Caithfear an dlí maidir le ginmhilleadh a athrú bíodh sé in Westminster nó in Stormont

Sárú ar chearta an duine is ea an bac ar ghinmhilleadh ó thuaidh, de réir na hArd-Chúirte i mBéal Feirste

Caithfear an dlí maidir le ginmhilleadh a athrú bíodh sé in Westminster nó in Stormont

Níorbh iontas é rialú na hArd-Chúirte i mBéal Feirste maidin Déardaoin gur shárú ar reachtaíocht chearta an duine é an dlí i leith an ghinmhillte i dTuaisceart Éireann.

Bhí sé soiléir ó nocht an Chúirt Uachtarach i Londain anuraidh an bharúil sin gurb é a bheadh mar threoir ag an Ard-Chúirt.

Tugadh an breithiúnas ar chás a éisteadh sular deineadh cinneadh in Westminster a bhfuil ciallachais thromchúiseacha aige don dlí abhus. Chinn feisirí Parlaiminte in Westminster go rithfear reacht tar éis an 21 Deireadh Fómhair chun ginmhilleadh i dTuaisceart Éireann a dhíchoiriú mura mbíonn Stormont i mbun oibre roimhe sin. I bhfianaise an bheartais sin in Westminster dúirt an Breitheamh, an Bhantiarna Keegan nach ndéanfadh sí ordú ar an toirt i dtaca leis an sárú ar an dlí maidir le cearta an duine abhus.

Bhí lucht frith-ghinmhillte ar a ndícheall le tamall ag áiteamh ar pholaiteoirí filleadh ar Stormont chun an t-athrú ar an dlí faoi ghinmhilleadh a sheachaint. Dúirt Arlene Foster le gairid nach raibh sé curtha as an áireamh ag an DUP go bhféadfaidís stop a chur le beart Westminster. Níor dhúirt sí conas. Tháinig na heaglaisí le chéile mar chuid den bhfeachtas, cuid acu ag tathant ar an DUP glacadh le hAcht Gaeilge ar mhaithe leis an nglas ar Stormont a scaoileadh agus an toirmeasc ar ghinmhilleadh a chaomhnú.

Baineann rialú na hArd-Chúirte an bonn den argóint gur féidir le Stormont stop a chur le gach athrú, is cosúil. Má táthar chun cloí leis an dlí caithfear an neamhréir le cearta an duine a chur ina cheart.

Cuireadh na múrtha fáilte roimh an rialú agus tharraing sé diancháineadh mar is dual don phlé faoi cheist chomh híogair.

Bhain an rialú le ginmhilleadh nó foirceannadh toirchis i gcás ina raibh mínormáltacht mharfach ar an bhféatas. Tá bac ar ghinmhilleadh abhus ach amháin nuair atá beatha na máthar i mbaol nó nuair is contúirt thromchúiseach dá sláinte is ea an toircheas.

Nochtadh sa chúirt gur deineadh 13 ginmhilleadh dleathach i dTuaisceart Éireann anuraidh ach go ndeachaigh 861 bean chun na Breataine le haghaidh ginmhillte. Ní cheadaítear foirceannadh dlíthiúil nuair is é an diagnóis go bhfuil féatas neamh-inhmharthana.

Faoiseamh ollmhór ab ea rialú na hArd-Chúirte do Sarah Ewart, 29 tar éis blianta fada faoi bhrú agus faoi bhuairt. Thosaigh a haistear in 2013 nuair a insíodh di go raibh an leanbh a raibh sí ag súil go mór leis neamh-inmharthana. Dúradh lei go gcaillfí an féatas sa bhroinn nó tráth a bhreithe mar nach raibh blaosc air agus nach raibh a inchinn forbartha. Ina cruachás, chinn sí nach mbeadh sí in ann leanúint leis an toircheas.

B’éigean di a dhul go Sasana nuair a diúltaíodh ginmhilleadh di sa bhaile. Chuaigh a fianaise faoin mbriseadh croí, easpa comhairle agus easnamh iomlán ar eolas faoi conas a d’fhéadfaí scrúdú iarbháis a dhéanamh ar an bhféatas i bhfeidhm ar an gcúirt.

Chinn an Breitheamh, an Bhantiarna Keegan gur sáraíodh cearta daonna Sarah Ewart agus go raibh láncheart aici mar íobartach dúshlán an toirmisc a thabhairt sa chúirt.

Níor ghlac an breitheamh le hargóint an Ard-Aighne, John Larkin go rialódh an chúirt nach íobartach í Sarah Ewart agus dá bhrí sin nach raibh sí i dteideal an t-athbhreithniú ar an dlí a éileamh. Chuir an dlí as di mar go mb’éigean di taisteal thar lear chun ginmhilleadh a fháil faoi choinníollacha ainnise, a dúirt an Breitheamh Keegan.

B’éigean di an chéim sin a ghlacadh nuair nach raibh cóir leighis le fáil ag baile de bharr faitíos roimh ionchúiseamh. Thairis sin, arsa an Breitheamh, d’fhéadfadh an dlí cur as di arís ó tá fianaise ann ó lucht leighis go bhfuil sí i gcontúirt go mbeadh aicíd/mínormáltacht mharfach ar leanbh eile.

Mhaígh lucht feachtais in éadan an ghinmhillte gur thubaiste é rialú na hArd-Chúirte agus gur ghearr go gceadófaí ginmhilleadh ar pháiste faoi mhíchumas. Caithréim ab ea an breithiúnas, ní hamháin do Sarah Ewart agus a muintir, ach do Choimisiún Chearta Daonna Thuaisceart Éireann agus Amnesty a thacaigh léi.

