Campa dídeanaithe ollmhór á dhéanamh de Gaza

Lean na hIosraelaigh lena bhfeachtas i nGaza beag beann ar na gearáin ón domhan mór

Campa dídeanaithe ollmhór á dhéanamh de Gaza

Ní raibh amhras ar bith ann ag tús na bliana ach go leanfadh na hIosraelaigh lena n-ionsaithe ar Gaza chun an lámh in uachtar a fháil ar Hamas. Cé gur thug cuid mhaith de mhuintir Iosrael tús áite do na gialla bhí éiginnteacht ann faoi dhearcadh rialtas Iosrael, in ainneoin na ráiteas a eisíodh, maidir le tarrtháil na ngiall.

Bhí éiginnteacht ann maidir le cúrsaí ar theorainn na Liobáine chomh maith agus cogadh diúracáin ag tarlú idir Iosrael agus Hezbollah:

  • an seolfadh na hIosraelaigh cogadh dearg i gcoinne Hezbollah agus níos mó ná 60,000 sibhialtach athlonnaithe ó cheantar na teorann?
  • an gcruthódh sé seo cogadh níos leithne sa réigiúin i gcoinne na hIaráine?

Faoi dheireadh na bliana, tugadh freagraí ar na húdair éiginnteachta ba mhó.

Gaza agus na Gialla

Lean na hIosraelaigh lena bhfeachtas i nGaza beag beann ar na gearáin ón domhan mór. Faoi dheireadh mhí na Bealtaine d’iarr an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta go n-eiseofaí barántas gabhála le haghaidh príomh-aire agus aire cosanta na tíre. An mhí chéanna thug an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta breithiúnas gur chóir d’Iosrael stop a chur lena n-ionsaithe.

In ainneoin na bhforbairtí sin, ní raibh tionchar ar bith acu ar an gcaoi ina ndeachaigh na hIosraelaigh i mbun cogaíochta. Fiú nuair a rinne Joe Biden an cinneadh siombalach soláthairtí airm áirithe a chur ar athló, níor athraigh siad a gcur chuige.

Maraíodh na mílte sibhialtach agus scriosadh beagnach gach cineál saoráide bonneagair mar gheall ar an bhfeachtas i gcoinne Hamas.

Faoi dheireadh an tsamhraidh, agus na ceannairí ba thábhachtaí ag Hamas maraithe, chreid fórsaí cosanta Iosrael go raibh Hamas scriosta mar fhórsa míleata comhtháite. Ach ghlac siad leis chomh maith nach mbeadh sé ar a gcumas iad a chur faoi chois go hiomlán agus go mbeadh orthu ruathair a sheoladh arís ar an stráice.

Tá an chuma air go bhfágfar Gaza ina champa dídeanaithe ollmhór, áit ina mbeidh muintir an stráice ag fanacht leis an ruathar is déanaí ó na hIosraelaigh, as seo amach.

Cé go ndearna na mílte sibhialtach Iosraelach agóidí ar son na ngiall agus in ainneoin iarrachtaí na n-idirghabhálaithe, lena n-áirítear na Stáit Aontaithe, an Éigipt agus Catar, níor thángthas ar chomhaontú idir Iosrael agus Hamas chun na gialla a scaoileadh saor.

Tá na páirtithe i mbun cainteanna go fóill, ach is deacair a mheas an dtiocfaidh siad ar chomhaontú nó fiú an ndéanfar measúnú ar líon na ngiall a bheidh fós beo sula dtiocfaidh aon chomhaontú a d’fhéadfadh a bheith ann i bhfeidhm.

Hezbollah

Agus aird an domhain mhóir dírithe ar chúrsaí i nGaza bhí daoine ag rá in ag tús na bliana Iosrael gur chóir dóibh an deis a thapú agus cogadh dearg a sheoladh in aghaidh Hezbollah trasna na teorann sa Liobáin.

Ag an am, dhiúltaigh lucht déanta na gcinntí Iosrael don chathú sin.  Ach faoi thús an fhómhair, agus na socruithe déanta acu éirí as nó leanúint lena n-oibríochtaí i nGaza, chuir siad ní ba mhó béime ar an gcoimhlint le Hezbollah.

Tháinig an crú ar an tairne i mí Mheán Fómhair nuair a d’fhógair comhaireacht Iosrael go raibh sé mar aidhm nua acu leis an gcogadh na daoine a raibh orthu ceantar na teorann a fhágáil, a athlonnú. B’ionann an sprioc sin agus stop iomlán a chur le hionsaithe diúracán Hezbollah.

Le linn na bliana d’éirigh leo roinnt ceannairí Hezbollah a mharú, ach san fhómhar, tar éis dóibh pléascán a chur i nglaoirí na mílte ceannaire, d’éirigh leo roinnt ceannairí eile a mharú agus na mílte a ghortú.

