Cé agaibh atá in ann a rá cén rogha tae is fearr?

Céard eile a thugann sólás do dhuine mar a thugann an muigín deas tae? Ach cén cineál is fearr?

Cé agaibh atá in ann a rá cén rogha tae is fearr?

Anois agus méaracha tanaí fuara an gheimhridh á bhfáisceadh ar chuing an mhuiníl, caithfear aird a dhíriú ar chuile shórt atá teolaí agus cluthar. An tae ar ndóigh, ní bhuailfeadh an diabhal an tae.

Murach an tae, níl a fhios agam cén chaoi a dtabharfadh muid aghaidh ar an ngeimhreadh ar chor ar bith. Ualach tae, flúirse tae, fuílleach tae atá ag teastáil, díreach ar mhaithe le cúrsaí misnigh.

Cheannaigh mé mála duilleoga scaoilte tae an lá cheana a raibh bua na codlata luaite leis. Níl a fhios agam dháiríre céard a chuir siad isteach sa mála, ach nuair a d’oscail mé é bhí an chuma air gur lán mála nóiníní triomaithe a bhí istigh ann.

Lán mála nóiníní agus bláth triomaithe istigh ina lár a bhí chomh mór le bos mo láimhe. Ní raibh mé ar mo shuaimhneas nuair a chonaic mé an bláth mór, caithfidh mé a admháil. Meas tú ar cheart dó sin a bheith istigh sa mála, nó an raibh a fhios acu céard a bhí ann ar chor ar bith, a chuimhnigh mé.

Chaith mé síos sa gcupán é agus steall uisce fiuchta sa mullach air. Mheabhródh an tae lá samhraidh duit, sa mhéid is go raibh blas féarmhar air. D’ól mé é ina dhiaidh sin agus ‘bhfuil a fhios agat, chuir sé codladh orm. Níl a fhios agam dháiríre an codladh a chuir sé orm nó go raibh mé tite i laige ag cibé luibheanna aisteacha a bhí caite isteach ann.

Tá tae ag teastáil don chodladh agus tae eile le thú a choinneáil i do shuí ar feadh an lae. Céard eile a thugann sólás do dhuine mar a thugann an muigín deas tae is an galuisce ag éirí as, leagtha ar choirnéal an deasc le do thaobh?

Is iomaí moladh atá faighte agam ó dhaoine i gcaitheamh na mblianta. Deir mo chara liom gurb é an tae matcha is deise atá. Tá roinnt coinníollacha leis an gcomhairle a chuir sí orm, caithfidh tú ruainne bainne coirce a chur leis, spúnóg púdar cacó agus spúnóg síoróip agáibhe a mheascadh tríd. Níl a fhios agam an fiú é.

Nó deir duine eile liom an tae sinséir a ól agus spúnóg meala a mheascadh tríd is go ndíbreoidh sé an ceo intinne ar feadh an lae agus chomh maith leis sin ní bhfaighidh tú aon slaghdán. Meh.

Duine ar bith a gcuirfidh tú ceist orthu déarfaidh siad leat gur acu féin atá an tae is fearr. Tá an tae lag ann is an tae láidir, an tae fuar is an tae lasta, an tae le braoinín bainne ann, is an bainne le braoinín tae. Cé atá in ann a rá cén rogha is fearr?

Théis mo chuid blianta fada tástála, shocraigh mé ar mo rogha féin. Barry’s, na málaí atá istigh sa mbosca dearg. Tabhair cead don tae tarraingt nó go mbeidh sé leath bealaigh idir láidir agus an-láidir, bíodh sé te bruite agus cuir braon maith bainne air. Má tá an aimsir an-fhuar go deo agus an lá ag dul i d’aghaidh cuir spúnóg meala tríd agus, más drochlá ceart é, dhá spúnóg.

Fág freagra ar 'Cé agaibh atá in ann a rá cén rogha tae is fearr?'