Cé a bhuafaidh cluiche ceannais na hÉireann agus cén fáth? Cheistíomar na saineolaithe…

Agus cluiche ceannais peile na hÉireann á imirt amárach, labhair Tuairisc.ie le hiarimreoirí as Maigh Eo, Baile Átha Cliath agus Gaillimh - Maurice Sheridan, David Henry agus Seán Óg de Paor, chun a gcuid tuairimí a fháil faoin gcluiche mór

Maurice Sheridan, Seán Óg de Paor agus David Henry. Pictiúir: INPHO

An bhfeicfidh muid aon chleas eile ó Stephen Rochford ó thaobh na dteaicticí?

Maurice Sheridan: Ní dóigh liom go bhfeicfidh muid tada nua uaidh. Níl a fhios agam fiú ar oibrigh an cleas le Aidan O’Shea mar lánchúlaí amach rómhaith in aghaidh Chiarraí ar aon nós, sa chéad chluiche go háirithe. Is imreoir den scoth é Aidan agus ba cheart go mbeadh sé níos faide suas an pháirc.

Seán Óg de Paor: Seans an-bheag go dtarlóidh sé, ach b’fhéidir go dtógfadh sé duine de na himreoirí móra atá aige amach i lár an chluiche agus go dtabharfadh sé isteach arís é don 20 nóiméad deireanach, mar a tharla le Peter Canavan. Má thugann tú isteach Stephen Coen nó David Drake, ní bhuafaidh siad an cluiche duit. Ach má bhíonn siadsan ag imirt i lár an chluiche, agus leithéidí Andy Moran nó Paddy Durcan le teacht isteach, d’fhéadfadh sé sin difear a dhéanamh. B’fhéidir go mbeadh sé sin beagáinín craiceáilte, ach cá bhfios!

David Henry: Ní dóigh liom é. Tá na ceisteanna céanna ann faoi Mhaigh Eo agus a bhí le linn an fheachtais uile: cá n-imreofar Aidan O’Shea mar shampla? Is dócha go mbeidh sé ag imirt sa líne leaththosach. Níl Rochford chun é a chur sa líne lánchúil agus i lár na páirce nó mar leath-thosach a bheidh sé mar sin an t-aon áit gur féidir leis imirt anois. Tá na lántosaithe ag imirt chomh maith sin nár cheart é a chur isteach ansin. Thóg Rochford seans ollmhór leis an gcúl báire anuraidh agus níl sé chun tada mar sin a dhéanamh anois.

Céard a dhéanfaidh Jim Gavin le Diarmuid Connolly?

Maurice Sheridan: Is imreoir den scoth é, duine de na cinn is fearr sa tír. Dá mba rud é go raibh mise i mo bhainisteoir ar Bhaile Átha Cliath, bheadh sé ag tosú amárach gan dabht. Nuair a bhreathnaíonn tú air, seans gurb é an fear is fearr é le cur ar Lee Keegan, mar atá tarlaithe le cúpla bliain. Tá mise 100% cinnte go dtosóidh sé.

Seán Óg de Paor: Is dóigh liom go bhfágfainn ar an mbinse é. Tá imreoirí eile ar nós Paul Flynn agus Niall Scully a rinne go maith an lá cheana agus b’fhéidir dá bhfágfá ar an mbinse é, go mbeadh díocas damanta air nuair a thiocfadh sé isteach. Chonaic muid sa chluiche ceannais iomána, le Niall Burke agus Jason Flynn, bhí an díocas sin orthu nuair a cuireadh isteach iad agus bhí an-tionchar acu ar an toradh.

David Henry: Tá sé fíor-fíordheacair a rá. Ní scaoiltear aon rún as campa Bhaile Átha Cliath na laethanta seo. Seans nach dtosóidh sé. An meon atá ag Jim Gavin ná go bpiocfaidh sé na himreoirí atá ag imirt go maith. É sin ráite, tá na himreoirí a tháinig isteach, Con O’Callaghan, atá ag imirt go hiontach, agus Niall Scully an-óg. Is ócáid mhór é seo dóibh. Más rud é nach n-imríonn siad go maith, tá Connolly in ann teacht isteach, go luath nó sa dara leath. Tabharfaidh sé ardú mór don slua chomh maith nuair a thiocfaidh sé isteach.

Andy Moran (Maigh Eo) agus Michael Fitzsimons. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Céard iad na coimhlintí is tábhachtaí a bheidh ann?

Maurice Sheridan: Imreoir é Cian O’Sullivan nach ndéantar an oiread sin cainte a thuilleadh faoi ná faoin tábhacht a bhaineann leis ó thaobh na cosanta do Bhaile Átha Cliath de. Sílim go bhfuil sé ríthábhachtach do Mhaigh Eo go gcuirfeadh siad fear á mharcáil. Ba mhaith liom Aidan O’Shea a fheiceáil air agus féachaint cén chaoi a n-éireodh leis déileáil leis sin.

