Ceachtanna CLG – teip Luimnigh, cumas O’Neill agus buntáiste na Gaillimhe

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chuid de na cluichí móra a imríodh an deireadh seachtaine sna craobhacha iomána agus peile

Ceachtanna CLG – teip Luimnigh, cumas O’Neill agus buntáiste na Gaillimhe

Cian Lynch agus Seamus Harnedy. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Ní gá do Luimneach a bheith róbhuartha…

Bhuaigh siad Craobh na hÉireann a anuraidh agus an tsraith san earrach, ach mura raibh a fhios acu cheana é meabhraíodh d’iománaithe Luimnigh inné nach féidir na maidí a ligean le sruth ar chor ar bith i gcraobh na Mumhan.

D’éirigh le Luimneach teacht ar ais go láidir i gcoinne Chorcaí sa dá chluiche a imríodh eatarthu anuraidh ach ní raibh aon aiséirí i ndán dóibh i bPáirc na nGael.

D’imigh an t-aer astu sa dara leath agus níor éirigh leo ach 0-2 a aimsiú ón imirt sa 35 nóiméad sin.

Cé go mbeidh díomá orthu, níor cheart go gcuirfeadh an taispeántas isteach rómhór ar John Kiely agus a chuid imreoirí. Chonaic muid anuraidh, agus arís i mbliana, go mbíonn sé deacair ar na foirne nach mbíonn aon chluiche acu sa chéad bhabhta den chraobh an bua a fháil sa dara babhta ar fhoireann a bhfuil cluiche imeartha cheana acu. Tá an scéal amhlaidh go háirithe i gcraobh na Mumhan.

Chaill Corcaigh in aghaidh Thiobraid Árann an deireadh seachtaine seo caite bhí díocas thar na bearta orthu inné agus fios acu go raibh bua ag teastáil go géar uathu. Ar an dtaobh eile den scéal, ní raibh aon chluiche imeartha ag Luimneach le seacht seachtaine agus thuigfeá dóibh mura raibh siad i mbarr a maitheasa.

Tá briseadh eile rompu anois agus iad ag tabhairt aghaidh ar Phort Láirge faoi cheann coicíse. Má bhíonn imreoirí John Kiely chomh lag céanna sa chluiche sin beidh údar mór imní ansin acu, ach is deacair a shamhlú go mbeidh.

Ba mhór an spórt é Rian O’Neill…

Foireann Ard Mhacha. Pictiúr: INPHO/Philip Magowan

Tá cáineadh go leor déanta ar chraobh peile Uladh le roinnt blianta anuas as an imirt chosantach ar fad a bhíonn inti. Más minic an cáineadh sin tuillte, caithfear moladh a thabhairt d’fhoirne an Dúin agus Ard Mhacha a chuaigh chun páirce i bPáirc Esler inné. Is ar éigean go bhfeicfear mórán cluichí eile chomh maith leis i mbliana.

Cúig chúl agus 30 pointe a scóráladh sular tháinig Ard Mhacha slán agus gan ach aon phointe amháin mar fharasbarr acu. Bhí géarghá acu le bua chomh maith. Ba é seo an chéad chluiche atá buaite acu i gcraobh an chúige ó ceapadh Kieran McGeeney ina bhainisteoir ar an gcontae ag deireadh 2014.

Bhí taispeántas Rian O’Neill ar cheann de na rudaí ba thaitneamhaí faoin gcluiche taitneamhach seo. Bhí an leaththosach láir ag imirt sa chraobh d’Ard Mhacha den chéad uair agus bhí sé ar fheabhas. Chruthaigh O’Neill an cúl cinniúnach do Andrew Murnin in am breise le pas gleoite agus d’aimsigh sé féin ocht bpointe, ceithre cinn ón imirt san áireamh.

Tá sé sa mhianach ag O’Neill, nia le hOisín McConville. Beidh lucht tacaíochta Ard Mhacha ag súil go gcoinneoidh O’Neill air ag feabhsú. Ó chlis ar Mhuineachán i gcoinne an Chabháin oíche Dé Sathairn, tá deis iontach ag Ard Mhacha cluiche ceannais an chúige a bhaint amach den chéad uair ó 2008. Más leo an beart a dhéanamh beidh gá le tuilleadh gaiscí ón tosach óg.

Ní cathair mar a tuairisc i gcónaí craobh bhog…

Adrain McIntyre agus Sean Carrabine ag iarraidh stop a chur le ruathar Johnny Heaney. Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Dúirt Seán Cavanagh ar The Sunday Game aréir gur léirigh cás na Gaillimhe éagothroime na craoibhe peile. Agus gan ach bua faighte acu ar Londain agus Sligeach, tá áit bainte amach cheana féin ag foireann Kevin Walsh i gcluiche ceannais an chúige. Dúirt Cavanagh go mbíonn sé i bhfad níos deacra ag foirne Uladh cluiche ceannais a bhaint amach agus cé go bhfuil an lán an chirt aige faoi sin, is míbhuntáiste do Ghaillimh freisin an easpa iomaíochta i gConnachta.

Faoin am go n-imreoidh siad in aghaidh Mhaigh Eo nó Ros Comáin sa chluiche ceannais ar an 16 Meitheamh, beidh beagnach trí mhí caite ó d’imir Gaillimh aon chluiche crua.

Má chailleann siad sa chluiche ceannais sin, beidh siad go mór faoi bhrú agus bíonn sé iontach deacair i gcónaí ag foirne teacht ar ais i ndiaidh dóibh cluiche ceannais an chúige a chailliúint.

Anuraidh, chaill Fear Manach, Corcaigh agus Laois uile i mBabhta 4 de na cluichí cáilithe tar éis dóibh cluichí ceannais an chúige a chailliúint. Ó cuireadh tús leis na babhtaí cáilithe, theip sa chéad bhabhta eile ar níos mó ná 67% d’fhoirne a chaill i gcluiche ceannais an chúige.

Tá sé níos éasca ag leithéidí Gaillimh agus Maigh Eo cluiche ceannais an chúige a bhaint amach ach tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis sin.

Fág freagra ar 'Ceachtanna CLG – teip Luimnigh, cumas O’Neill agus buntáiste na Gaillimhe'