Sheol siad feachtas ionsaithe ón aer agus ag tús mhí Dheireadh Fómhair chuir siad leis an gcogadh i gcoinne Hezbollah nuair a thrasnaigh a gcuid trúpaí teorainn an Liobáine.

Faoi dheireadh na míosa mheas siad go raibh an-damáiste déanta do cheannasaíocht agus d’acmhainní Hezbollah, go háirithe tar éis dóibh an té a bhí ina cheannaire orthu le fada, síc Nasrallah, a mharú.

Nuair a dúirt polaiteoir de chuid Hezbollah gur chóir dóibh dul i dtaithí ar chúrsaí nua, bhí an chuma air go raibh an eagraíocht den tuairim chéanna. I mí na Samhna ghlac Iosrael agus Hezbollah le sos cogaidh ar feadh 60 lá chun comhaontú níos fadtéarmaí a phlé ina dtarraingeodh Hezbollah leo ó thuaidh trasna abhainn Litany agus ina n-éireodh Iosrael as an ionradh ar dheisceart na Liobáine.

Tá an chuma air go mbeidh Hezbollah ag iarraidh a chuid fórsaí a chaomhnú a oiread agus is féidir leo as seo amach agus mar gheall air sin, tá seans réasúnta maith ann go mairfidh an sos cogaidh.

An Iaráin agus cogadh níos leithne

Bhí an baol ann i gcónaí i rith na bliana go leathnódh an choimhlint agus go dtarraingeofaí an Iaráin isteach i gcogadh dearg, go háirithe tar éis d’Iosrael oifigigh shinsearacha Iaránacha a mharú.

I mí Aibreáin, tar éis do na hIosraelaigh ionsaí a dhéanamh ar fhoirgneamh consalach na hIaráine sa tSiria, rinne an Iaráin ionsaí dróin agus diúracáin ach maolaíodh an baol go n-imeodh cúrsaí ó smacht nuair a thug na hIaránaigh fógra faoin ionsaí roimh ré.

I mí Dheireadh Fómhair, tar éis do na hIosraelaigh ceannaire Hezbollah, ceannaire polaitíochta Hamas agus roinnt oifigeach sinsearach Iaránach eile a mharú, sheol na hIaránaigh ionsaí diúracáin ní ba mhó. Toisc nach raibh freagra na n-Iosraelach ar an ionsaí sin ag an leibhéal a rabhthas ag súil leis bhí an chuma air nach n-imeodh cúrsaí ó smacht.

Ach bhí tionchar nach beag eile ag ionsaithe na nIosraelach ar Hezbollah agus ar an Iaráin ar chúrsaí sa Mheánoirthear ar bhealaí nach rabhthas ag súil leis.

Toisc gur lagaíodh Hezbollah agus gur cuireadh isteach ar línte soláthair na hIaráine mar gheall ar fheachtas na nIosraelach, bhí dreamanna ceannairceach sa tSiria ag iarraidh dul ar an ionsaí i gcoinne an rialtais.

Nuair a tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm idir Iosrael agus Hezbollah, tuairiscíodh gur thug an Tuirc, a bhí ag tabhairt tacaíochta go díreach nó go hindíreach do roinnt grúpaí ceannairceach, cead a gcinn don ghrúpa ceannairceach HTS, chun feachtas teoranta a sheoladh. Ní raibh aon duine ag súil go gcuirfeadh siad deireadh leis an réimeas laistigh de choicís.

Gan amhras cuireadh fáilte roimh dheireadh rialtas Assad ach cruthóidh sé éiginnteacht eile sa Mheánoirthear amhail mar a bhí ansin ag tús na bliana;

  • an mbeidh na grúpaí ceannairceach éagsúla in ann diúltú don chathú díoltas a bhaint as lucht tacaíochta an tseanréimis?
  • an gcothóidh an Tuirc aighneas idir na grúpaí a fhaigheann tacaíocht uaithi agus na Coirdínigh, grúpa a bhfuil sí ina gcoinne?

Tá an chuma air go bhfuil an Iaráin níos laige ná mar a bhí sí ag tús na bliana toisc go bhfuil Hezbollah dírithe ar chúrsaí sa Liobáin amháin faoi láthair agus toisc go bhfuil sí tar éis a príomh-chomhghuaillí sa réigiúin, an tSiria, a chailleadh.

I bhfianaise na bhforbairtí seo agus rialtas nua ar na bacáin i Meiriceá, an dtapóidh na hIosraelaigh an deis chun an Iaráin a lagú níos mó?

Fág freagra ar 'Campa dídeanaithe ollmhór á dhéanamh de Gaza'