Seán Óg de Paor: Cibé duine a bheidh ag marcáil Andy Moran. Fitzsimons nó Cooper, is dóigh liom. Ní bhfaighidh Moran an spás céanna agus ní bheidh an tionchar céanna aige agus a bhí aige go dtí seo. Má choinníonn siad Andy Moran ciúin, is dóigh liom go mbeidh siad leath bealaigh ann.

David Henry: Andy Moran agus Mick Fitzsimons, a dhéanfaidh é. Tá Andy ag imirt thar barr i mbliana ach fuair sé go leor spáis in aghaidh Chiarraí agus ní dóigh liom go mbeidh an spás sin amárach aige. Aidan O’Shea agus Cian O’Sullivan chomh maith, b’fhéidir. An bhfanfaidh Cian O’Sullivan mar leathchúlaí láir le O’Shea nó an rachaidh sé siar? Ach is í an cheist ansin ná cé a bheidh ar O’Shea?

An féidir le Maigh Eo taispeántas níos fearr a thabhairt in aghaidh Bhaile Átha Cliath ná mar a thug siad anuraidh?

Maurice Sheridan: Níl mé cinnte an raibh Maigh Eo i mbarr a maitheasa anuraidh agus mar sin féin ní raibh ach pointe amháin eatarthu. D’imir siad go maith sa dá chluiche agus mí-ádh ceart orthu leis na cúil sa chéad chluiche. Tá siad ag imirt níos fearr fós i mbliana agus tá níos mó á fháil acu ó leithéidí Colm Boyle agus Jason Doherty, atá ag imirt ar fheabhas i measc na dtosaithe. Caithfidh siad a bheith i mbarr a maitheasa ar fad má tá siad chun an cluiche a bhuachan ach tá siad in ann é sin a dhéanamh.

Seán Óg de Paor: Tá chuile imreoir ag imirt níos fearr do Mhaigh Eo i mbliana, seachas Lee Keegan. Anois, d’fhéadfá é sin a rá faoi Bhaile Átha Cliath chomh maith, is dóigh. Tá a fhios agam go bhfuil an cluiche athraithe ó thaobh aclaíochta agus teaicticí ach is dóigh liom go mbíonn na ‘blue chip forwards’ fós ag teastáil agus tá níos mó acu sin ag Baile Átha Cliath. Tá Andy Moran ag imirt an-mhaith do Mhaigh Eo agus is ceannaire é Cillian O’Connor. Ach caithfidh tú súil a choinneáil ar sheachtar, ochtar, naonúr d’fhoireann Bhaile Átha Cliath.

David Henry: Anuraidh, dá gcuirfeá an cheist chéanna orm, déarfainn go raibh deis iontach ag Maigh Eo mar gheall ar an dá chluiche sin. Ach bliain eile atá ann agus is léir go bhfuil Baile Átha Cliath ag imirt níos fearr i mbliana ná a bhí siad anuraidh. Tá an mothú ann ó thaobh Mhaigh Eo gurb í seo an bhliain dóibh ach bheadh amhras orm féin faoi sin. Sílim go bhfuil na fadhbanna céanna acu. Níl aon dabht ach gur foireann den scoth iad ach fós b’fhéidir go bhfuil gá acu le tosach maith nó dhó eile chun Craobh na hÉireann a bhuachan.

Cé a thabharfaidh leo Corn Mhig Uidhir Dé Domhnaigh?

Maurice Sheridan: Braitheann go leor ar Andy Moran agus na tosaithe uile. Sílim go gcaithfidh muid 18 pointe a scóráil chun Baile Átha Cliath a chloí. Deir mo chroí Maigh Eo is dócha agus mharófaí mé dá ndéarfainn tada eile!

Seán Óg de Paor: Is dóigh liom go mbuafaidh Baile Átha Cliath. Cuirfidh Maigh Eo tástáil chrua orthu cinnte. Tá an cheist ann, céard a tharlóidh má bhíonn Maigh Eo i bhfoisceacht pointe nó dhó agus deich nóiméad le dul, rud nach bhfuil tarlaithe i mbliana do Bhaile Átha Cliath. Tá an díocas dochreidte sin ag Baile Átha Cliath chun an tríú ceann as a chéile a bhaint, ach ní bheidh mórán eatarthu.

David Henry: Ní chuirfeadh aon rud iontas orm ach má dhíríonn tú ar céard atá feicthe agat go dtí seo, tá Baile Átha Cliath ar leibhéal eile. Bhí deacrachtaí ag Maigh Eo an ceann is fearr a fháil ar Dhoire agus ar Chorcaigh. Samhlaigh Baile Átha Cliath ag imirt na bhfoirne sin? Tá Baile Átha Cliath rómhaith, róthapa agus ró-aclaí agus sílim go mbeidh an tríú ceann as a chéile acu Dé Domhnaigh.

Fág freagra ar 'Cé a bhuafaidh cluiche ceannais na hÉireann agus cén fáth? Cheistíomar na saineolaithe…'