Cé a rinne an chéad churach adhmaid i gConamara?

Tá stair fhada ag an gcurach, stair na mílte bliain, agus d’fhéadfá a rá go raibh trí chineál curaí ann go bunúsach in imeacht na haimsire

Cé a rinne an chéad churach adhmaid i gConamara?

Cé a rinne an chéad churach adhmaid ar chóstaí na hÉireann? Tá a fhios agam cé a rinne an chéad cheann acu anseo i gConamara ach ba bhreá liom a fháil amach an raibh curach adhmaid in áit ar bith eile roimhe sin.

Cá bhfios nach mbeadh duine de léitheoirí an tsuímh seo in ann mé a chur ar an eolas.

Ag Féile Choilm De Bhailís a casadh Mícheál Ó Clochartaigh as Mainís dhom. Bhí a fhios agam go bhfuil an-suim i mbáid aige agus nach stró ar bith air féin curach a dhéanamh. “Mo shin-seanathair a rinne an chéad churach adhmaid,” a dúirt sé liom.

B’fhíor dhó. Beairle Ó Clochartaigh an t-ainm a bhí air. B’as Garumna i gCeantar na nOileán ó dhúchas é. Phós sé bean de mhuintir Mhainín in Inis Ní agus ba ansin a d’athraigh sé stair na gcurach nuair a rinne sé an churach adhmaid.

Shíl mise ar feadh i bhfad go raibh curachaí adhmaid sa taobh seo tíre i gcónaí. Ba mhór an dul amú a bhí orm.

Píosa seanchais a thug Seáinín Choilimín Mac Donncha as Oileán Fhínse do Shéamas Ennis a chuir sa treo ceart mé.

Mar seo a dúirt sé: ‘Bhínn a’seoltóireacht, agus amach le daoine móra go minic, Púcáin a bhíodh a’ainn. Púcáin. Ag iascach le druifí is potaí is eangachaí. Ba shin é a gcuid oibre. Bhíodh snámh mór bád a’ainn ag a’ gcéibh anseo fadó. Púcáin a bhíodh againn a’seoladh. Chaith muid anáirde na púcáin agus tá muid goite [gafa] ar na curachaí anois. B’iad na báid ab éasca linn iad.’

Tá stair fhada ag an gcurach, stair na mílte bliain. D’fhéadfá a rá go raibh trí chineál curaí ann go bunúsach in imeacht na haimsire, an churach ársa, an churach canbháis agus an churach adhmaid.

Cabhail slat a bhíodh sa gcurach ársa agus clúdach de sheithí ainmhithe uirthi. Nuair a bhí Domhnall Cam Ó Súilleabháin Bhéara agus a chuid fear ag teicheadh ó thuaidh go Liatroim sa mbliain 1602 tháinig siad go bruach na Sionainne. Ní raibh aon bhealach trasna acu go dtí gur mharaigh siad deich gcinn de chapaill agus go ndearna siad curachaí as na seithí.

Sa mbliain 1936 tháinig Sasanach darbh ainm Hornell go hÉirinn. Fear a bhí ann a raibh suim thar na bearta aige i stair na gcurach. Dúirt seisean go raibh dhá chineál déag curach ag obair ar chósta an Iarthair an uair sin agus iad roinnte ina dhá ghrúpa. Sa gcéad ghrúpa bhí ocht gcinn bunaithe ar phlean a chuir General Sir James Afflick ar fáil i gContae an Chláir sa mbliain 1810.

Chuidigh buíonta den Chabhlach Ríoga, a bhíodh ar dualgas sna Túir Martello, lena bhfeabhsú agus chuidigh an Garda Cósta lena scaipeadh. Faoin mbliain 1837 bhí an churach nua in úsáid ar fud an réimse iomlán ó leithinis an Daingin go Baile an Chaisil i gContae Mhaigh Eo.

Is fiú a lua gur tháinig saor nó saortha bád as Contae an Chláir go dtí an Cheathrú Rua agus go dtí an Cloigeann leis an gceird a mhúineadh.

Curachaí canbháis a bhí iontu sin. Thart ar 1900 a rinne Beairtle Ó Clochartaigh an churach adhmaid.

Céard a thug air í a dhéanamh? Tá scéalta éagsúla sa mbéaloideas faoi sin. Chuala Mícheál Ó Clochartaigh gurbh amhlaidh a bhí a shin-seanathair ag dul isteach go Cloch na Rón lá i gcurach canbháis. Cuireadh poll go timpisteach ar an gcanbhás. “Ní tharlóidh sé sin aríst,” a dúirt sé leis féin. “Déanfaidh mise curach nach mbeidh sé éasca poll a chur uirthi.”

Déarfadh daoine eile gur bád freastail a chonaic sé sa gCloigeann a spreag é.

Is féidir a rá go cinnte dearfa gur laoch áitiúil a bhí in Beairtle Ó Clochartaigh a chuir athrú ar shaol na ndaoine. Mura raibh aon churach adhmaid in áit ar bith eile d’fhéadfaí a rá gur laoch náisiúnta a bhí ann.

Fágfaidh mé freagra na ceiste sin ag léitheoirí an ailt seo.

Fág freagra ar 'Cé a rinne an chéad churach adhmaid i gConamara?'