Cás na Gaeilge sa Chabhán pléite ag comhairleoirí contae

An Cabhán an contae is laige ó thaobh an ghaeloideachais agus líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge

Cás na Gaeilge sa Chabhán pléite ag comhairleoirí contae

Áine Smith

Glacadh d’aon ghuth le dhá mholadh faoi chur chun cinn na Gaeilge ag cruinniú de Chomhairle Contae an Chabháin le déanaí.

An Comhairleoir de chuid Fhianna Fáil Áine Smith a mhol an chéad rún a d’éiligh go bpléifí an gá le hoifigeach Gaeilge a cheapadh sa chomhairle.

“Tá athbheochan á déanamh ar an nGaeilge faoi láthair agus caithfear gníomh a dhéanamh chun í a chosaint do na glúnta atá le teacht,” arsa Áine Smith.

Dúirt sí gurb é an cuspóir a bhí ag an Rialtas ná go mbeadh 250,000 cainteoir líofa Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa stát faoi 2030 ach go raibh an spriocdháta sin ag teannadh linn agus gan “faic againn dá bharr”.

“Is minic nach mbíonn aon rogha ag cainteoirí Gaeilge ach cúl a thabhairt don Ghaeilge agus Béarla a labhairt. Caithfear comhionannas teanga a bhaint amach ach níl aon oifigeach Gaeilge i gComhairle Contae an Chabháin.

“Teastaíonn duine éigin uainn chun treoir a thabhairt do ghrúpaí ar fud an chontae agus iad a thabhairt le chéile agus ba mhaith liomsa ar aon chuma go labhrófaí níos mó Gaeilge anseo sa seomra seo. Rud í an Ghaeilge ar linn féin í.”

De réir na hanailíse a rinne Tuairisc ar an daonáireamh is déanaí, An Cabhán an contae ba mheasa ó thaobh an líon den phobal a bhí ina gcainteoirí laethúla. Níor thug ach 479 den 81,704 duine a bhí ina gcónaí sa chontae le fios gur labhair siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais. B’ionann sin agus 0.6% díobh. Ní dúirt ach 6.5% de dhaonra an Chabháin go raibh Gaeilge an-mhaith acu, an céatadán is ísle sa stát.

Gaelscoil amháin atá sa chontae agus ní raibh ach 102 den 9,690 dalta bunscoile sa chontae ag freastal ar an scoil sin, 1.1% de dhaltaí bunscoile an Chabháin. Níl gaelcholáiste ar bith sa Chabhán, ná iarbhunscoil le haonad Gaeilge, rud a fhágann nach raibh aon dalta in ann oideachas dara leibhéal trí mheán na Gaeilge a fháil sa chontae.

Léirigh taighde eile a rinne Tuairisc gurb é contae an Chabháin an contae ina bhfuil an céatadán is ísle de dhaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge.

An comhairleoir de chuid Shinn Féin, Paddy McDonald, a chuir an rún eile faoin nGaeilge faoi bhráid na comhairle, rún a d’éiligh go gcinnteofaí go mbeadh clár níos iomláine sa chontae do Sheachtain na Gaeilge an bhliain seo chugainn.

“Tá ról lárnach ag an údarás áitiúil á heagrú seo agus tá sé in am anois do Chomhairle Contae an Chabháin an fód a sheasamh,” arsa McDonald.

“Tuigtear dom nár éirigh leis na hiarrachtaí a rinne Conradh na Gaeilge teagmháil a dhéanamh leis an gcomhairle seo. Má táimid dáiríre faoinár dteanga, ba chóir dúinn oifigeach Gaeilge a cheapadh.”

Dúirt John Paul Feeley (FF) ó Fhine Gael gur chóir do Chomhairle Contae an Chabháin straitéis a fhorbairt don Ghaeilge.

Dúirt Lynda McGavigan, feidhmeannach sinsearach sa chomhairle, nach rófhada a bhí an folúntas d’oifigeach Gaeilge gan líonadh agus go raibh tús curtha le próiseas earcaíochta. Dúirt sí gur eagraigh seirbhísí leabharlainne an chontae roinnt imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge i mbliana agus go raibh Pop-up Gaeltacht ar siúl i mbaile an Chabháin.

Fág freagra ar 'Cás na Gaeilge sa Chabhán pléite ag comhairleoirí contae'

  • Eoghan Ó Néill

    Bíodh go raibh gaelig ag mo sheanseana-mháthar níor labhair sí í le mo shean-mháthair (saolaíodh 1883) arb as Bawnboy in Iarthair Cabháin dí. B’shin an dearcadh gurb fhearr scaradh leis an dúchas agus teanga na máistrí a chleachtadh feasta. Ach tig linn í a labhairt arís….

  • Pól Ó Codlata

    Eoghan Ó’Néill Chomh maith le sin, bhí Gaeltacht an-bheag sa sráidbhaile Gleann Ghabhaile, agus deirtear gur mhair sé go dtí deireadh na Fichidí, nó tús na Troichidí:

    https://www.glangevlin.com/2021/05/13/last-gaeltacht-in-cavan-the-irish-college-glangevlin/

  • WTF

    Sea go deimhin, beatha teanga í a labhairt.