Laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Stát — figiúirí Dhaonáireamh 2016

Titim ar líon na gcainteoirí laethúla agus titim shuntasach ar líon na gcainteoirí sa Ghaeltacht, de réir fhigiúirí Dhaonáireamh 2016 a foilsíodh ar maidin

Laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Stát — figiúirí Dhaonáireamh 2016

Tá laghdú tagtha ar líon na ndaoine a dúirt go raibh labhairt na Gaeilge acu sa Stát de réir na bhfigiúirí ó Dhaonáireamh 2016 a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh ar maidin. Thug 1,761,420 duine le fios sa Daonáireamh go raibh Gaeilge de chineál éigin acu. Is laghdú 0.7% é sin ar an 1,774,437 duine a thug le fios go raibh Gaeilge acu sa Daonáireamh a rinneadh in 2011.

Tá laghdú tagtha chomh maith ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais — slat tomhais níos cruinne ar staid reatha na teanga. 73,803 duine a thug le fios i mí Aibreáin na bliana seo caite go labhraíonn siad an Ghaeilge ar bhonn laethúil lasmuigh den chóras oideachais, laghdú 3,382 duine , nó 4.4%, ar an 77,185 duine a dúirt amhlaidh in 2011.

Tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i ngach aon cheann de na contaetha Gaeltachta ach amháin i gContae Phort Láirge. Thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht ó 23,175 go 20,586, laghdú 11%.

Ba é an t-aon dea-scéal ó thaobh na teanga de i dtorthaí an lae inniu ná líon na ndaoine a thug le fios go labhraíonn siad an Ghaeilge lasmuigh den chóras oideachais ar bhonn seachtainiúil.

Tháinig méadú 831 duine ar líon na ndaoine a labhraíonn go seachtainiúil í, ach tháinig laghdú 26,701 ar líon na ndaoine nach labhraíonn chomh minic sin í.

Thug 111,473 duine eile le fios go labhraíonn siad Gaeilge go seachtainiúil lasmuigh den chóras oideachais agus dúirt 586,535 duine nach labhraíonn siad  ‘chomh minic sin’ í. Dúirt os cionn aon cheathrú, 421,274 duine, acu siúd a bhfuil cumas labhartha Gaeilge acu nach mbíonn an teanga á labhairt acu riamh.

Fág freagra ar 'Laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Stát — figiúirí Dhaonáireamh 2016'