Agus na focail seo á léamh agat, beidh an carnabhal tar éis tosú sa Bhrasaíl. De réir mar a bheidh Máirt Inide ag druidim, dúnfaidh an gnáthshaol síos: tabharfaidh an dream a bhfuil dúil acu sa ragairne aghaidh ar lár na gcathracha agus tabharfaidh an dream a bhfuil an ghráin shíoraí acu ar an ragairne céanna aghaidh ar an trá – nó ar an tolg.
Agus na siopaí dúnta, ní bheidh rogha ag an dream deireanach sin ach féachaint ar an mbeochlúdach a dhéanfaidh meáin na tíre ar an gcéad dream. As seo go ceann seachtaine, ní bheidh le feiceáil ar scáileáin na dteilifíseán, na ríomhairí agus na nguthán póca sa Bhrasaíl ach sruth seasta nuachta faoin dílseacht a bhíonn ag muintir Rio de Janeiro dá scoileanna samba agus faoin bhfeisteas a bheidh á chaitheamh ag an réalta ceoil Ivete Sangalo nuair a bheidh lucht na scléipe á spreagadh aici ar shráideanna Salvador. D’fhéadfadh buama an Teach Bán a shéideadh san aer agus ní chloisfeá faoi.
Tá cónaí orm sa Bhrasaíl le naoi mbliana anuas anois. Blianta eile, aimsir an charnabhail, chuireadh neamhshuim iomlán na meán i nuacht ar bith nach mbainfeadh leis an bhféile isteach orm go mór. Ach i mbliana, tá mé ag súil leis an sos.
B’fhearr liom míle uair féachaint ar thuairisc i ndiaidh tuairisce nach mbíonn le feiceáil iontu ach ceoltóirí carnabhail ag déanamh comhghairdis lena chéile, ná ar thuairisc i ndiaidh tuairisce faoi ionsaí éigin sa tSualainn nár tharla.
Ní shin amháin. Is fíor go mbíonn blas an náisiúnachais ar chlúdach na meán Brasaíleach ar an gcarnabhal ó am go chéile – ‘Níl dream ar bith ar domhan in ann súp a bhaint as an saol mar a bhíonn muidne!’ – ach is deas an rud é cultúr beo an phobail a fheiceáil sna ceannlínte ar feadh seachtaine.
Fág freagra ar 'Carnabhal: sos ón bhfíorshaol, an nuacht san áireamh'