Údar gairdis ab ea é ag lucht feachtais a éilíonn leasuithe ar an dlí chun ginmhilleadh a cheadú i gcás mínormáltacht mharfach féatais, agus nuair is éigniú nó ciorrú coil faoi ndear an toircheas.

Breithiúnas cinniúnach ab ea rialú na hArd-Chúirte.

Éascaíonn sé an bealach d’athrú saoil do mhná abhus.

Fiú dá bhfillfeadh na polaiteoirí ar Stormont chun srian a chur ar na hathruithe a cheadódh Westminster i gceann coicíse ní bheidís in ann neamhshuim a dhéanamh de chinneadh na cúirte.

Fág freagra ar 'Caithfear an dlí maidir le ginmhilleadh a athrú bíodh sé in Westminster nó in Stormont'

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Póilín Ní Chiaráin, ‘Caithfear dlí maidir le ginmhilleadh a athrú bíodh sé in Westminster nó in Stormont’, Dé Domhnaigh, Deireadh Fómhair 6, 2019.

    Luann Póilín Ní Chiaráin ‘cearta an duine’ nó ‘cearta daonna’ leis an nginmhilleadh san alt sin. Tá sciotsóideachas ag baint lena leithéid de chaint. Is dócha nach bhfuil Stát sibhialta ar bith ar domhan nach mbaintear leas ann as an tástáil DNA i gcásanna coiriúla, agus i gcásanna atharthachta. Ní bheadh bail ar bith ar an bhfianaise sin mura mbeadh gur leis an ubhthoirchiú a thosaíonn beo an duine indibhidiúil, mar gur leis an ubhthoirchiú a leagtar amach DNA an duine indibhidiúil. Ciallaíonn glacadh leis an tástáil DNA go gcreideann an Stát nach amháin gur leis an ubhthoirchiú a thosaíonn beo an duine indibhidiúil –– nach amháin gur duine daonna a bhíonn ann ón bpointe sin, ach pearsa dhaonna chomh maith. Má aithníonn Stát ar bith gur pearsa dhaonna is ea neach ar bith, ciallaíonn sé sin go n–aithníonn sé chomh maith go bhfuil cearta daonna ag an neach sin.
    Aithníonn dlí Phoblacht na hÉireann gur pearsa dhaonna is ea an féatas daonna [Acht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí–Eolaíochta agus Córas Bunachair Sonraí DNA), 2014, alt 2. (1) faoin bhfocal ‘corp/body’]. Glacann an tAcht sin leis an tástáil DNA leis. Bhí Reifreann i bPoblacht na hÉireann in 2001 ar phionós an bháis, agus ba é a thoradh gur cuireadh deireadh le pionós an bháis, ar fad ar fad. Is eisceacht is ea an tAcht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018, mar go gceadaítear in alt 12 an féatas daonna, pearsa dhaonna neamhurchóideach, a mharú gan cúis ar bith a thabhairt, sna chéad 12 sheachtain ón chéad lá de na cúrsaí is déanaí ag an mbean [alt 12. (5)]. Is é rud a chiallaíonn ‘féatas’ sa chomhthéacs sin ‘suth nó féatas tar éis an ionchlannaithe’ [alt 2. Mínithe]. Ní thugann Acht 2018 cead ar bith an suth daonna a mharú roimh an ionchlannú. Ceadaítear in ailt 9, 10, agus 11, an féatas a mharú i gcomhthéacsanna eile tar éis an ionchlannaithe. Is é alt 11 an t–alt ina gceadaítear an féatas a mharú mar gheall ar éalang a mheastar a bheith air/uirthi a thabharfaidh a bhás/a bás sula mbeirtear é/í, nó tamaillín ina dhiaidh.
    Ó tugadh tosach feidhme don Acht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018, Eanáir 1, 2019, meastar go bhfuil ginmhilleadh leis na piollairí Mifepristone/Miosoprostol, nó le máinliacht, déanta ar 12,000 leanbh sa bhroinn i bPoblacht na hÉireann.
    Tuairiscíonn Póilín Ní Chiaráin gurbh éigean don bhean a thug an cás cúirte thuaidh na blianta a chaitheamh ‘faoi bhrú agus faoi bhuairt’. Deir Póilín gur ‘caithréim’ ba ea breithiúnas na cúirte. Bhí an eagraíocht Amnesty International ar na dreamanna a bhí ag déanamh gairdis. Eagraíocht iad sin a fuair lab mór airgid ón Open Society ag George Soros d’fhonn eolas éascaithe ginmhillte a thabhairt do na daoine.
    Ollamh le Síciatracht ar Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath is ea Patricia Casey. Thug an tOllamh Casey léacht, Deireadh Fómhair 20, 2017, i mBaile Átha Luain i gCo. na hIarmhí, léacht dar teideal ‘Abortion, mental health and foetal anomaly’, agus tá fáil ar an léacht sin ar láithreán Gréasáin Dheoise Ail Finn, elphindiocese.ie/Marriage, Family and Life/Bioethics and Life Questions. Áitíonn an tOllamh Casey go mbíonn iarmhairtí troma síciatrachta don bhean a thoilíonn le ginmhilleadh a dhéanamh ar leanbh léi a measfaí éalang a bheith air/uirthi a chiorródh ar a shaol/a saol.