – ceannasaí Údarás na Gaeltachta

Tá “ceachtanna le foghlaim” ag Údarás na Gaeltachta agus “ag an státchóras trí chéile” i bhfianaise na ndeacrachtaí a chruthaigh an Stoirm Éowyn agus an dá stoirm eile a threascair Conamara agus ceantair Ghaeltachta eile, dar le Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin.   Dúirt Ó Síocháin le Tuairisc go mba léir “go raibh tionchar níos […]

‘Ceachtanna le foghlaim’ i ndiaidh Stoirm Éowyn – ceannasaí Údarás na Gaeltachta

Tá “ceachtanna le foghlaim” ag Údarás na Gaeltachta agus “ag an státchóras trí chéile” i bhfianaise na ndeacrachtaí a chruthaigh an Stoirm Éowyn agus an dá stoirm eile a threascair Conamara agus ceantair Ghaeltachta eile, dar le Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin.  

Dúirt Ó Síocháin le Tuairisc go mba léir “go raibh tionchar níos mó [ag Stoirm Éowyn] ar na ceantair Ghaeltachta” agus gur “buille trom don cheantar agus don phobal” a bhí inti.  

“Bhí áthas orainn gur tháinig an tAire Gaeltachta Dara Calleary, gur fhéach sé ar an damáiste a rinneadh, agus gur labhair sé leis na daoine atá thíos leis. Beidh an scéal sin á thabhairt aige chuig Bord an Rialtais agus táimid ag súil go mbeidh tacaíocht ag teacht sa ghearrthéarma.  

“Sa mheántéarma agus san fhadtéarma, tá géarghá le hinfheistíocht agus infreastruchtúr chomhtháite sna ceantair Ghaeltachta. Thugamar cuairt ar an mol pobail atá sa Chrompán ar an gCeathrú Rua agus tá siad ag obair ar bhonn leanúnach leis an Údarás. Is maith é an deis atá ann cúltaca a fhorbairt agus ag tacú le háisíneachtaí eile pobail agus stáit,” a dúirt sé.  

Dúirt Ó Síocháin go bhfuil sé “ríthábhachtach” breathnú ar an “gceist níos forleithne” freisin agus é ag tagairt don soláthar leictreachais in Éirinn agus go mór mór san iarthar. Dúirt sé go gcaithfí breathnú ar na bealaí a bhféadfaí an fuinneamh glas a stóráil agus go bhfuil “deiseanna nuálaíochta agus taighde” sa Ghaeltacht. 

“San iarthar, bunaithe ar Éirgrid, tá níos lú ná 10% den fhuinneamh glas a d’fhéadfaí a ghiniúint á ghiniúint anseo. Is féidir leis an nuálaíocht slite a aimsiú chun an fuinneamh sin a stóráil agus tá an deis ann cur leis an infreastruchtúr, agus na deiseanna nuálaíochta agus taighde sa Ghaeltacht. 

“Mar gurb iad na ceantair Ghaeltachta atá sa mbaol is mó, is féidir tarraingt ar an dúshlán sin agus deis a chruthú as. Is féidir tarraingt ar shaineolas agus shainchúram mhuintir na Gaeltachta.”  

Dúirt sé nach raibh sé “ag déanamh beag is fiú” den mhéid atá tarlaithe le seachtain anuas ach go raibh sé “ríthábhachtach na ceachtanna a fhoghlaim.  

“Agus muid ag féachaint ar aghaidh, cad is féidir linn a chur in áit le tubaistí mar seo a mhaolú,” a dúirt sé.   

Dúirt sé go raibh moil phobail socraithe ag gnólachtaí agus eagraíochtaí sa Ghaeltacht le teacht i gcabhair ar na céadta duine atá fós gan leictreachas ná soláthar uisce.  

Dúirt Ó Síocháin go bhfuil an tÚdarás agus an Chomhairle Contae sásta tacú leis na moil sin, ach gur “gá [dóibh] féachaint ar an gceist” agus “na moil agus na tacaí atá ag teastáil a aithint” agus freastal orthu san am atá le teacht.  

“Tá cumhachtaí leathana ag Údarás na Gaeltachta i gcomhthéacs na teanga agus rud ar bith mar seo a d’ardódh ceist in intinn na ndaoine faoi bheith ina gcónaí san áit nó ag obair san áit, caithfimidne aird a thabhairt air sin.  

“Tá sé de chúram ag an Údarás pobail inmharthana teanga a fhorbairt, agus caithfidh caighdeáin mhaireachtála agus seirbhísí pobail a bheith ann. Táimid sásta go maith go bhfuil na hacmhainní ar fad chuige seo ann ach beimid ag labhairt leis an rialtas faoin gceist seo,” a dúirt sé le Tuairisc.  

Ar cheann de na cúraimí eile atá ar an Údarás tá an fhorbairt gnó. Tá roinnt mhaith gnólachtaí sa Ghaeltacht fós gan leictreachas ón líonra náisiúnta agus iad ag brath ar ghineadóirí nó iad gan cumhacht ar bith. Dúirt Ó Síocháin go bhfuil an tÚdarás “ag féachaint go cúramach ar an tionchar a bheadh [ag an stoirm] ar na cliantchomhlachtaí”.  

“D’ardaíomar an cheist leis an Aire, agus beimid ag féachaint arís ar shocruithe meán- agus fadtéarmacha. Caithfidh an t-infreastruchtúr cuí a bheith in áit le go mbeadh comhlachtaí in ann a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht. Tá géarghá leis an infreastruchtúr sa chomhthéacs sin.  

“In aon chinneadh ó thaobh forbairt fostaíochta agus gnó de, bíonn go leor ceisteanna i gceist. Beidh tionchar ag an toghchán i Meiriceá ar chúrsaí, beidh tionchar ag an olltoghchán a bhí anseo ar chúrsaí. Ní minic a bhíonn an cinneadh gnólacht a bhunú nó a aistriú á dhéanamh ar bhonn aon ghné amháin ach is cinnte go mbeidh cúrsaí aimsire agus tionchar na haimsire mar chuid de, agus caithfimid a chinntiú go bhfuil an pacáiste atá á thairiscint ag an nGaeltacht láidir agus mealltach,” a dúirt Ó Síocháin.  

Fág freagra ar '‘Ceachtanna le foghlaim’ i ndiaidh Stoirm Éowyn – ceannasaí Údarás na Gaeltachta'