Tá eolaithe i Meiriceá den bharúil go bhfuil dul chun cinn déanta acu maidir le teacht ar chóras nua eolaíochta a chuirfeadh ‘dath na gréine’ ar dhuine gan dul faoin ngrian ar chor ar bith.
Cuirfidh daoine nach maith leo go mbíonn dath ‘ró-gheal’ orthu fáilte mhór roimh thorthaí an taighde nua seo, ach is tábhachtaí fós an buntáiste a bhaineann le dul i ngleic le hailse craicinn.
Cuirfidh an taighde nua – má thugtar chun foirfeachta é – deireadh leis an tionscal atá bunaithe ar dhrugaí mídhleathacha don donnú bréige a dhíol ar an idirlíon. Ach tá cuid mhaith oibre le déanamh fós sula mbeidh an táirge nua ar an margadh agus níl cruthaithe ag na heolaithe go dtí seo ach go n-oibríonn sé i gcás na luchóg.
Cúrsaí leighis seachas cúrsaí faisin nó áilleachta atá mar spreagadh ag an lucht taighde a bhfuil a gcuid torthaí foilsithe acu san eagrán is deireanaí den iris eolaíochta Cell Reports i Meiriceá.
Is cosúil go bhfuil méadú suntasach ar líon na gcásanna d’ailse chraicinn ar fud an domhain le blianta anuas agus is measa ar fad an scéal i measc daoine a bhfuil dath an-gheal orthu; bíonn baol níos mó go bhfaighidís sin an ailse chontúirteach seo ná mar atá i gcás an duine a bhfuil dath donn nó ‘dath na gréine’ orthu. Meastar go bhfaighidh suas le 10,000 dune bás i mbliana ar fud an domhain de thoradh na hailse craicinn.
Dá mbeadh rath ar an taighde nua ba mhór an cúnamh é le dul i ngleic leis an ngalar marfach seo. Ach bheadh buntáiste agus brabach mór i gceist freisin i gcás thionscal an fhaisin agus na háilleachta.
Uachtar nua atá forbartha ag na heolaithe, tar éis 11 bliain taighde, a oibríonn ar na cealla agus é cruthaithe acu go gcuireann sé ‘dath na gréine’ ar luchóga beaga a bhfuil dath rua ar a gcuid fionnaidh. Maireann ‘dath na gréine’ ar na luchóga ar feadh roinnt laethanta agus ansin filleann an dath nádúrtha orthu nuair a stoptar ag úsáid an uachtair.
An rud is suntasaí faoin dul chun cinn seo ná gur cruthaíodh nach bhfuil iarmhairt ná droch-thionchar ar bith ag an uachtar áirithe seo ar bheatha nó ar shláinte na luchóg.
Dá bhféadfaí an taighde seo a aistriú anois go dtí an duine, bheadh dul chun cinn an-mhór déanta. Ach creideann na heolaithe atá faoi stiúir an Ollaimh David Fisher as Scoil Leighis Harvard go mbeidh blianta i gceist leis an gcéim seo den eolaíocht ó tharla gur próiseas mall é aitheantas agus ceadúnas a fháil ó na húdaráis sláinte le táirge nua leighis a thabhairt i láthair an phobail.
Ceann amháin de na deacrachtaí praiticiúla a bheidh le sárú acu ná go bhfuil craiceann an duine i bhfad níos tibhe ná craiceann luchóige agus beidh tástáil ollmhór le déanamh leis an fhoirmle cheart a aimsiú dá bharr.
Ar ndóigh, tá cuid mhaith táirgí ‘eolaíochta’ ar fáil go mídhleathach ar an idirlíon a mhaítear a chuirfidh dath na gréine ar dhuine, ach tá rabhadh láidir tugtha ag na húdaráis sláinte nár cheart dul in aice leo ar chúis ar bith.
Thug mé faoi deara suíomh gréasáin amháin sa Bhreatain an tseachtain seo ag tairiscint cuid de na táirgí seo ar £23.50 – buidéal beag10mg den táirge a bhí i gceist, máilín d’uisce steiriúil, 11 snáthaid agus 11 ceirtín tais alcóil. Ar eagla go mbeadh aon duine ag smaoineamh ar an ábhar sin a ordú is ceart a rá arís nach bhfuil aon tástáil eolaíochta déanta air agus nach bhfuil ceadúnas tugtha dá úsáid ag aon údarás sláinte in aon áit ar domhan.
Thug an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte, atá freagrach as ceadúnais a thabhairt do tháirgí leighis anseo in Éirinn, le fios le gairid go bhfuil na céadta de na táirgí mídhleathacha seo gafa acu le roinnt blianta anuas.
Dúirt Cumann Ailse na hÉireann gur “sheer madness” atá i gceist i gcás aon duine a thabharfadh instealladh donnaithe dóibh féin leis na táirgí mídhleathacha seo.
Ach má éiríonn leis an mbuíon taighdeoirí as Meiriceá a bhfuil foghlamtha acu ó na luchóga a chur in oiriúint don duine, d’fhéadfadh cúis cheiliúrtha a bheith ag dhá ghrúpa – iadsan atá páirteach sa chogadh in aghaidh na hailse craicinn agus lucht thionscal an fhaisin agus na háilleachta.
Fág freagra ar 'Cath eile sa chogadh in aghaidh na hailse craicinn – ‘dath na gréine’ gan dul faoin ngrian ar chor ar bith'