Cé hé Drew Harris, Coimisinéir nua an Gharda Síochána?

Deir comhghleacaithe Drew Harris go bhfuil sé ionraic, cumasach agus diongbháilte. Beidh na tréithe sin agus a thuilleadh ag teastáil ina phost nua…

Cé hé Drew Harris, Coimisinéir nua an Gharda Síochána?

Glacfaidh Leas-Phríomhchonstábla an PSNI, Drew Harris seilbh ar cheann de na postanna is sinsearaí agus is íogaire sa Phoblacht nuair a ghabhfaidh sé i mbun oibre mar Choimisinéir an Gharda Síochána i mí Mheán Fómhair.

Aistear as an gcoitiantacht don Gharda Síochána is ea an ceapachán seachtrach seo agus is amhlaidh do Drew Harris féin a bheidh ag súil nach cupán nimhe atá faighte aige. Nuair a d’fháiltigh an Taoiseach, Leo Varadkar roimh an gceapachán Dé Máirt dúirt sé gur dheis a bhí anseo don stát an tseirbhís póilíneachta a chur ar bhóthar nua.

Tá taithí ag Harris ar seirbhís phóilíneachta a chur ar mhalairt treo. Chuaigh sé san RUC i 1983 agus d’fhan sé sa tseirbhís nuair a bunaíodh an PSNI ina áit. Bhí sé bliana caite aige mar chonstábla nuair a mharaigh an IRA a athair, Alwyn Harris, a bhí ina cheannfort san RUC. Chuir siad buama faoin a ghluaisteán a phléasc nuair a bhí sé féin agus a bhean ar a mbealach go dtí an séipéal i Lios na gCearrbhach i 1989. Mhair a bhean ach maraíodh eisean ar an toirt.

Fear pósta é Drew Harris agus tá ceathrar clainne air. Tá bunchéim aige san eacnamaíocht agus sa pholaitíocht ón Open University agus máistreacht sa choireolaíocht aige ó Cambridge. Bhain sé cáilíochtaí breise amach sa cheannaireacht straitéiseach agus i gcúrsaí frithsceimhlitheoireachta agus rinne sé cúrsa ceannaireachta speisialta in Institiúid de chuid an FBI. I dtús an chéid chaith sé dhá bhliain ar iasacht mar cheannfort le póilíní na hAlban chun taithí sheachtrach a fháil, céim riachtanach don phost is sinsearaí san PSNI.

Tá os cionn deich mbliana curtha isteach aige i gceannaireacht an PSNI mar Phríomhchonstábla Cúnta i dtosach agus mar Leas-Phríomhchonstábla ó 2014 nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar Judith Gillespie a ceapadh ar Údarás Póilíneachta nua an deiscirt níos deireanaí. Tá saineolas aige ar phóilíneacht faoi cheilt, ar sheirbhísí faisnéise rúnda, ar fheachtais i gcoinne na coiriúlachta eagraithe, ar riar buiséid agus ar bhainistiú pearsanra. Bhí sé ar choiste comhairleach do Pharlaimint na hEorpa a phléigh le feachtas idirnáisiúnta in aghaidh na coiriúlachta agus bhí sé an-ghníomhach sa chaidreamh leis na Gardaí.

Dúirt comhghleacaithe go bhfuil sé ionraic, cumasach agus diongbháilte. Duine é nach gcuirfí dá chúrsa go héasca, a dúradh. Seasfaidh sé lena bhreithiúnas agus a chinneadh féin, a dúirt duine amháin liom. ‘Féach nár ghéill sé do bhrú millteanach i dtaca le ceistiú Gerry Adams,’ ar sé.

