Cásanna in aghaidh iarsheanadóir agus sagart Gaeltachta le héisteacht i nGaeilge

Cuireadh roinnt cásanna ar athló go minic i gCúirt Dúiche an Fháil Charraigh toisc go rabhthas ag iarraidh go n-éistfí i nGaeilge iad

Cásanna in aghaidh iarsheanadóir agus sagart Gaeltachta le héisteacht i nGaeilge

Tá dáta le socrú do chásanna cúirte éagsúla a bhaineann le seanadóir agus sagart Gaeltachta.

Tá ordú tugtha ag an mBreitheamh Paul Kelly go socrófaí dáta speisialta le cásanna éagsúla a éisteacht i nGaeilge. Baineann ceann de na cásanna le hiarsheanadóir atá á chúiseamh i mbualadh agus teitheadh agus baineann ceann eile le sagart atá á chúiseamh i dtiomáint faoi thionchar óil.

Tá an dá chás ar roinnt cásanna atá curtha ar athló go minic i gCúirt Dúiche an Fháil Charraigh, a bhíonn ag suí i Leitir Ceanainn, toisc go rabhthas ag iarraidh go n-éistfí i nGaeilge iad.

Rinne an dlíodóir Seán Cannon iarratas go n-éistfí na cásanna i nGaeilge agus tá socruithe á ndéanamh faoi láthair chun na cásanna a éisteacht.

Dúirt an Breitheamh Paul Kelly go raibh na cásanna, cúig cinn ar fad, á gcur ar athló aige go dtí an 5 Samhain nuair a thabharfaí dáta na cúirte. Dúirt an Breitheamh go gcaithfí dul ar aghaidh leis na cásanna mar go raibh siad “thart le fada fada”.

Dúirt an Cigire Garda Séamus McGonigle gur thuig sé sin agus gur ghlac sé leis gur thóg sé go leor ama socruithe a dhéanamh leis an cásanna seo a éisteacht.

Baineann cás amháin leis an iarsheanadóir Brian Ó Domhnaill as  Cill Ulta, An Fál Carrach, a bhfuil roinnt cúiseanna ina choinne, tiomáint faoi thionchar óil agus bualadh agus teitheadh dhá cheann acu.

Líomhnaítear gur tharla na coireanna sin ag Tullygay taobh amuigh de Leitir Ceanainn an 2  Meán Fómhair 2013.

Tá ceann eile de na cásanna á thabhairt i gcoinne an Athar Denis Quinn,Teach an Pharóiste, An Fál Carrach, cás a bhaineann le tiomáint faoi thionchar óil ar an bPríomhshráid i Leitir Ceanainn an 29 Márta 2014.

Fág freagra ar 'Cásanna in aghaidh iarsheanadóir agus sagart Gaeltachta le héisteacht i nGaeilge'