Cathair mar a tuairisc í Luimneach agus ceachtanna eile ón deireadh seachtaine

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chuid de na scéalta móra ó chluichí móra craoibhe agus Gaeltachta an deireadh seachtaine

Cathair mar a tuairisc í Luimneach agus ceachtanna eile ón deireadh seachtaine

Má tá aon duine fágtha a chreideann nach cathair mar a tuairisc foireann óg seo Luimnigh, caithfidh siad fanacht seachtain eile, ar a laghad. Bhí imreoirí John Kiely ar fheabhas le linn na sraithe. Thug siad céim mhór chun tosaigh i bPáirc na nGael inné agus Tiobraid Árann sáraithe acu sa chraobh.

Ní hamháin gur bhuaigh Luimneach an cluiche, ach bhí siad chomh fada sin chun tosaigh ar na Tiobraid Árannaigh go mba cheart go mbeadh sé buaite i bhfad níos boige acu.

Bhí líne leathchúil Luimnigh ar fheabhas ar feadh an tráthnóna agus má leanann siad orthu ag coinneáil na  liathróide amach óna gcúl féin, tá na tosaithe acu chun scrios a dhéanamh. Ba é an fear ionaid Barry Murphy a fuair cúl na cinniúna agus ní hé an t-aon imreoir cumasach amháin a fágadh ar an taobhlíne, mar a raibh imreoirí shárfhoireann na bPiarsach ag fanacht ar a ndeis chomh maith.

Tá meascán maith d’fhuinneamh, neart agus scil ag Luimneach agus d’fhéadfadh samhradh fada a bheith rompu. Bíodh is go mbíonn pocanna saora á ngéilleadh róbhog acu agus go mbíonn an iomarca seansanna maithe á gcur amú go fóill acu, is é an rud is mó a thabharfaidh misneach dá lucht leanúna ná go bhfuil siad ag dul go maith agus, ag an am céanna, go bhféadfaidís feabhsú a thuilleadh.

Baol na géarchéime ann i gcónaí i dTiobraid Árann

Más faoi fhoireann ar bith imirt ar bharr a maitheasa, caithfidh siad muinín a bheith acu. Seans gur soiléire sin i gcás iománaithe Thiobraid Árann ná mar atá le haon fhoireann eile in Éirinn.

Nuair atá foireann Michael Ryan faoi lánseol, is iad an fhoireann is fearr sa tír iad ach, nuair nach bhfuil rudaí ag dul go maith dóibh, bíonn an chuma orthu go bhféadfadh drochthoradh amháin iad a shuncáil ar fad.

Bhí Tiobraid Árann go hainnis in aghaidh Luimnigh i gcluiche an lae inné. Níor labhair Michael Ryan leis na meáin i ndiaidh an chluiche agus ní heol dúinn dá réir an bhfuil aon mhíniú eile aige ar a mbris. Le linn chraobh na Mumhan anuraidh bhí ar Thiobraid Árann go leor ama a chaitheamh ag déileáil le cúlchaint agus b’fhearr leo mura dtarlódh sé sin arís.

Tá deis acu rudaí a chur ina gceart Dé Domhnaigh seo chugainn in aghaidh Chorcaí, ach má chailleann siad an cluiche sin, níorbh aon chabhair dóibh tost Ryan.

 

Kieran McGeeney. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bliain eile gan bua ag McGeeney

Don cheathrú bliain as a chéile ó thosaigh Kieran McGeeney mar bhainisteoir ar Ard Mhacha, tá teipthe ar a fhoireann cluiche a bhuachan i gCraobh Peile Uladh. Cúig phointe d’fharasbarr a bhí ag Fear Manach orthu Dé Sathairn seo caite i bPáirc Brewster agus gan aon scór ag Ard Mhacha ón imirt ón seachtú nóiméad déag ar aghaidh.

Chas na foirne ar a chéile sna babhtaí cáilithe anuraidh agus bhí bua naoi bpointe an lá sin ag Ard Mhacha ach scéal eile ar fad is ea craobh an chúige. Ní hé gurb iad na boic mhóra atá á ndíbirt i gcónaí ach an oiread. Chomh maith le Fear Manach, is iad an Dún (2017), an Cabhán (2016) agus Dún na nGall (2015) na foirne eile a fuair an ceann is fearr ar Ard Mhacha i gCraobh Uladh ó chuaigh McGeeney i bhfeighil orthu.

Ní amháin go bhfuil an spreagadh a bhaineann le bua ar a gcomharsana á cheilt orthu ach fágann teip Ard Mhacha i gCraobh Uladh iad i mbaol a ndíbeartha ar fad go luath gach samhradh. Cé gur shroich siad Babhta 4 anuraidh, chlis siad i mBabhta 1 agus i mBabhta 2 in 2016 agus 2015 faoi seach.

 

Idir mhaith agus olc ag foirne Gaeltachta i nGaillimh

Imríodh an chéad bhabhta de Chraobhacha Sinsear agus Idirmheánach Peile na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo agus chruthaigh cuid de na foirne Gaeltachta níos fearr ná a chéile.

I ngrád na sinsear, bhí bua thar a bheith tábhachtach ag an gCeathrú Rua ina gcéad chluiche. Dhá phointe d’fharasbarr a bhí acu ar Sheamróga Chortúin, 2-6 in aghaidh 1-7, sa chluiche a imríodh ar an Fhairche. Ba iad Maitiú Ó Domhnaill agus Ian Seoighe a d’aimsigh na cúil don Cheathrú Rua, scóranna a d’fhág go raibh bearna mhór idir na foirne. Cé go ndearna fir Chortúin teacht aniar i dtreo dheireadh an chluiche, tháinig An Cheathrú Rua slán.

Sa chraobh Idirmheánach, ba iad An Spidéal a thug an chreach leo i gcath na gcomharsan le Micheál Breathnach, 1-14 i gcoinne 0-11. Is beag a bhí idir na foirne sa chéad leath agus iad cothrom, 1-5 in aghaidh 0-8 ag leatham, ach ba iad an Spidéal ba láidre sa dara leath agus scrios déanta ag Pádraig Eoin Ó Curraoin agus na deartháireacha Uí Laoi, Antaine, Finian agus Cormac.

Aon phointe amháin a bhí idir na foirne sa dá chluiche a imríodh sa chraobh Idirmheánach ar an Spidéal inné. Fuair Oileáin Árann an ceann is fearr ar Áth Cinn agus chaill Carna-Caiseal i gcoinne Naomh Gabriel.

Bhí Oileáin Árann dhá phointe chun deiridh ag leath-am i gcoinne Áth Cinn ach rinneadar teacht aniar a bhuíochas do scóranna ó Eoghan Póil agus Tyler Ó Flatharta. Ba é Máirtín Ó Goill a d’aimsigh cúilín an bhua d’Oileáin Árann agus an t-am beagnach caite.

Tá Carna-Caiseal sa ghrúpa céanna le hOileáin Árann agus tá obair le déanamh acu anois le teacht slán as. Bhí siad ceithre phointe chun cinn in aghaidh Naomh Gabriel ag leath-am, 0-9 i gcoinne 0-5, ach chlis orthu sa dara leath nuair a cuireadh Micheál Ó Flatharta den pháirc. Níor aimsigh Carna-Caiseal ach aon phointe amháin sa dara leath sin agus thug Naomh Gabriel an lá leo

0-11 in aghaidh 0-6.

Fág freagra ar 'Cathair mar a tuairisc í Luimneach agus ceachtanna eile ón deireadh seachtaine'