Carna-Caiseal sáraithe ag Naomh Anna i gcluiche dícháilithe sinsir na Gaillimhe

I gCraobh Idirmheánach na Gaillimhe a imreoidh Carna-Caiseal an bhliain seo chugainn agus súil siar ar chluiche ceannais Chraobh Mhionúir Chiarraí Thiar agus cailliúint na nDúnaibh in Ulaidh

Carna-Caiseal sáraithe ag Naomh Anna i gcluiche dícháilithe sinsir na Gaillimhe

PictINPHO/Donall Farmer

Bliain eile sna sinsir ag Naomh Anna

Cath lán-Ghaeltachta a bhí sa chluiche dícháilithe i gCraobh Shinsir na Gaillimhe an Satharn seo caite agus Naomh Anna, Leitir Móir agus Carna-Caiseal ag iarraidh a stádas sa chraobh a choinneáil. Fir Iorras Aithneach, áfach, a bheidh ag imirt sa ghrád Idirmheánach an bhliain seo chugainn tar éis dóibh an dianchoimhlint a chailleadh le dhá phointe, 1-13 in aghaidh 2-8.

Ba iad Carna-Caiseal a bhí i gceannas sa chluiche agus ceathrú huaire fágtha, iad cúl chun cinn a bhuíochas den chic éirice a shlánaigh Seosamh Ó Cathasaigh ag tús an dara leath. Taispeánadh cárta dubh don fhear céanna go luath ina dhiaidh sin, áfach agus d’airigh a fhoireann uathu go mór é as sin go deireadh.

Ba é an tosach óg, Myles Mac Donnacha, laoch Naomh Anna agus a chúl ag cur na foirne ar comhscór agus 12 nóiméad fágtha. Ina dhiaidh sin, d’aimsigh Mac Donnacha, Cormac Ó Conghaile (2) agus Ferdia Breathnach scóranna eile d’fhir Leitir Móir chun bearna ceithre phointe a fhágáil idir na foirne agus iad ag druidim ar an gcríoch.

Cé nach raibh scór ar bith faighte acu le beagnach 25 nóiméad ag an tráth sin, ní raibh Carna-Caiseal cniogtha fós agus nuair a d’aimsigh Seosamh Seoige cúl a thug i bhfoisceacht pointe dá gcéilí comhraic iad agus an t-am beagnach caite, bhí an chosúlacht ar an scéal gur am breise a bheadh ann.

Lena gceart a thabhairt d’fhir na n-oileán, áfach, choinnigh siad an cloigeann agus bhí de stuaim iontu dul suas an pháirc agus scór a aimsiú a chinntigh go mbeadh siad ag imirt sa ghrád sinsir in 2017.

Na Dúnaibh amuigh as feachtas Uladh

Theip ar churaidh shóisir Dhún na nGall, na Dúnaibh, áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an chúige agus an ceann is fearr faighte ag Smaragaidí an Mhullaigh Dhuibh orthu ag an deireadh seachtaine. Seacht bpointe a scar na foirne ag deireadh an chluiche, 0-13 in aghaidh 0-6, agus bua cumasach go maith ag fir Mhuineacháin ar deireadh.

Cé go raibh rudaí cothrom go maith sa dara leath, d’fhág an drochthús a chuir Na Dúnaibh leis an gcluiche go raibh an iomarca le déanamh acu sa dara tréimhse 30 nóiméad.

Bhí Smaragaidí an Mhullaigh Dhuibh 0-4 in aghaidh 0-1 chun cinn taobh istigh de cheithre nóiméad agus cé gur aimsigh Lorcan Connor cúpla pointe do Na Dúnaibh chun iad a thabhairt ar ais sa choimhlint, theip orthu scóráil sa cheathrú uaire dheireanach den chéad leath. Choinnigh seaimpíní Mhuineacháin orthu ag aimsiú pointí le linn an ama sin, rud a d’fhág go raibh Na Dúnaibh sé phointe chun deiridh, 0-9 in aghaidh 0-3, ag leath ama.

Ba é Connor arís a bhí ag iarraidh a fhoireann a spreagadh agus cúpla scór aimsithe aige ag tús an dara leath ach bhí a gcéilí comhairc in ann acu agus níor lig siad dóibh aon teacht aniar a dhéanamh.

Cleas na sinsear déanta ag mionúir an Daingin i gCraobh Chiarraí Thiar

Coicís ó shin, ba iad foireann shinsir an Daingin a bhí ag ceiliúradh a mbua ar An Ghaeltacht i gcluiche ceannais Chiarraí Thiar. Ar an Domhnach, rinne foireann mhionúir an bhaile sin an rud céanna nuair a bhí bua sé phointe, 2-12 in aghaidh 1-9, acu ar a gcomharsana.

Ba iad na cúil a d’aimsigh an Daingean sa chéad leath ba chinniúnaí sa chluiche seo. Ní hamháin gur chruthaigh siad an farasbarr sé phointe don Daingean ag leath ama, 2-6 in aghaidh 0-6, ach tháinig na cúil ag amanna thar a bheith tábhachtach sa choimhlint.

Ba iad an Ghaeltacht ab fhearr a chuir tús leis an gcluiche agus bhí siad 0-4 in aghaidh 0-1 chun cinn agus gan ach sé nóiméad imeartha. Níor thóg sé i bhfad ar an Daingean an bhearna sin a dhúnadh, áfach, nuair a d’aimsigh Tomás Ó Dubháin an chéad chúl sa chluiche sa deichiú nóiméad.

Ansin, agus an Daingean imithe trí phointe chun cinn ag druidim ar leath ama, d’aimsigh Cóilín Ó Muircheartaigh cúl eile dóibh, scór a thug forlámhas iomlán ar an gcluiche dóibh.

Is léir go raibh géilleadh an chúil sin fós ag cur as don Ghaeltacht ag tús an dara leath mar gurbh iad an Daingean, le cóir na gaoithe, a d’aimsigh an chéad chúig phointe sa dara leath lena chinntiú gur leo a bheadh an lá. Cé gur tháinig an Ghaeltacht ar ais beagáinín agus go bhfuair cúl, ní raibh an Daingean riamh i mbaol.

Fág freagra ar 'Carna-Caiseal sáraithe ag Naomh Anna i gcluiche dícháilithe sinsir na Gaillimhe'