Tá ráite ag an Seanadóir Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh gur chóir an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a chaitheamh i dtraipisí agus tosú as an nua ar straitéis nua i bhfianaise na bhfigiúirí is déanaí faoi staid na Gaeilge.
Is iad na mórspriocanna atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain, a seoladh ag deireadh na bliana 2010, go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais ann faoi 2030 agus go dtiocfadh méadú 25% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais le linn na tréimhse céanna.
Ag labhairt dó sa Seanad inniu, dúirt an Seanadóir Ó Céidigh go raibh an straitéis “lochtach ó thús”. Ag tagairt d’fhigiúirí Dhaonáireamh 2016 i leith na Gaeilge, a foilsíodh níos túisce i mbliana, dúirt an Seanadóir neamhspleách go raibh “na fíricí ar fad ag rá go bhfuilimid ag dul an treo eile” maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais.
De réir fhigiúirí sin an Daonáirimh, le linn na tréimhse idir 2011-2016, thit líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht ó 23,175 go dtí 20,586, laghdú 2,589 duine.
Laghdú 11% a bhí i gceist i gceantair Ghaeltachta idir 2011-2016. Lasmuigh den Ghaeltacht, thit líon na gcainteoirí laethúla ó 54,010 in 2011 go dtí 53,217 duine in 2016, glanlaghdú de 793 duine.
Ag tagairt do na figiúirí sin, mhaígh an Seanadóir Ó Céidigh go raibh botún déanta maidir le spriocanna na Straitéise agus go raibh sé in am “tosú arís” agus Straitéis nua a chur le chéile don teanga.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go bhfoilseodh Roinn na Gaeltachta Plean Gníomhaíochta Straitéis 20 Bliain na Gaeilge don tréimhse 2017-2022 roimh dheireadh na bliana, plean a bhí le foilsiú mí Iúil seo caite. Thabharfadh foilsiú an phlean gnímh sin deis do dhaoine athbhreithniú a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain, a dúirt an tAire Stáit McHugh.
Ruairí
Is ar éigean gurb ann don Ghaeltacht i bplean 20 bhliain Uí Chuív Éamonn Ó. Níl rud ar bith níos práinní faoin nGaeilge go náisiúnta ná í a shlánú mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Is beag éifeacht a bhíonn ag na milliúin a caitear ar theagasc na Gaeilge sna scoileanna ar fud na tíre ná na milliúin a caitear ar thionscal na Gaeilge (Foras, Conradh srl.) i mBaile Átha Cliath. Gan Ghaeltacht bheo ní bheidh brí dá laghad le straitéis náisiúnta ar bith faoin nGaeilge. Ba chóir don Seanadóir Ó Céidigh plean don Ghaeltacht a dhréachtú le cur in áit na straitéise 20 bhliain. Mar fhear Gaeltachta tuigeann seisean an tábhacht atá le tacaíocht ceart a thabhairt don phobal seachas an “tokenism” a léiríonn €100,000. Teastaíonn straitéis phraiticiúil a chuirfeadh iachall dlíthiúil ar eagraíochtaí Stáit ar nós Comhairlí Chondae, HSE, Intreo, BSL , Garda Síochána, Roinn Oideachas srlsrl Seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil sna Condaetha Gaeltachta. Mar shampla ba chóir oifig do bheith ag INTREO (roinn leasa shóisalaigh)i gConamara le seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge. Ach thar aon ní eile teastaíonn go mbeadh criú mór láidir lánaimseartha i mbun slánú na teanga sna Gaeltachtaí agus iad ar chonradh ceart fadtéarmach. Gan iarracht eisceachtúil thar an ghnách ní fiú tabhairt faoin taoille achasadh. Teastaíonn comhairleoirí ghnó, saineolaithe de gach saghas, obrithe óige, oideachasóirí srl chun tabhairt faoin dúshlán atá roimh muintir na Gaeltachta gur cás leo an teanga a bheith ag an chéad glún eile. Déan i gceart é agus ná bí ag baint mí-úsáide as oibritheoirí dheonacha mar atá faoi láthair leis an bPleanáil Teanga; mar dhea.