Na foirne a d’fhéadfadh teacht idir Éirinn agus áit i gCraobh na hEorpa

Chinntigh torthaí na gcluichí aréir gurb eol dúinn anois na foirne a d’fhéadfadh a bheidh mar chéilí comhraic againn sna cluichí cáilithe an mhí seo chugainn: an Úcráin, an tSualainn, an Ungáir nó an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

Roy Keane agus Martin O'Neill. INPHO/Donall Farmer
Roy Keane agus Martin O’Neill. INPHO/Donall Farmer

Agus na grúpaí uile sa chomórtas cáilithe do Craobh na hEorpa 2016 anois críochnaithe, tá a fhios ag Éirinn na foirne a d’fhéadfadh siad a fháil sa tarraingt do na babhtaí cáilithe Dé Domhnaigh seo chugainn.

Ar na hocht bhfoireann a bheidh sa tarraingt ag an deireadh seachtaine, is iad an Úcráin, an tSualainn, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin nó an Ungáir a bheidh ag seasamh roimh fhoireann Martin O’Neill sna cluichí cáilithe an mhí seo chugainn. Cé go mbeadh amhras ar dhaoine faoi cheann nó dhó acu sin, níl cúrsaí ró-dhona nuair a bhreathnaítear ar chuid de na foirne eile a bhí fós san iomaíocht roimh an tarraingt seo.

Bhuaigh an Chróit agus an Rúis le cúpla lá anuas chun na cluichí cáilithe a sheachaint agus chaill an Ísiltír aréir rud a chuir as an áireamh ar fad iad.


An Úcráin

Foireann na hÚcráine i 2012. Pictiúr le Biser Todorov
Foireann na hÚcráine i 2012. Pictiúr le Biser Todorov

Chaill an Úcráin sa bhaile in aghaidh na Slóvaice ina gcéad chluiche sa ghrúpa seo agus bhí siad faoi míbhuntáiste as sin go deireadh an chomórtais. Chaill siad an dá chluiche in aghaidh na Spáinne agus nuair nach raibh siad in ann ach comhscór a fháil sa chluiche eile in aghaidh na Slóvaice, fágadh sáinnithe sa tríú háit iad.

Rangú UEFA: 12

An t-imreoir is fearr: Andriy Yarmolenko (Dynamo Kyiv)

Imríonn Yarmolenko ar an gcliathán nó sna tosaithe agus is é an t-imreoir is mó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chás na hÉireann dá gcasfaimis ar an Úcráin sna babhtaí cáilithe. Meastar nach mbeidh sé i bhfad go mbeidh sé ag imirt ag ceann de chlubanna móra na hEorpa.

Na torthaí is deireanaí in aghaidh na hÉireann:

Níor imir muid ina n-aghaidh riamh.

An tSualainn

Zlatan Ibrahimovic agus Richard Dunne i 2013. INPHO/Donall Farmer
Zlatan Ibrahimovic agus Richard Dunne i 2013. INPHO/Donall Farmer

Tháinig an Rúis agus an Ostair slán as an ngrúpa seo ach is mar gheall nár éirigh leis an tSualainn ceachtar acu sin a bhualadh go bhfuil siad ag brath ar chluichí cáilithe anois. Níl sé ach dhá bhliain ó d’imir muid iad sa chomórtas cáilithe do Chorn an Domhain ach beidh orainn feabhsú go mór más iad a bheidh romhainn an mhí seo chugainn.

Rangú UEFA: 13

An t-imreoir is fearr: Zlatan Ibrahimovic (Paris Saint-Germain)

Ceann de na himreoirí is cáiliúla ar domhan, tá an tosach ag dul in aois ach fós féin, is é laoch na foirne seo é agus bíonn siad ag brath go mór air.

Na torthaí is deireanaí in aghaidh na hÉireann:

Éire 1-2 An tSualainn (2013)

An tSualainn 0-0 Éire (2013)

Éire 3-0 An tSualainn (2006)

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

Miralem Pjanic ag imirt i gcoinne na hÉireann i 2012. INPHO/James Crombie
Miralem Pjanic ag imirt i gcoinne na hÉireann i 2012. INPHO/James Crombie

Ba bheag duine a bhí ag súil go gcáileodh an Bhreatain Bheag as an ngrúpa seo in áit na Boisnia agus an Heirseagaivéin ach thug siad cúpla fíor-dhrochthaispeántas uathu i rith an fheachtais, go háirithe nuair a chaill siad in aghaidh na Cipire agus Iosrael. Tabharfaidh sé sin muinín do Martin O’Neill más gá aghaidh a thabhairt orthu sin an mhí seo chugainn.

Rangú UEFA: 15

An t-imreoir is fearr: Miralem Pjanic (Roma)

go mbeadh níos mó aithne ar Edin Dzeko, a bhuíochas sin don seal a chaith sé le Manchester City, is é Pjanic a bhíonn ag stiúradh na himeartha don fhoireann náisiúnta. Cé go bhfuil sé beag, tá an t-imreoir lár páirce láidir agus, más gá, tabharfaidh sé faoi iarracht ar an gcúl ó áit ar bith ar an bpáirc.

Na torthaí is deireanaí in aghaidh na hÉireann:

Éire 1-0 An Bhoisnia agus an Heirseaigvéin (2012)

An Ungáir

Richard Guzmicsag ceiliúradh tar éis dó scóráil i gcoinne Thuaisceart Éireann. INPHO/Presseye/Brian Little
Richard Guzmicsag ceiliúradh tar éis dó scóráil i gcoinne Thuaisceart Éireann. INPHO/Presseye/Brian Little

Foireann eile a bhí faoi mhíbhuntáiste tar éis dóibh a gcéad chluiche a chailleadh, nuair a chlis orthu in aghaidh Thuaisceart Éireann anuraidh. Fós féin, bhí deis acu cáiliú díreach do Chraobh na hEorpa mar an fhoireann is fearr ar na foirne a chríochnaigh sa tríú háit. Nuair a thit an tóin astu in aghaidh na Gréige an Domhnach seo caite, áfach, agus nuair a d’fhág torthaí eile ar fud na hEorpa le cúpla lá anuas i bponc iad, fágadh an Ungáir sna cluichí cáilithe.

Rangú UEFA: 20

An t-imreoir is fearr: Balázs Dzsudzsák (Buraspor)

go n-imríonn formhór d’mreoirí na hUngáire ina dtír féin, tá Dzsudzsák ar cheann de na himreoirí a bhfuil taithí acu imirt ag an gcaighdeán is airde san Eoraip. Sa Tuirc dó anois, ach roimhe seo, d’imir an cliathánaí i Sraith na gCuradh le PSV agus Dynamo Moscow.

Na torthaí is deireanaí in aghaidh na hÉireann:

An Ungáir 0-0 Éire (2012)

An Ungáir 1-2 Éire (1991)

Éire 2-0 An Ungáir (1989)

Fág freagra ar 'Na foirne a d’fhéadfadh teacht idir Éirinn agus áit i gCraobh na hEorpa'