Cathair Bologna – cathair na dTúr agus na nEaglaisí

Tá cáil ar Bologna mar gheall ar a cuid túr ach cathair í atá ar maos sa stair

Cathair Bologna – cathair na dTúr agus na nEaglaisí

Tá cáil ar chathair Bologna mar gheall ar a cuid túr – de réir cuntais amháin bhí os cionn 180 acu ann tráth. Deirtear go bhfuil rian de 40 acu ann i gcónaí agus 11 díobh sin atá feiceálach go maith. Tá péire acu a sheasann amach toisc go bhfuil siad chomh hard sin –tá túr amháin 97 méadar ar airde agus bhí an ceann eile  ard go maith – go dtí gur thosaigh sé ag gabháil ar sceabha beagáinín agus baineadh anuas an chuid ab airde de.

Baile mór rachmasach a bhí in Bologna. Téann cuid de na foirgnimh mhóra mhaorga i lár an bhaile i bhfad siar. Is féidir a bheith cinnte de go raibh daoine go maith as nuair a bhí trádáil an tsíoda ar siúl go tréan, chomh maith le cúrsaí baincéireachta agus gnó an airgeadais. Má bhí an t-am agus an fuinneamh ag na maithe agus na móruaisle a bheith ag tógáil túr leis an gceann is fearr a fháil ar a chéile, bí cinnte de go raibh bonn maith faoin eacnamaíocht áitiúil.

Ach tá fianaise láidir eile ann go raibh daoine go maith as – níl aon teora leis an líon eaglaisí agus baisleac atá tógtha thart ar lár an bhaile. Tá gach aon cheann acu mór agus ardnósach. Is léir nach ar mhaithe le freastal ar an bparóiste áitiúil a tógadh iad ach go rabhthas ag tabhairt le fios go raibh cumhacht ag baint leis an eaglais agus leis na daoine a thacaigh léi.

Tá cáil eile ar chathair Bologna- is ann a cuireadh tús leis an gcéad ollscoil ar domhan san 11ú haois. Ba ghearr go ndeachaigh a cáil amach agus go raibh mic léinn ag tarraingt uirthi ó áiteacha ar fud na hEorpa. Agus tá an scéal amhlaidh sa lá inniu – suas le 90,000 mac léinn a fhreastalaíonn ar an ollscoil ansin agus tagann scoláirí ó thíortha i bhfad i gcéin ag freastal uirthi.

I bhfad siar bhí eolaithe ag obair is ag staidéar ansin. Daoine ar nós Galvani, fear mór na fisice agus Farini, dochtúir agus polaiteoir sa 19ú haois. Sheol an laoch mór cumarsáide Marconi, an chéad teileagraf óna theach saoire taobh amuigh den bhaile. Ar ndóigh bhí baint ag Marconi leis an tír seo freisin.

‘Bíonn ómós ag daoine i gcathracha eile do na laochra a fuair bás ar son na tíre,’ a dúirt ár dtreoraí linn. ‘Ach i gcathair Bologna, tá ómós ar leith againne do na hollúna ollscoile – is leosan na tuamaí is tábhachtaí sa gcathair.’

Sílim féin go bhfuil ómós ar leith acu freisin do na pearsana mór le rá a raibh baint acu leis an Eaglais Chaitliceach. Níl eaglais ná baisleac nach bhfuil ceangal díreach aici le naomh áirithe a mhair anseo.

Tar éis an turais leis an treoraí d’fhill mé ar cheann acu go bhfeicfinn an áit i gceart. Ar nós go leor de na foirgnimh thábhachtacha thart sna bólaí sin, tá stair Bhaisleac San Domenico ag dul i bhfad siar. Coisriceadh an eaglais seo in 1251. Rinneadh roinnt athchóirithe agus athnuachana ar an bhfoirgneamh thar na blianta agus tá sí athraithe ó bhonn ó shin.

