Cé a roghnóidh Joe Biden mar iarrthóir leas-uachtaránachta?

Bean dhubh as an deisceart mar sin an rogha is ciallmhaire, dar le lucht straitéise, más faoi Joe Biden a bheith ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe

Cé a roghnóidh Joe Biden mar iarrthóir leas-uachtaránachta?

Leathbhliain agus an deireadh seachtaine seo go dtí toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe.

Níor facthas a leithéid le cuimhne na ndaoine agus sna míonna seo romhainn beidh an feachtas, nuair a chuirtear tús in athuair leis, ag brath ar cé acu den bheirt fhear a bheidh san iomaíocht is mó a chothaíonn muinín i bpobal na Stát Aontaithe.

Tá mo rogha déanta agamsa ar an ábhar sin, ach is pobal ar leith iad muintir Mheiriceá.

Tá folúntas amháin ar chlár na n-iarrthóirí; sin an té a bheidh mar iarrthóir leas-uachtaránachta ag Joe Biden. Tá sé geallta aige go roghnóidh sé bean.

Tá an painéal saineolaithe a roghnóidh an bhean sin le bheith ag obair faoin Aoine seo, Lá Bealtaine.

Tá tuairimíocht go leor faoin té is fearr a d’oirfeadh don fheachtas, ach ní lia duine ná tuairim i dtaobh an té a roghnóidh sé i ndeireadh an lae.

Tá ainmneacha chuid de na mná a bhí san iomaíocht sa bhfeachtas réamhthoghcháin – Kamala Harris, Amy Klobuchar agus Elizabeth Warren, go háirithe – luaite leis an ainmniúchán.

Tá éascaíocht amháin ag baint lena leithéid a roghnú, tá an obair thochailte faoina gcúlra agus faoin gcaoi ar vótáil siad déanta cheana féin.

Ní bheadh aon iontais mhóra faoina gcuid tuairimí agus an bealach gur nocht siad na tuairimí sin i bhfeachtais éagsúla.

Tá Gobharnóir Michigan, Gretchen Whitmer, á lua freisin.

Tá ainm in airde ar an ngobharnóir mar gheall ar an gcaoi go bhfuil an víreas corónach á láimhseáil aici.

Tá sí ina gobharnóir in Michigan, stát a bhuaigh Donald Trump gan choinne in 2016. Tá sé riachtanach go mbeadh an bua ag na Daonlathaigh in Michigan má tá siad le Donald Trump a chur amach as an Teach Bán.

Níl de locht ar na hiarrthóirí atá luaite go dtí seo agam ach mar a dúirt cara sna Stát Aontaithe liom le gairid – ‘she’s too white’.

Bean dhubh as an deisceart mar sin an rogha is ciallmhaire, dar le lucht straitéise, más faoi Joe Biden a bheith ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe.

Agus tá bean amháin a bhfuil a hainm a lua go minic le roinnt seachtainí a d’fhéadfadh cuidiú go mór lena chás, meastar. Chaill Stacey Abrams an toghchán do ghobharnóir stát Georgia le 50,000 vóta in 2016.

Bhain conspóid go leor leis an toradh mar gheall ar líomhaintí gur diúltaíodh cead vótála do na mílte agus gur baineadh na mílte eile de chlár na dtoghthóirí.

Mar thoradh ar an toghchán sin thosaigh Abrams feachtas náisiúnta sna Stát Aontaithe, Fair Fight’, ag iarraidh cearta vótála a shoiléiriú chomh maith leis an mbealach a ndéantar an daonáireamh a bhíonn mar bhunús le leagan amach na gcláracha vótóirí.

Tá cás a thug sí in aghaidh stát Georgia faoi chearta vótála fós ag dul ar aghaidh.

Rugadh agus tógadh Abrams in Mississippi agus is ministéirí Protastúnacha a beirt tuismitheoirí.

Ó, agus bean dhubh í.

Ba í an chéad bhean den chine dubh a roghnaíodh le freagra a thabhairt ar Óráid State of the Union’ Donald Trump i mí Feabhra anuraidh.

Tugann an deis áirithe sin ardán ar leith do pholaiteoir óg. Tá buntáiste eile ag Abrams a chaithfeadh a bheith ina n-intinn ag na ceannairí sa bPáirtí Daonlathach.

Thacaigh Bernie Sanders léi ina hiarracht i dtoghchán an ghobharnóra ceithre bliana ó shin, rud a chiallódh go mbeadh an dá eite den pháirtí ar an bpáipéar ballóide.

Beimid ag faire, mar sin, cén painéal a fhógróidh Biden an deireadh seachtaine seo lena fheachtas a chomhordú.

Deir sé go bhfógróidh sé ainm an iarrthóra don leas-uachtaránacht an mhí seo chugainn nó i mí Iúil.

Tá caint go leor ar Stacey Abrams faoi láthair agus é tugtha le fios aici féin go mbeadh suim aici sa phost.

An cheist is mó a chaithfear a mheas anois ná cé chomh mór agus a chuideoidh sí le hiarrachtaí Biden Trump a chur as an Teach Bán.

Fág freagra ar 'Cé a roghnóidh Joe Biden mar iarrthóir leas-uachtaránachta?'

  • Pól Réamonn

    Iarrthóir gan néaltrú orthu más féidir.

  • Concubhar

    Is botún ollmhór é Joe Biden a roghnú le bheith ina iarrthóir don toghchán seo. Is é an iarrthóir a roghnódh Trump é féin. I bhfianaise a bhfuil ag teacht chun solais faoi Biden, gach seans nach mbeidh bean nó fear sásta bheith ar an dticéad leis.

  • Iarthóir lag atá i Joe codlatach, ba mhaith lena leas iarthóir a bheith forásach, a gheallfadh feabhas saolta dosna vótálaithe. Go dtí seo ghéill sé níos lú don eite chlé an pháirtí ná Hillary agus chonacamar cad a tharla di. Níl mórán buanna aige ach go bhfuil sé níos fearr ná Trump