‘Caisleán Luimnigh’ ainm Gaeilge oifigiúil ‘King John’s Castle’

Rinneadh athbhreithniú ar logainmneacha i gcathair agus i gcontae Luimnigh le deireanas

‘Caisleán Luimnigh’ ainm Gaeilge oifigiúil ‘King John’s Castle’

‘Caisleán Luimnigh’ an t-ainm oifigiúil i nGaeilge a bheidh feasta ar an gcaisleán cáiliúil cois Sionainne i gcathair Luimnigh. Críochnaíodh athbhreithniú a bhí ar bun ar logainmneacha i gcathair agus i gcontae Luimnigh le deireanas agus beartaíodh gurb é ‘Caisleán Luimnigh’ an leagan ceart dlisteanach ar an gcaisleán ar a dtugtar ‘King John’s Castle’ i gCathair an Chonartha.

Níor moladh aon athrú ar an leagan Béarla den ainm agus is é a bheidh in úsáid i gcáipéisí Béarla. Úsáidfear na logainmneacha nuadheimhnithe ón athbhreithniú ar léarscáileanna agus ar chomharthaíocht a dhéanfaidh an chomhairle contae agus cathrach nó thar a gceann. Is é ‘Caisleán Luimnigh’ an leagan Gaeilge a thugtar ar ‘King John’s Castle’ ar an suíomh Logainm.ie.

Ghlac Comhairle Contae agus Cathrach Luimnigh seilbh ar an gcaisleán trí bliana ó shin, i mí Aibreáin na bliana 2022. Bhí sé i seilbh Shannon Heritage roimhe sin. Nuair a tugadh ar láimh don chomhairle é, moladh go n-athrófaí an t-ainm go ‘Limerick Castle’, ainm a bhíodh ar an daingean go dtí na 1800idí. Dúirt méara na linne, Daniel Butler go dtacódh sé le hathrú ainm an chaisleáin, ach chothaigh an smaoineamh conspóid bheag i measc mhuintir na cathrach.

Dúirt an staraí Sharon Slater in 2022 gurbh fhearr a d’fheilfeadh an t-ainm Béarla ‘Limerick Castle’ don chaisleán agus gur mhaith léi go dtabharfaí an t-ainm sin arís air i mBéarla.

“Tugadh go leor ainmneacha ar an gcaisleán i gcaitheamh na mblianta. Thugtaí ‘an caisleán’ air i Luimneach féin den chuid ba mhó agus ‘Caisleán Luimnigh’ air taobh amuigh de Luimneach.

“Ó thaobh na turasóireachta de, más King John’s Castle atá air, d’fhéadfadh sé a bheith in áit ar bith. Más Limerick Castle atá air, beidh sé soiléir gur i Luimneach atá sé,” a dúirt sí.

Ba é Eoin, Rí Shasana a d’ordaigh go dtógfaí an caisleán sa 13ú haois leis an gcathair a chosaint ó na teaghlaigh Ghaelacha a bhí ina timpeall. Níor leag an rí féin cos sa gcaisleán riamh.

Rinneadh athchóiriú ar an gcaisleán in 2010 agus caitheadh os cionn €5.7 milliún le feabhas a chur ar na háiseanna do thurasóirí ansin – ionad cuairteoirí, caifé, agus taispeántais nua-aimseartha ar chuid den obair sin.

Fág freagra ar '‘Caisleán Luimnigh’ ainm Gaeilge oifigiúil ‘King John’s Castle’'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Nílim cinnte cad é a deireadh Críostóir Ó Floinn nach maireann! :-)

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Seo smaoineamh: má táthar ag athrú logainmneacha Luimnigh, nach ba chóir ómós a chur ar Chríostóir Ó Floinn mar scríbhneoir agus bóthar ná foirgneamh ná rud éicint a ainmneachadh ina dhiaidh?