Ba é Naomh Domenico, a bhfuil a chuid taisí curtha anseo, a chuir tús le hOrd na nDoiminiceánach agus a thosaigh ag scaipeadh scéal na tsoiscéil ina dhiaidh sin ar fud na hEorpa agus an domhain. Chaithfeadh duine iontas a dhéanamh den bhaisleac féin atá chomh mór sin go bhfuil os cionn 20 séipéal beag ar chaon taobh de chorp na heaglaise. Bhí Doiminic é féin ar son na mbocht, a deirtear, agus is deacair é a shamhlú ag seanmóireacht taobh istigh den eaglais atá tiomnaithe dó.

Bhí taisí Naomh Caitríona i séipéil eile gar don láthair, ach bhí mo dhóthain taisí feicthe agam do lá amháin. Ag siúl abhaile dúinn thar phlásóg dheas phoiblí, chonaiceamar fógra do phictiúrlann. Shiúlamar isteach sa pháirc agus chualamar glórtha páistí agus fuaimeanna spleodracha spraoi.

‘Sin cuid den Fhéile Chathrach atá ar siúl sa pháirc eile,’ a dúirt an leathbhádóir.  ‘Ná bac leis.’ Bhí níos mó spéise aige-san sa phictiúrlann.

Ach sháigh mé mo shrón isteach ag an bhféile agus shiúil mé timpeall go bhfaca mé bean a bhí ag dáileadh na ndeochanna.  Chuir sí fáilte romhainn. Laura an t-ainm a bhí uirthi.

‘Mainistir Chaipisíneach a bhí ar an láthair seo,” a deir Laura linn. ‘Reáchtálann muid cóisir mar seo uair sa tseachtain i rith mhí Mheán Fómhair,’ a dúirt sí. ‘Iarracht atá ann rud éicint deas a eagrú don pharóiste agus do na paróistí eile mórthimpeall.’ Bhí slua beag ann agus iad ag baint an-sásamh as na sólaistí a bhí curtha ar fáil dóibh agus na gasúir ag spraoi amuigh faoi aeir cé go raibh sé deireanach go maith sa tráthnóna.

Thagair mé don dealbh de Phadre Pio a chonaic mé gar do Bhalla na Cathrach. Caithfidh sé go bhfuil an-ómós do na Caipisínigh anseo? a d’fhiafraigh mé di.

Chroith sí a cloigeann go brónach. ‘Is gearr go mbeidh an mhainistir seo díolta agus beidh na manaigh dheireanacha imithe amach as an áit,’ dúirt sí.

‘Is maith linne féilte agus cóisirí mar seo a eagrú toisc go dtugann siad daoine le chéile agus bíonn píosa spraoi acu lena gcomharsana agus lena bpobal féin. Agus maidir leis an aimsir – tá an aeráid ag athrú agus níor chóir go mbeimis amuigh faoin aer agus éadaí éadroma orainn san oíche – ach táimid an-sásta a bheith anseo agus ár gcuid a dhéanamh don phobal.’

‘Ach faoi cheann dhá bhliain, nuair a bheas an mhainistir dúnta, deirtear gur áitreabh do scoláirí agus mic léinn a bheas anseo. Fiú amháin, más mic léinn sagartóireachta a bheas iontu, ní bheidh an pobal in ann úsáid a bhaint as an spás seo. NÍ bheimid in ann ócáid mar seo a chur ar fáil don phobal,’ a dúirt sí.

Bhraitheamar an brón a bhain leis an scéal sin agus muid ag imeacht. Tháinig lead óg amach chun an póstaer don scannán a athrú. Ba léir anois go raibh an phictiúrlann ina chuid den choimpléasc freisin. ‘Assassino in Venezia’ an t-ainm a bhí ar an bpóstaer agus pictiúr Kenneth Branagh, fear Bhéal Feirste ina lár. Rinneamar iarracht a chur in iúl dhó go raibh aithne againn ar chuid de na haisteoirí ach ní raibh aon mhaith ann – ba léir nach mórán scannán ná tada eile a bheas ar siúl anseo nuair a imeoidh na manaigh.

Fág freagra ar 'Cathair Bologna – cathair na dTúr agus na nEaglaisí'