An fear a thug aghaidh ar Dhúchrónach armáilte agus a dhá lámh féin chomh fada lena chéile

Ní inniu ná inné a thug muintir an Chaisleáin Riabhaigh faoina n-ómós a thaispeáint dóibh siúd a raibh meas acu orthu.

An fear a thug aghaidh ar Dhúchrónach armáilte agus a dhá lámh féin chomh fada lena chéile

Bhí na tinte cnámh lasta agus na bratacha in airde timpeall an Chaisleáin Riabhaigh in iarthar Ros Comáin tráthnóna Dé Luain seo caite – pobal an bhaile agus an cheantair sin ag fáiltiú abhaile roimh bheirt de mhuintir Uí Ruairc, Aoife agus Lisa a bhí ag filleadh abhaile ó Chraobhacha Dornálaíochta an Domhain i Learpholl.  

Bhí gach a raibh i láthair ag cur fad as a gcuid muiníl ag iarraidh aon dé amháin a fheiceáil ar an muince luachmhar a bhí á chaitheamh ag Aoife, bonn óir a bhuaigh sí ag na craobhacha sin.  

Trí bliana ó shin sheasadar mórán sna spotaí céanna ar an gcúis chéanna. Ba í Lisa an uair sin a raibh an tseoid ar taispeáint aici – bonn óir a thug sise léi as Craobhacha 2022 a bhí ar bun in Istanbul na Tuirce. Scór bliain d’aois a bhí sí ag an am, tá cúig bliana ag a deirfiúr uirthi. 

Ní foláir ach go gcaitheann muintir an Chaisleáin Riabhaigh athnuachan a dhéanamh go minic ar an soláthar bratach atá acu. Sa mullach ar na cinn atá luaite agam, tá leathdhosaen de bhoinn óir agus péire airgid tugtha leo ag na girseacha ó chomórtais de chuid na hEorpa.  

Ní mba inniu ná inné a thug pobal na háite sin faoina n-ómós a thaispeáint dóibh siúd a raibh meas acu orthu. Ar cholbha an bhaile atá Teach Chluain Mhalais, teach mór mhuintir Chonchubhair, a raibh duine acu, Dubh Chabhlaigh, pósta ag Brian Bóramha agus go mba dá treibh iad Ríthe Chonnacht ón 9ú céad. Ba dá gcuid an bheirt Ardríthe deireanacha a bhí ar Éirinn, Toirdhealbhach Mór Ua Conchubhair (1106-1156) agus a mhac Ruaidhrí (1158-1196). 

Bheadh iontas orm freisin murar lasadh tinte cnámh ar an 26 Meitheamh 1938 nuair a deineadh Dubhghlas de hÍde a insealbhú mar Uachtarán ar Éirinn. Ar an gCaisleán Riabhach a saolaíodh é siúd in 1860 ach ba i nDún Gar in aice láimhe a tógadh é. Gael go smior ab ea de hÍde ar ndóigh – aon fhocal amháin Béarla féin níor labhraíodh ag a insealbhú. Ba mhór an náire an chaoi ar chaith Cumann Lúthchleas Gael leis agus gan é ach cúpla mí in oifig. Faoin am sin bhí beagnach dhá scór bliain caite aige ina phatrún ar an eagraíocht, ach ag tús mhí na Nollag 1938 cealaíodh a phátrúnacht agus a bhallraíocht siocair go ndearna sé freastal ar chluiche sacair idir Éirinn agus an Pholainn ar Pháirc Chnocán Uí Dhálaigh. 

Bhí Taoiseach na linne (Éamon de Valera) é féin i láthair, ach ní mba bhall de CLG eisean. Ag cruinnithe Coistí Contae ar fud Éireann cuireadh moltaí chun cinn ag éileamh go dtabharfaí bóthar don Uachtarán agus ba í an chluas bhodhar a fuair an fíorbheagán ball a mheas go mba mar chúirtéis dá thír agus don Pholainn a d’fhreastail sé ar an gcluiche sacair. 

Bhí tinte cnámh an Chaisleáin Riabhaigh múchta go maith faoin tráth ar frítheadh deis lasracha a chur fúthu arís, fear eile de chuid an bhaile a bheith ceaptha ina Uachtarán a bhí i gceist i 1946 – aisteach go leor eisean tofa mar cheann ar an eagraíocht a thug bata agus bóthar don Chraoibhín Aoibhinn. 

