An cumas atá san Uachtarán nua a bheidh againn smacht a choinneáil ar liathróid an tsacair is bonn le haiste na seachtaine seo. Chuile sheans go bhfuil an físeán feicthe ag an gcuid is mó agaibh. Catherine Connolly i gclós scoile agus í ag cur iontais ar a raibh ina timpeall á ciceáil agus á coinneáil den talamh. Tá a cuid scileanna cispheile agus camógaíochta léirithe ar an scáileán freisin aici.
Díomách a bhí bean na Gaillimhe nuair nach ndearna sí ach dosaen nó mar sin de na ‘keepie-uppies’. Ba mhinic léi 100 a dhéanamh, a dúirt sí.
Creidim í. Tá mé ag breathnú uirthi ag dul timpeall na cathrach i nGaillimh ar a rothar leis na blianta. Ag snámh a chuaigh sí Satharn na seachtaine seo caite sular tosaíodh ag comhaireamh na vótaí agus sa mullach air sin imríonn sí badmantan.
Is nós le daoine i saol an lae inniu ‘traenálaí pearsanta’ a bheith acu lena gcoinneáil córach. Sin post amháin ar aon nós nach mbeidh á fhógairt ag Áras an Uachtaráin go ceann seacht mbliana.
Ós rud é nach fada ó labhair mé ar an leathanach seo faoin dúil atá ag Micheál D. Ó hUigínn sa spórt, d’fhág seo ar fad fiosrach mé faoin gceangal imeartha, go háirithe, a bhí ag an ochtar uachtarán eile a bhí ar an tír seo ó aimsir an Chraoibhín anall.
Ar ndóigh níl sé ach cúpla seachtain ó thagair mé don drochbhail a cuireadh air siúd i 1938 nuair a cealaíodh a phátrúnacht ar Chumann Lúthchleas Gael siocair gur fhreastail sé mar Uachtarán ar chluiche sacair.
Ba sa mbliain 1860 a saolaíodh an tUachtarán ba thúisce ar an tír agus ós rud go mba bheag eagar a bhí ar na spórtanna éagsúla nuair a bhí seisean i mbláth na hóige, thuigfeá nach mbeadh an imirt ar cheann de na cleachtais a mbeadh sé luaite leo.
Fearacht de hÍde, is beag atá feicthe agam a thabharfadh le fios go raibh mórán plé le spórt ag na huachtaráin Seán T. Ó Ceallaigh (1945-1959), Erskine Childers (1974-1976) ná ag Cearbhall Ó Dálaigh (1974-1976) le haon chineál imeartha agus iad ina bhfir óga. Imirt an ghailf an t-aon rud a luaitear le Pádraig Ó hIrighile (1976-1990).
Ní iontas sin nuair a chuireann tú san áireamh gur i bhfoisceacht cúpla coisméig den chúrsa i Rinn na Spáinneach a saolaíodh é. Bhí sé ina chaptaen ansiúd agus freisin ar chúrsa cáiliúil Leacht Uí Chonchubhair in aice láimhe.
Píosa a scríobh an staraí spóirt cáiliúil Séamus J. King ba mhó a chuir iontas orm agus mé ag déanamh ruainne léitheoireachta faoin ábhar seo ar fad. Chaith Séamus cuid mhaith dá shaol ag teagasc i gColáiste Charn Tobair in aice le Caiseal Mumhan, áit ar chaith an tríú hUachtarán a bhí againn bliain nó dhó i mbun na ceirde céanna ag fíorthús an chéid seo caite.
Ní haon scéal rúin é gur thaithnigh an rugbaí le de Valera. Go deimhin dúirt sé tráth go mba dhóigh leis go mba chluiche a bhí ann a raibh intinn an Éireannaigh feilteach dó. Go fiú gur dhúirt sé dá mbeadh an rugbaí á imirt go forleathan ar fud na tíre seo go mbeadh foireann againn a gheobhadh an ceann ab fhearr ar aon fhoireann a chuirfeadh Sasana, An Bhreatain Bheag agus an Fhrainc amach eatarthu.
Rud nach raibh ar eolas agam go bhfaca mé ráite ag Séamus King é gur imir an té a bhí mar Uachtarán ar Éirinn idir 1959 agus 1973 ar fhoireann de chuid Choláiste Charn Tobair i 1904 a chuaigh chomh fada le Cluiche Ceannais na Mumhan, áit ar bhuaigh Garraí Eoin orthu. Bhí idir oidí agus mhic léinn ar an bhfoireann agus ba é De Valera a gcaptaen.
Ní hamháin sin ach tá sé maíte ag King go ndeachaigh Dev gar go maith d’áit ar fhoireann na hÉireann. As a chuid éachtaí le Carn Tobair roghnaíodh é ar cheann de na foirne a d’imir a chéile i gcluiche dúshláin as ar roghnaíodh foireann na Mumhan an bhliain sin.
Mar lánchúlaí a d’imir sé sa gcluiche trialach sin i leaba sa líne trícheathrúnach, áit a mbíodh sé ar fhoireann na scoile. Liathróid a tháinig anuas as ard na spéire agus a chinn ar De Valera a cheansú ba shiocair lena fhágáil ar lár nuair a ainmníodh foireann an chúige, a deir Mac an Rí. Chaith an té a piocadh ina áit blianta ag imirt d’Éirinn ina dhiaidh sin.
Cluiche an haca ab fhearr le Máire Mhic Róibín (1990-1997). Ba air sin ba mhó a bhí tóir i Meánscoil Mount Anville agus lean sí leis i gColáiste na Tríonóide.
An chamógaíocht a chleacht Máire Mhic Giolla Íosa (1997-2011) agus í ag éirí aníos. D’imir sise an cluiche sin ar scoil agus do Chumann Kickham in Ard Eoin i mBéal Feirste freisin.
Peileadóir cumasach ar ndóigh ab ea a fear céile Máirtín a bhí ina chaptaen ar fhoireann mhionúir Ard Mhacha agus a bhí ar fhoireann Choláiste na Ríona nuair a bhuaigh siad Corn Mhic Shigiúir i 1971.
Cluichí teasaí go leor a bhíonn sna cinn eadar-ollscoileanna sin agus bhí an bhean a bhí le bheith ina hUachtarán (1997-2011) ar an taobhlíne nuair a fuair an fear a bhí sí lena phósadh buille gránna amuigh ar an bpáirc i gceann de na coimhlintí. Amach léi de léim agus scáth fearthainne i chaon láimh aici agus iad ag casadh mar a bheadh lián eitleáin.
Cuireadh foighid inti agus ar an mbus abhaile bronnadh an gradam ‘Laoch na hImeartha’ uirthi!
An chéad toghchán a bhuaigh siad ariamh, seans!
Pádraig
Míníonn sé sin an cumas a bhí ann ina dhiaidh sin, is dócha, ciceáil go dtí an taobhlíne!
Agus ‘an bhuatais a chur isteach’ nuair ba ghá!!