Caitríona Pháidín ag cur di cois uaighe…auf Deutsch

Beidh sleachta as an leagan nuafhoilsithe Gearmáinise de mhórshaothar Mháirtín Uí Chadhain á léamh ag aisteoir i reilig i Stuttgart ag deireadh na míosa seo

Caitríona Pháidín ag cur di cois uaighe…auf Deutsch

Beidh Cré na Cille á léamh os ard, amuigh faoin aer, i reilig sa Ghearmáin ag deireadh na míosa seo, agus is i nGearmáinis a chloisfear rachtanna Chaitríona Pháidín.

Beidh aisteoir ag léamh sleachta as Grabgeflüster, an leagan nua-aistrithe de mhórshaothar Mháirtín Uí Chadhain, i reilig Hoppenlaufriedhof i Stuttgart na Gearmáine ar an 28 Iúil.

Foilsíodh an leagan Gearmáinise den leabhar le deireanas agus tá ag éirí go maith leis an úrscéal Gaeltachta sa Ghearmáin ó shin. Scríobhadh dea-léirmheas faoin leabhar ar cheann de phríomhnuachtáin na tíre, FAZ, an tseachtain seo caite agus tá Cló Iar-Chonnacht, a bhfuil cearta an leabhair acu, sásta leis an gcaoi a bhfuil ag éirí leis thall.

Is í an t-aistritheoir Gabriele Haefs, aistritheoir as Wachtendonk, a chuir Gearmáinis ar an úrscéal mór le rá. Dúirt sí go bhfuil Gaeilge an Chadhnaigh thar cionn uilig, agus lán canúnachais as “duibheagán Chonamara”. D’fhág an Ghaeilge shaibhir, chasta sin obair dheacair ar an aistritheoir, a dúirt sí, ach tá taithí ag muintir na Gearmáine ar an gcanúnachas ina dtír féin. Chaith Haefs bliain i mbun aistriúcháin.

“Sárphíosa litríochta nua-aoisí” agus “úrscéal iontach, ceanndána” a dúradh sa léirmheas faoin leabhar, atá le foilsiú i 20 teanga as seo go ceann deich mbliana

Tá sé i gceist ag Cló Iar-Chonnacht go mbeadh an t-úrscéal Cré na Cille ar fáil in os cionn scór teanga faoin mbliain 2025. Chomh maith leis an leagan Gearmáinise, tá leaganacha Ollainnise, le Alex Hijmans, agus Seicise, le Radvan Markus, beartaithe don bhliain seo chugainn.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie in 2015, nuair a fógraíodh plean uaillmhianach an chomhlachta, dúirt an foilsitheoir Mícheál Ó Conghaile go bhfuil an leabhar á chur ar fáil sna teangacha sin mar go bhfuil Cló Iar-Chonnacht ag iarraidh litríocht na Gaeilge a chur chun cinn agus a thaispeáint go bhfuil “níos mó againn in Éirinn ná saothar Yeats, Joyce agus Beckett”.

Foilsíodh dhá leagan Béarla de shaothar Uí Chadhain in 2015, leagan le Alan Titley The Dirty Dust agus leagan le Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson The Graveyard Clay.

Fág freagra ar 'Caitríona Pháidín ag cur di cois uaighe…auf Deutsch'

  • Éadóchasach

    Maith sibh, a Chló Iar-Chonnacht. Is cuid de litríocht an domhain í litríocht na Gaolainne. Is cuí agus is cóir, mar san, go mbeadh deis ag léitheoirí na cruinne eolas a chur ar mhórshaothair litríocht na Gaolainne ina dteanga fhéin gan é a bheith riachtanach acu dul i muinín an Bhéarla. Ach cad fé léitheoirí na Gaolainne a chuireann spéis i litríocht an domhain?

    An bhfuil aon seans go gcuirfeadh sibh tús le sraith d’aistriúcháin go Gaolainn, sraith a bheadh cosúil le scéim aistriúcháin an Ghúim ach a thabharfadh tús aite do mhórshaothair litríochta nach i mBéarla a scríobhadh iad? Smaoinídh air: Mórshaothair na Gaolainne le léamh i dteangacha na cruinne agus mórshaothair na cruinne le léamh i nGaolainn, nach uasal an smaoineamh é sin? D’fhéadfadh sibh an tsraith a chur ar bun i gcomhar le foilsitheoirí eile, agus is léitheoirí na Gaolainne agus an teanga araon a bheadh thuas léi.