Ceanndána an téarma a d’úsáid duine eile. Ba é Harris a cheadaigh gabháil Uachtarán Shinn Féin in 2014 le go gceisteofaí é faoi fhuadach agus marú Jean McConville. Saoradh Gerry Adams gan aon chúis a bheith curtha ina leith. Bhí Sinn Féin ar buile faoin eachtra agus rinne siad agóid ag ceanncheathrú an PSNI agus ag an stáisiún in Aontroim mar a raibh a gceannaire á choinneáil. Níos deireanaí an bhliain sin nuair a bhí daoine á gcur faoi agallamh do phost an Leas-Phríomhchonstábla – an post a fuair Drew Harris – d’éirigh Caitríona Ruane, ionadaí de chuid Shinn Féin, as an mbord agallaimh mar agóid. Dúirt sí gur éirigh sí as mar go raibh an próiseas curtha i gcontúirt, ach measadh gur mar gheall ar Harris é. Nuair a ceapadh é, áfach, gheall baill Shinn Féin ar Bhord na bPóilíní a dtacaíocht dó.

Gheall na príomhpháirtithe ar fad i dTeach Laighean (Sinn Féin san áireamh) a dtacaíocht don gCoimisinéir nua. Níl aon amhras, áfach, ach go mbeidh sé faoi dhianscrúdú agus go bhfuil dúshláin mhóra le sárú aige.

Beidh tuarascáil an Choimisiúin um Leasú an Gharda Síochána ar fáil nuair a bheidh sé ag dul i mbun oibre sa bhfómhar. Déantar talamh slán de go leagfaidh an Coimisiún síos treoirlínte agus prionsabail do threo nua na bpóilíní, mar a rinne Patten don PSNI. Beidh gá ag Drew Harris le foireann shinsearach a bheas tiomanta go hiomlán do chur i bhfeidhm na n-athruithe. Tá taithí aige cheana féin ar an athrú ón RUC go dtí PSNI ach ba chuid inmheánach den fhoireann sin é.

I mBaile Átha Cliath, caithfidh sé comhghuaillíocht a dhéanamh le foireann úr. An ndéanfaidh sé é sin le daoine atá ansin cheana féin nó le daoine nua? Caithfidh sé na cleachtais sheanbhunaithe a náirigh na Gardaí a ghlanadh amach gan é a bheith ina chogadh. Caithfidh sé ardú meanma a chothú i measc chomhaltaí atá in isle brí i ndiaidh na scannal go léir. Agus caithfidh sé muinín an phobail sna Gardaí a shaothrú as an nua. Obair mhór don strainséir isteach.

Fág freagra ar 'Cé hé Drew Harris, Coimisinéir nua an Gharda Síochána?'

  • Art

    Cad a bhí cearr ar Joe Schmidt?

  • Eoin Ó Murchú

    Dhá phointe: Ná déanamais dearmad nach forsa póilíneachta a bhí san RUC ach drong seicteach sceimhlitheoireachta. Cuimhnigh freisin go raibh Drew Haarris ina fhear idirghabhála le MI5 thar ceann an PSNI. Cé dhó a bhfuil se dílis? Do MI5, don sean RUC nó don stát Éireannach ó dheas.

  • Des O Murchu

    An mbeidh se in ann ple le gnothi poilbli maidir le Gaeilge,Gaeltachta etc.? Des O Murchu

  • Seán Mag Leannáin

    Bhí agallamh leis an iar-Cheannfort John O’Brien ar Nuacht RTÉ Raidió inniu agus is léir go bhfuil na Gardaí an-bhuartha faoin gceapachán seo. Is ceapachán an-chonspóideach é … cúrsaí slándála an Stáit a chur i lámha duine nach raibh ina shaoránach Éireannach fiú amháin go dtí seo. Tá an rialtas, le cabhair óna leathbhádóirí i bhFianna Fáil, ag ligean orthu gur gnáthcheapachán é seo déanta ar bhonn neamhchlaonta nuair is léir gur ceapachán polaitiúil amach is amach é. Ba chóir go gcuirfí a ról mar fhear idirghabhála le MI5 faoi ghrinnscrúdú ach caol sheans go gcuirfí.