Cathaoirleach agus comhaltaí nua le ceapadh ar Bhòrd na Gàidhlig in Albain

Tá Mairi McInnes ina cathaoirleach ar an eagraíocht náisiúnta teanga ó bhí 2019 ann

Cathaoirleach agus comhaltaí nua le ceapadh ar Bhòrd na Gàidhlig in Albain

Tá cathaoirleach nua le ceapadh ar Bhòrd na Gàidhlig, macasamhail Fhoras na Gaeilge in Albain, chomh maith le triúr comhaltaí boird nua. Is í Mairi McInnes atá ina cathaoirleach ar an mBord ó bhí 2019 ann.

Is é an cathaoirleach an “t-abhcóide is sinsearaí” ar an mbord agus déanfaidh an té a cheapfar ionadaíocht ar an mBord ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta agus beidh sé freagrach as na dualgais reachtúla atá ar Bhòrd na Gàidhlig a chomhlíonadh.

Cuirfidh an cathaoirleach nua “tacaíocht agus treoir shinsearach” ar fáil don Cheannard (príomhfheidhmeananch) agus cothóidh sé “caidrimh láidre oibre” le heagraíochtaí Gàidhlig, pobal na Gàidhlig, agus le “réimse leathan eagraíochtaí eile” le plean náisiúnta an Bhòird a chur i bhfeidhm.

Deirtear ar an bhfógra don phost go mbeidh ar an gcathaoirleach nua a bheith ag obair as lámha a chéile le hairí Rialtas na hAlban agus a bheith in ann comhairle a chur ar an rialtas maidir le polasaithe i leith na Gàidhlig. Achtaíodh Acht na dTeangacha Albanacha níos luaithe i mbliana, reachtaíocht teanga trína bhféachfar le bonn níos láidre a chur faoin teanga ar fud na hAlban.

Ní mór don té a cheapfar a bheith líofa sa Ghàidhlig agsu sa Bhéarla agus in ann an dá theanga a léamh agus a scríobh. Táthar sa tóir ar dhuine atá in ann “athrú a chur i bhfeidhm ag leibhéal ceannasaíochta” agus a bhfuil tuiscint aige ar “an gcomhthéacs leathan straitéise”.

Íocfar £14,196.96 (€16,425.88) leis an gcathaoirleach agus ní íocfar aon phinsean leis. Caithfidh an cathaoirleach ceithre lá sa mí, nó 48 lá sa bhliain, a chur ar leataobh d’obair Bhòrd na Gàidhlig. Íocfar liúntas “réasúnta” taistil agus cóiríochta chomh maith le costais cúram leanaí agus cúramóra nuair a bhraithfidh an Bòrd gur gá a leithéid a íoc.

Is iondúil gur ar líne a thagann baill Bhòrd na Gàidhlig le chéile do na cruinnithe sa lá atá inniu ann ach bíonn corrchruinniú duine ar dhuine acu freisin.

Maidir leis na baill bhoird atá le ceapadh, tá folúntas ann do thriúr. Tá seachtar ar an mbord faoi láthair, an cathaoirleach reatha Mairi McInnes san áireamh. Is é an ról atá ag baill an bhoird ná an Ghàidhlig a chur chun cinn, a bheith ag obair le grúpaí Gàidhlig agus comhlachtaí poiblí le “deiseanan nua a aimsiú” leis an teanga a chur i lár an aonaigh in Albain. Beidh lámh acu i stiúradh “threo straitéiseach an Bhoird” agus i socrú na spriocanna agus cuspóirí atá ag an eagraíocht. Gheobhaidh na baill bhoird £7,123.32 (€8,245.10) sa bhliain agus beidh orthu trí lá sa mhí a chur isteach ar an gcúram.

Táthar sa tóir an babhta seo ar dhaoine a bhfuil tuiscint agus taithí acu ar “bhainistiú rioscaí, bainistiú airgeadais, agus ar chuntasaíocht” chomh maith le heolas ar “na príomhdhúshláin agus deiseanna atá roimh na pobail thraidisiúnta Ghàidhlig” in Albain. Bheadh taithí san earnáil oideachais nó in earnáil na meán cumarsáide ina cúnamh don té a chuirfeadh isteach ar an ról freisin, a deirtear.

Fág freagra ar 'Cathaoirleach agus comhaltaí nua le ceapadh ar Bhòrd na Gàidhlig in Albain'