Caitlín Ní Chualáin ceaptha ina hEagarthóir Stiúrtha Clár ag Raidió na Gaeltachta

Craoltóir agus amhránaí aitheanta ar an sean-nós í Caitlín Ní Chualáin, a thug léi Corn Uí Riada, príomhghradam an tsean-nóis in Éirinn, in 2016

Caitlín Ní Chualáin ceaptha ina hEagarthóir Stiúrtha Clár ag Raidió na Gaeltachta

Tá Caitlín Ní Chualáin ceaptha ina hEagarthóir Stiúrtha Clár ag Raidió na Gaeltachta.

Tagann Ní Chualáin, arb as an Teach Mór Thiar in Indreabhán i gConamara í, i gcomharbacht ar Sheán Ó hÉanaigh, a chuaigh ar scor le déanaí.

Is amhránaí aitheanta ar an sean-nós í Caitlín Ní Chualáin, a thug léi Corn Uí Riada, príomhghradam an tsean-nóis in Éirinn, in 2016.

Tá os cionn 20 bliain caite ag na gcraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla. I rannóg na nuachta i Raidió na Gaeltachta a bhí Ní Chualáin ag obair go dtí seo den chuid is mó agus í ina léiritheoir ar an chlár Adhmhaidin le tamall.

In 2019, ceapadh Ní Chualáin, iníon leis an amhránaí Máirtín Pheaits Ó Cualáin, ina hamhránaí cónaithe in hOllscoil na hÉireann Gaillimh.

Tá leabhar sa tsraith Dónall Dána aistrithe go Gaeilge aici agus í le cloisteáil i mbun ceoil ar dhlúthdhiosca atá ag dul le leabhair amhrán Gaeilge do pháistí, lena n-áirítear Gugalaí Gug, a d’fhoilsigh Futa Fata.

Dúirt Ní Chualáin gur “cúis mórtais” di a bheith ceaptha ina hEagarthóir Stiúrtha Clár ag RnaG.

“Tá mé ag súil go mór le tabhairt faoin dúshlán nua seo.  Tá foireann cumasach agus díograiseach ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leo le gur féidir cur leis an méid atá bainte amach ag an tseirbhís go dtí seo, agus a bheith dílis freisin don fhís a bhí ag an stáisiún nuair a bunaíodh é i 1972.

“Ar ndóigh, tá comóradh leathchéad bliain ar an tairseach againn an bhliain seo chugainn, agus tá ríméad orm go mbeidh láimh agam sa gceiliúradh sin. Tréaslaím a chuid oibre agus a chuid éachtaí le Seán Ó hÉanaigh a bhí sa bpost seo romham agus guím chuile rath air.”

Dúirt Ceannaire Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha, go raibh “taithí na mblianta”  ag Caitlín Ní Chualáin ag obair leis an tseirbhís agus go raibh “tuiscint faoi leith” aici ar an phobal éisteachta.

 “Tá suim nach beag aici i gcúrsaí cultúir agus ealaíona na Gaeltachta le fada an lá, agus cuirfidh a cuid scileanna agus a taithí go mór le saineolas an choiste bainistíochta anseo.  Guím gach rath uirthi ina ról nua.”

Rachaidh Caitlín Ní Chualáin i mbun oibre mar Eagarthóir Stiúrtha Clár an mhí seo chugainn.

 

Fág freagra ar 'Caitlín Ní Chualáin ceaptha ina hEagarthóir Stiúrtha Clár ag Raidió na Gaeltachta'

  • Dara Ó Baoill

    Hup Baile an Tí Mhóir !
    Comhghairdeas ó chroí leat a Chaitlín!

  • Jackie Mac Donncha

    Go maire tú do nuacht a Chaitlín. Rogha maith.

  • Pól Ó Braoin

    Comhghairdeas mór leat. Nár laga Dia thú.

  • Máirtín Ó Catháin

    Tá áthas orm faoi do cheapachán, a Chaitlín.

    Tá an cosán nua seo sa saol dlite go maith dhuit.
    Go n-éirí leat ar an gcosán seo agus go n-éirí an saol leat sa bpost nua.

    Máirtín Ó Catháin.

  • Dónall

    Shake up mòr ag teastáil i RNAG…tá sè leamh don ghlùin òg..

  • Caitlín nic Annraoí

    Comhghairdeas a Chaitlín agus go n-eirí leat i do phost nua.

    Caitlín nic Annraoí