Cé a sheachnóidh an t-ísliú céime? Tabhair do rogha…

Le sos ann i bPríomhroinn Shasana an deireadh seachtaine seo, breathnaíonn Tuairisc.ie ar na foirne atá ag streachailt ag bun an tábla

Níor sheachain Steve Bruce an ísliú céime nuair a bhí sé mar bhainisteoir ar Birmingham i 2006 agus tá sé i dtrioblóid arís le Hull i mbliana
Níor sheachain Steve Bruce an ísliú céime nuair a bhí sé mar bhainisteoir ar Birmingham i 2006 agus tá sé i dtrioblóid arís le Hull i mbliana

Tá deich gcluiche fágtha ag an gcuid is mó de na foirne i bPríomhroinn Shasana faoi láthair agus cé nach bhfuil ach dhá fhoireann san iomaíocht don chraobh i mbliana, tá seacht gcinn d’fhoirne ar a laghad fós i mbaol sa leath íochtar den tábla.

Ag an tráth seo, dealraíonn sé go mbeidh a ndóthain ag West Brom agus Crystal Palace chun ísliú céime a sheachaint. Thug an dá fhoireann seo bainisteoirí nua isteach ag tús na bliana – Tony Pulis ag West Brom agus Alan Pardew ag Palace – agus tá ag éirí thar barr leo ó shin. Tá 30 pointe an taobh acu faoi láthair agus an chosúlacht ar an scéal go mbeidh siad sa Phríomhroinn arís an bhliain seo chugainn. Ní fhéadfá a bheith chomh cinnte céanna faoi na foirne uile atá thíos fúthu, áfach,.

Ceann de mhórscéalta an tséasúir seo is ea chomh dona agus atá Everton. D’íoc siad £28M ar an tosaí Romelu Lukaku anuraidh ach is mó a theastaigh infheistíocht san aonad cosanata ag an am. Cé go ndearna Everton dul chun cinn faoi chúram Roberto Martinez i 2013/2014, tá siad tite siar go mór i mbliana agus iad 23 phointe níos measa as ná mar a bhí an t-am seo anuraidh.

Ina dhiaidh sin is uile, is iad Manchester United agus Tottenham an t-aon dá fhoireann atá sa chéad sé háit sa tábla a gcaithfidh Everton imirt ina n-aghaidh as seo go ceann scríbe agus beidh an dá chluiche sin i Goodison Park. Mar gheall air sin, is dóigh go mbeidh siad in ann a ndóthain pointí a chruinniú le hísliú céime a sheachaint.

Screen Shot 2015-03-06 at 14.17.26Ag caint faoi a dheacra is tá na cluichí atá fágtha, tá tréimhse dhian os comhair Hull. Tá Chelsea, Liverpool, Arsenal, Tottenham agus Man Utd uile le n-imirt acu agus cé go bhfuil bearna cúig phointe idir iad féin agus an 18ú háit déag, cúpla drochthoradh eile agus beidh siad i mbaol. Bhí Steve Bruce ag imeacht le craobhacha ar an taobhlíne i rith na seachtaine agus beidh sé ag déanamh amhlaidh arís mura n-éiríonn lena bhuíon imreoirí cúpla bua a fháil taobh istigh de chúpla seachtain.

Faoi láthair, is iad QPR, Burnley agus Leicster atá ag sna trí áit dheireanacha sa tábla. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil rás Leicster rite, cé go bhfuil cluiche breise le n-imirt acu le hais foirne eile. Is é an t-aon bhuntáiste atá acu ná go bhfuil go leor de na foirne atá timpeall orthu rompu as seo go deireadh na mbliana. Ach, fós féin, tharlódh go bhfuil an iomarca le déanamh acu.

Cé go bhfuil ceithre phointe níos mó ag Burnley, is é an scéal céanna acu é. Níor chaith an bainisteoir Sean Dyche mórán airgid i rith an tsamhraidh agus níl an chosúlacht ann go bhfuil imreoirí sách maith acu chun iad féin a tharraingt as trioblóid. Tá cluiche mór idir Burnley agus Leicster le n-imirt ag deireadh mhí Aibreáin ach gach seans go mbeidh sé ródheireanach faoi am sin chun maitheas a dhéanamh do cheachtar acu.

Is iad QPR atá ar imeall an zóin dhícháilithe faoi láthair, trí phointe taobh thiar de Aston Villa ach cluiche sa bhreis acu. Breathnaíonn sé go mbeidh rath an dá fhoireann seo ag brath ar na tosaithe atá acu. Tá 15 cúl aimsithe ag Charlie Austin do QPR an séasúr seo agus má éiríonn leis ar a laghad cúig cinn eile a fháil, beidh deis acu fanacht sa tsraith.

Is é an fhadhb atá ag Villa ná nach bhfuil aon duine ag scóráil dóibh. Seo foireann a raibh orthu an comórtas ‘cúl na míosa’ a chur ar ceal i mí Dheireadh Fómhair mar nár scóráil siad le linn na tréimhse sin agus níl ach 15 cúl scóráilte acu sa tsraith ar fad.

Scóráil Christian Benteke a cheathrú chúl den séasúr i rith na seachtaine agus má tá an bainisteoir nua Tim Sherwood ag iarraidh Villa a choinneáil sa tsraith, beidh air níos mó a fháil ón mBeilgeach.

Mura mbeadh ann ach breathnú ar na cluichí atá fágtha acu, ba dheacair a shamhlú go bpiocfadh Hull suas mórán pointí eile as seo go deireadh na bliana agus mar gheall air sin, is iad rogha na coitiantachta iad le gabháil síos in éineacht le Burnley agus Leicster.

Fág freagra ar 'Cé a sheachnóidh an t-ísliú céime? Tabhair do rogha…'