Camchuairt Ghaeltachta 7Lá tagtha chun críche

Bóithre, cead pleanála, séarachas agus contae a dhéanamh de Chonamara…

Camchuairt Ghaeltachta 7Lá tagtha chun críche

Bhí 7 Lá (TG4, Dé Máirt) ar chamchuairt Ghaeltachta le seachtainí anuas mar chuid dá gclúdach ar na toghcháin áitiúla. Sroicheadh ceann scríbe an tseachtain seo i Seanscoil Sailearna i gCois Fharraige mar a raibh na toghcháin i gConamara idir chamáin ag Máirín Ní Ghadhra. Roimhe seo bhíothas ag craoladh beo ó Dhún Chaoin agus ó Ghaoth Dobhair.

Is ar Chonamara Theas den chuid is mó a dhírigh clár na Máirt agus níor tugadh ach tuairim is deich nóiméad den chlár do thoghcheantar Chonamara Thuaidh. B’ait sin ar shlí ach is dócha go mbaineann sé leis an gceantar ó dheas a bheith níos mó is níos láidre ó thaobh na Gaeilge, rud a mheallfadh lucht féachana níos mó agus a dhéanfadh níos fusa é clár le téagar a dhéanamh. Faoi mar a bhí le tabhairt faoi deara ar uairibh sna cláir roimhe seo bhí an Ghaeilge (ó na hiarrthóirí go háirithe) ina dris chosáin roimh lucht déanta an chláir. Braitheann clár den chineál seo ar gach re sea idir na rannpháirtithe mar aon le hionchur a fháil ó lucht féachana beoga.

Meabhraíodh dúinn i dtosach an chláir go bhfuil cúig shuíochán le líonadh i gConamara Theas agus go bhfuil seisear déag á fhéachaint le chéile. Labhair Sinéad Ní Neachtain agus Cóilín Ó Neachtain go heolgaiseach, pointeáilte faoi na hábhair atá ag dó na geirbe ag an bpobal: bóithre, séarachas, cead pleanála agus tithe sóisialta. “Míorúilt” é cead pleanála a fháil agus tá muintir an toghcheantair “tinn tuirseach de Bhóthar Chois Fharraige”.

Chuireadar in iúl dúinn go mbeidh comhrac an bhradáin ann agus cé gur féidir cúpla suíochán a thuar beidh “sciob sceab” ar na suíocháin dheireanacha agus faoi mar a dúirt Ó Neachtain “ag Dia atá a fhios” cé a gheobhaidh an dá shuíochán dheireanacha.

Bhí trí thuairisc san iomlán againn ó Shane Ó Curraighín mar a chuir sé caint ar na hiarrthóirí faoi na haidhmeanna atá acu; na hábhair chéanna ag teacht chun cinn mar aon le seirbhísí sláinte, cúram leanaí, reiligí, cosáin agus faoi mar a dúirt an t-iarrthóir neamhspleách Criostóir Breathnach, contae a dhéanamh de Chonamara mar nach féidir le Comhairle Contae amháin freastal ar chontae chomh mór leis an nGaillimh.

Bhí ceathrar bailithe isteach sa stiúideo: Kevin O’Hara (Sinn Féin), Tomás Ó Curraoin (Sinn Féin Poblachtach), Dáithí Ó Cualáin (Fianna Fáil) agus Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire (Fine Gael). Ní rabhas iomlán cinnte faoin tslat tomhais a úsáideadh le hiarrthóirí a roghnú, ach gan amhras bhí cumas Gaeilge san áireamh mar aon le tús áite a thabhairt dóibh siúd atá tofa cheana féin.

Bhí an díospóireacht séimh go maith agus b’ábhar díomá dom nár buaileadh aon ord ar inneoin. Is i dtaobh le ceisteanna amháin a bhí an slua agus gan aon deis acu gach re sea a chur sa tsiúl. Thosaigh na hábhair chéanna ag teacht chun cinn arís agus idir na míreanna ar fad is ábhar iontais dom nár tháinig ceist chigilteacht, chonspóideach na hinimirce chun cinn.

Iarracht bhreá ach b’fhearr liomsa níos mó toirmisc.

Fág freagra ar 'Camchuairt Ghaeltachta 7Lá tagtha chun críche'