CÁIPÉISÍ STÁIT: Droim láimhe tugtha le healaíontóirí Thoraigh

Dúirt Rúnaí Oifig an Uachtaráin le Ó hIrighile go gcuirfí ‘gunna lena cheann’ chun brú a chur air pictiúr a cheannach

An tUachtarán Patrick Hillery. Cuireadh comhairle ar 1984 gan dul ag féachaint ar shaothar ealaíontóirí Thoraí
An tUachtarán Patrick Hillery. Cuireadh comhairle ar i 1984 gan dul ag féachaint ar shaothar ealaíontóirí Thoraí

 

Comhairlíodh don Uachtarán Pádraig Ó hIrighile gan glacadh le cuireadh chun pictiúir de chuid ealaíontóirí as Toraigh a bhreithniú sa bhliain 1984.

Léiríonn cáipéisí ó Oifig an Uachtaráin a scaoileadh saor faoin ‘Riail 30 Bliain’ gur scríobh an grúpa ar a tugadh Cairde Oileán Thoraí chuig an Dr Ó hIrghile ar an 20 Feabhra 1984.

Dúirt Cristina Ní Choisdealbha thar ceann an ghrúpa go raibh roinnt daoine san ardchathair ag tacú le hiarrachtaí mhuintir an oileáin fanacht ann.

Bhí geimhreadh crua i dToraigh an bhliain sin agus dúradh go raibh pobal an oileáin gearrtha amach ón tír mór ar feadh tréimhsí fada.

pdpatsydanlg2
Patsy Dan Mac Ruairí i mbun oibre

Dúirt sí go raibh ealaíontóirí ar nós Patsy Dan Mac Ruairí, Micheál Finbar Mac Ruairí agus Ruairí Mac Ruairí ag troid ar son a gceart trí earraí ealaíona a tháirgeadh.

Bhí taispeántas dá gcuid saothair ar siúl in Amharclann na Péacóige i mBaile Átha Cliath tarmall gairid roimhe sin. Dúradh go mbeadh na healaíontóirí sásta a gcuid pictiúir a thaispeáint don Uachtarán: “Dá mbeadh suim agat féin, a Uachtarán Oiric, breathnú ar na pictiúirí seo atá inár seilbh i láthair na huaire, bheadh muid in ann iad a thabhairt chugat in áit ar bith a d’fheilfeadh duit.”

I nóta lámhscríofa a scríobh Rúnaí Oifig an Uachtaráin, áfach, tugadh rabhadh don Dr Ó hIrighile gan glacadh leis an chuireadh:

“The problem is that they will expect you to purchase something. There can be no other inference from this Irish way of doing things – gun to head!”

Mar fhreagra ar an chuireadh mhol an Rúnaí “that we tell them we are not buying pictures, but that we will tell anybody who is interested in art”.

Mar thoradh air sin, scríobhadh chuig Cairde Oileán Thoraí ag rá gur cúram d’Oifig na nOibreacha Poiblí é pictiúir a cheannach do thithe stáit.

Fág freagra ar 'CÁIPÉISÍ STÁIT: Droim láimhe tugtha le healaíontóirí Thoraigh'