Dan O’Rourke ab ainm dó, sin-seanathair Aoife agus Lisa a bhí faoi urraim tráthnóna Dé Luain seo caite. 

Den mhianach céanna ab ea Dan agus iad siúd ar fad atá luaite sa tréimhse sin de stair na hÉireann lenar bhain sé. Múinteoir, feirmeoir, Óglach, Oifigeach, Teachta Dála, Seanadóir, peileadóir, bainisteoir, tírghráthóir a raibh tionchar millteach aige ar an gceantar as ar sníodh é. Ina chás siúd, An Caisleán Riabhach agus Ros Comáin. 

Trasna na teorann i ngar do Chluainín Uí Ruairsc i gcontae Liatroma a saolaíodh Dan O’Rourke agus tar éis dó cáiliú mar mhúinteoir bunscoile i 1908 thug sé trí bliana ag teagasc ar an bPointe i gcontae an Dúin. 

Fuair sé post ansin ar an Tearmann i bhfoisceacht 5km den Chaisleán Riabhach. Ba ansin a d’fhan sé go ndeachaigh sé ar a phinsean i 1955. 

Bheadh amhras ort faoi bhunús cuid de na scéalta atá sa seanchas áitiúil faoi éachtaí leithéid Uí Ruairc ach léiríonn an ceann seo, atá fíor, cuid mhaith faoina mhianach.  

Lá dá raibh, tháinig buíon de na Dúchrónaigh chun na scoile ar a thóir. Fad agus a d’fhan an chuid eile acu sa leoraí, chuaigh a gceannasaí isteach sa seomra ranga ar thóir Dan. Níorbh é a gcineáltas ba mhó a bhí luaite leis na Dúchrónaigh céanna, ach b’fhéidir gur socraíodh go ndéanfadh sé sin ina aonar sa gcaoi nach scanrófaí na páistí. Mheasadar freisin is dóigh, gur ar éigean a bheadh an máistir scoile armáilte ach an oiread agus é i mbun a chuid oibre. 

Ní raibh mar a tharla. 

Fós níor sáinníodh Dan a bhain an gunna den Tan agus a rith amach cúldoras na scoile go dtáinig sé ar chaladh sábháilte sa gceantar máguaird a raibh na seacht n-aithne aige air. 

Ba é Dan O’Rourke a bhunaigh an chéad chumann peile ar an Tearmann (Naomh Caoimhín, an Caisleán Riabhach atá inniu orthu), d’imir sé dóibh agus do Ros Comáin agus ba é a thraenáil na foirne a thug Corn Mhig Uidhir chuig an gcontae sin i 1943 agus 1944, rud nach raibh déanta roimhe sin acu agus nach ndearna siad ó shin. 

Comrádaí mór de chuid Thomáis Ághas ab ea é. Ba é a bhás siúd ar stailc ocrais i 1917 a thug ar an Ruairceach dul isteach i ngluaiseacht na Poblachta. Toghadh é ina chomhairleoir contae ag Sinn Féin i Ros Comáin agus ansin mar Theachta Dála dá gcuid i ndeisceart an chontae i 1921. Ghlac sé ballraíocht i bhFianna Fáil nuair a bunaíodh an Páirtí sin i 1926. Faoi dhó a bhuaigh sé suíochán dóibh siúd. 

Toghadh mar Uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael é i 1946 agus ba é a bhí sa bpost an bhliain dár gcionn nuair a imríodh Cluiche Ceannais Peile na hÉireann i Nua-Eabhrac. 

Dá mbeadh a fhios ag céilí comhraic Aoife agus Lisa O’ Rourke gur thug a sin-seanathair aghaidh ar Dhúchrónach armáilte agus a dhá lámh féin chomh fada lena chéile, ní móide go bhfágfadh siad a stól beag ná mór nuair a bhuailtear an clog le tús a chur leis na babhtaí troda! 

Is treise dúchas ná oiliúint, a deir siad.

Fág freagra ar 'An fear a thug aghaidh ar Dhúchrónach armáilte agus a dhá lámh féin chomh fada lena chéile'