CÁIPÉISÍ STÁIT 1984: Lagú déanta ar Choiste Oireachtais don Ghaeilge roimh a bhunú

Ní raibh Aire na Seirbhíse Poiblí, John Boland, ag iarraidh go mbeadh ‘spriocanna’ ag Comhchoiste Oireachtais

Fine Gael Minister John Boland
John Boland: déanadh lagú suntasach ar théarmaí tagartha Chomhchoiste Oireachtais de bharr achainí ó Aire na Seirbhíse Poiblí i 1984. Pictiúr: Photocall Ireland

Bhunaigh an Rialtas Comhchoiste Oireachtais don Ghaeilge i 1984 ach léiríonn cáipéisí stáit ón bhliain sin gur déanadh lagú suntasach ar a théarmaí tagartha de bharr achainí ón Aire na Seirbhíse Poiblí, John Boland.

Léiríonn comhaid de chuid Roinn an Taoisigh go raibh Aire Gaeltachta an ama sin, Pádraig Ó Tuathail, buartha go gcuirfí ina leith nach raibh an rialtas dáiríre faoi chur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta Ceithre Bliana don Ghaeilge a d’fhoilsigh Bord na Gaeilge an bhliain roimhe sin, i 1983.

Ag comhdháil dhá lá a eagraíodh faoin ábhar, cháin Cathaoirleach an Bhoird, an tOllamh Seán Ó Tuama, cinneadh an Rialtais gan breis foirne a chur ar fáil dóibh chun an Plean a chur i bhfeidhm.

Thapaigh Aire na Gaeltachta an deis, áfach, le fógra a dhéanamh go mbeadh Comhchoiste Oireachtais don Ghaeilge á bhunú aige go luath chun teacht ar bhealaí leis an teanga a chur chun cinn sa Dáil agus sa Seanad.

Ach bhí coimhlint eile ar bun ar chúl téarmaí.

I bhFeabhra, 1984, chuir Aire na Gaeltachta meamram faoi bhráid an rialtais ag moladh go mbunófaí Comhchoiste Oireachais don Ghaeilge.

Bhí a leithéid molta ins an Phlean Ceithre Bliana agus i rúin Seanaid agus Dála. Mheas an tAire Ó Tuathail go mb’fhearr i bhfad don rialtas a leithéid de thionscnamh a bhunú dá stuaim féin.

Mhol an Ceann Comhairle, Tom Fitzpatrick, go mbunófaí coiste neamhfhoirmeálta a bheadh comhdhéanta de Theachtaí Dála, Seanadóirí agus forais lasmuigh den Oireachtas.

Ní raibh Aire na Gaeltachta i bhfách lena leithéid, áfach: “because of the danger that outside interests (e.g. vocal Irish language organisations) might well succeed in using it for their own purposes and to embarrass the Government by advocating unrealistic targets in matters of language policy”.

Mhol sé mar sin go mbunófaí Comhchoiste foirmiúil chun cúrsaí teanga a phlé.

Ag cruinniú rialtais ar an 11 Aibreáin, 1984, glacadh i bprionsabal leis an mholadh Comhchoiste a bhunú ar an choinníoll go socródh Aire na Gaeltachta na téarmaí tagartha ‘i gcomhairle le hAirí cuí’ – sé sin na hAirí Oideachais, Airgeadais, Seirbhíse Poiblí mar aon leis an Cheann Comhairle, an Tánaiste agus an Príomh-Aoire.

Rinne Dréacht-Mheamram a d’ullmhaigh Roinn na Gaeltachta don Rialtas ar an 6 Meitheamh, 1984 cur síos ar na haidhmeanna, an cur chuige agus na téarmaí tagartha a bheadh ag an Chomhchoiste.

Aon chloigeann déag a bheadh ar an Chomhchoiste – seachtar Teachtaí Dála agus ceathrar Seanadóirí. Dhá phríomhsprioc a bheadh aige, is é sin cur le húsáid na Gaeilge ins an dá theach agus “the promotion of the Irish language in general, including progress in the attainment of various targets”.

Chuir an darna sprioc olc ar an Aire na Seirbhíse Poiblí, John Boland. Ní raibh sé ag iarraidh go mbeadh aon tagairt do spriocanna sna téarmaí tagartha:

“The Minister for the Public Service favours confining the terms of reference solely to ‘the promotion of the Irish language”.

Bhraith Aire na Gaeltachta, áfach, gur cheart go mbeadh na téarmaí tagartha ní ba láidre ná sin agus thug sé droim láimhe le moladh an Aire Boland.

Ach scríobh Rúnaí na Roinne Seirbhíse Poiblí chuig Rúnaí an Rialtais ag gearán gur fágadh tuairimí an Aire Boland ar lár sa mheamram deireanach a réitíodh don Rialtas.

Dúradh gur cheart d’Aire na Gaeltachta soiléiriú a thabhairt maidir leis na coda sin den Phlean Ceithre Bliana a bhí le cur i gcrích. Mheas an tAire Boland dá nglacfaí leis an darna sprioc a bhí sa dréacht-mheamram go dtabharfaí le fios don phobal go rabhthas ag tacú leis an Phlean (cé nach raibh sé luaite áit ar bith ins na téarmaí tagartha.)

Thug Rúnaí Príobháideach Aire na Gaeltachta freagra pras ar sin:

“Níl aon tagairt sa mheabhrán ná sa dréacht-tairiscint don Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986 agus, dá réir sin, níl tuairimí a fuarthas – agus a bhain le tagairt mar sin i ndréacht a cuireadh timpeall mí ó shin – sa mheabhrán ach oiread.” (6 Meitheamh, 1984)

D’ainneoin sin bhí an lá leis an Aire Boland. Léiríonn miontuairiscí ón chruinniú comhaireachta ar an 28 Meitheamh, 1984 gur ghlac an rialtas le téarmaí tagartha an Chomhchoiste ar an choinníol go bhfágfaí ar lár na focail “including progress in the attainment of various targets”.

Bhí téarmaí tagartha an chomhchoiste coillte sula ndeachaigh sé i mbun oibre.

 

 

Fág freagra ar 'CÁIPÉISÍ STÁIT 1984: Lagú déanta ar Choiste Oireachtais don Ghaeilge roimh a bhunú'

  • Eoin Ó Brolacháin

    Plus ca change. Iarracht eile de chur i gcéill ag rialtas na hÉireann. D’fhéadfá an bhliain 1984 a mhalartú le 1994 nó 2004 nó 2014