Caithfear féachaint lá níos faide anonn ar fhéilire nua CLG

Tá sé ionann is cinnte go dtógfaidh sé cúpla bliain chun teacht ar mhúnla agus ar mháistirliosta a shásóidh gach duine

Caithfear féachaint lá níos faide anonn ar fhéilire nua CLG

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Nuair a fógraíodh féilire nua cluichí idirchontae CLG 2018 an fómhar seo caite bhí ré nua ar tí tosnú, ré, a dúirt na húdaráis, a bheadh níos cothroime do chlubanna na tíre, níos fearr dos na himreoirí agus dá lucht leanúna a mbeadh níos mó cluichí acu.

Ar an gcéad léamh bhí sé soiléir sa cháipéis sin nach raibh mórán solúbthachta ann agus nach raibh  an oiread sin slí ann d’athruithe dá dtarlódh aon rud as an gnáth (tréimhse drochaimsire, mar shampla).

Ní raibh an féilire nua seo rófhada ar an bhfód nuair ba ghá cluichí ceannais sna fochomórtais a chur ar cheal de bharr na drochaimsire. Ba é an dála céanna é ag corrchluiche sraithe. Agus ansin tháinig an Torathar Anoir agus Stoirm Emma agus, dar ndóigh, níor imríodh aon chluiche a bhí beartaithe don deireadh seachtaine áirithe sin.

Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, tháinig an sneachta arís agus chuir sé isteach ar an cluichí arís.

Bhí cuid maith ceannteideal binbeach agus feargach ar na páipéir ó shin faoi mháistirliosta nua sin na gcluichí ina raibh mí Aibreáin geallta saor dos na clubanna.

Maidir leis an iomáint bhí cuid mhaith gearán faoi bhabhtaí ceathrú ceannais na sraithe. Ní rabhadar san ag teastáil ó chuid mhaith contaetha agus thug údaráis Pháirc an Chrócaigh le fios nach rabhadar ina bhfabhar ach gurbh amhlaidh gur vótáil an Chomhairle Lárnach chun iad a choimeád . Ba chinneadh  amaideach go leor é sin agus iad ag iarraidh ocht gcluiche sraithe a rith taobh istigh d’achar ama an-teoranta, dúshlán nach beag, go háirithe agus an aimsir chomh guagach sin an t-am sin bliana. 

Is cuimhin liom nuair a bhuail an galar crúibe is béil an tír in 2001 gur cuireadh stop ar fad leis na feachtais sraithe. Imríodh cluichí móra na gclub i lár mhí Aibreáin agus chinn Comhairle Laighean gan dul ar aghaidh leis an ‘round robin’ a bhí beartaithe acu don chraobhchomórtas iomána.

Dar ndóigh ní raibh aon dul as an uair sin ach athruithe gan choinne a dhéanamh .

I mbliana tharla móreachtra amháin drochaimsire agus ceann eile níos lú agus i ndiaidh an dá eachtra sin tá féilire na bliana scriosta. Bhí Aibreán geallta saor do na clubanna , b’in spreagadh tábhachtach dóibh nuair a bhí na comhráite pleanála ar siúl.

Leag cuid mhaith contaetha amach pleananna cuimsitheacha do mhí Aibreáin ach anois tá ar chuid acu na pleananna a athrú nó a chur ar athló.

Is iad na himreoirí club atá ag fulaingt arís gan trácht ar na himreoirí idirchontae ar cuireadh a gcluichí ar athló de bharr na drochaimsire. Léiríonn an méid sin dímheas mór ar na himreoirí céanna.

Cinnte bhí athruithe ag teastáil, go háirithe athruithe a léireodh meas ar na himreoirí club. Tá a fhios agam chomh maith go gcaithfimid seans a thabhairt don fhéilire nua seo, ach tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaí athbhreithniú ar an scéal ag deireadh na bliana agus go mbeadh baint ag na páirtithe leasmhara go léir leis an obair sin. Cinnte, beidh athruithe eile le déanamh ach tar éis bliain amháin den phlean nua beidh eolas againn faoi agus beidh an dara seans againn an córas a dhéanamh níos fearr don chéad séasúr eile. Tá sé ionann is cinnte go dtógfaidh sé cúpla bliain chun teacht ar mhúnla agus ar mháistirliosta a shásóidh gach duine. Sin más féidir é sin a dhéanamh ar chor ar bith.

Fág freagra ar 'Caithfear féachaint lá níos faide anonn ar fhéilire nua CLG'