Níor thit caighdeán an uisce in aon cheann den bhreis is 20 trá Ghaeltachta a ndéantar tástáil rialta orthu.
Deirtear sa tuarascáil is déanaí ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA), go bhfuil ‘caighdeán maith’ uisce ag 20 den 21 trá a ndéanann siadsan monatóireacht orthu sa Ghaeltacht.
Ba í Trá na mBan ar an Spidéal i gConamara an t-aon trá Ghaeltachta nár bhain ar a laghad stádas ‘caighdeán maith’ amach sa tuarascáil ar cháilíocht an uisce snámha in Éirinn, Bathing Water Quality in Ireland 2021. ‘Caighdeán sásúil’ a bhí i gceist ar Thrá na mBan, an tríú bliain as a chéile a raibh an caighdeán sin uisce ansin.
Tá séarachas amh á scaoileadh i bhfarraige gar do Thrá na mBan ar an Spidéal ach tá oibreacha ar bun ag Uisce Éireann i láthair na huaire chun ionad cóireála fuíolluisce nua a thógáil ar an mbaile chun an fhadhb a leigheas. Meastar go mbeidh an t-ionad nua críochnaithe an bhliain seo chugainn.
Bhain an trá eile ar an mbaile a ndearnadh tástáil uirthi, Céibh an Spidéil, ‘caighdeán den scoth’ amach don tríú bliain as a chéile.
Bhain gach ceann de na tránna eile i gConamara agus ar Oileáin Árann a luaitear sa tuarascáil an caighdeán is airde amach, seachas Trá na bhForbacha, a bhí ar ‘chaighdeán maith’, a dúradh.
‘Caighdeán den scoth’ a bhí i gceist le 18 den 21 trá Ghaeltachta a ndearnadh tástáil orthu, mar a bhí i dtuarascáil na bliana seo caite.
Bhí ‘caighdeán maith’ uisce i dTrá Phort Arthur i nGaoth Dobhair, an t-aon trá i nGaeltacht Thír Chonaill nár bhain stádas ‘caighdeán den scoth’ amach.
Bhain na tránna uile a ndearnadh tástáil orthu i nGaeltacht Chiarraí agus i nGaeltacht Mhaigh Eo stádas ‘caighdeán den scoth’ amach.
Chomh maith leis an 21 trá Ghaeltachta a ndearnadh tástáil orthu ó thaobh chaighdeán an uisce snámha, luaitear sa tuarascáil ceithre thrá eile sa Ghaeltacht nach dtagann faoi na rialacha maidir le huisce snámha, ceann i gCiarraí agus trí cinn i nGaillimh.
Bhain gach ceann acu ‘caighdeán den scoth’ amach, sin iad Béal Bán i gCorca Dhuibhne, Trá na gCaorach in Inis Oírr, An Trá Mhór i nGarmna agus Trá na Reilige ar an gCeathrú Rua.
Déantar tástáil eile ar an uisce ag na tránna seo ar mhaithe le sláinte an phobail.
San iomlán, rinneadh tástáil ar 148 trá in Éirinn anuraidh agus d’éirigh le 142 acu, nó 97%, an bunchaighdeán uisce (‘sásúil’) a bhaint amach. Bhain 78% an stádas ‘caighdeán den scoth’ amach.
Cúrsaí talmhaíochta, fuíolluisce agus madraí ag salú ar thránna na príomhrudaí a luadh a raibh tionchar acu ar chaighdeán uisce snámha. Dúradh go raibh dualgas ar Uisce Éireann feabhas a chur ar chóras na n-ionad cóireála fuíolluisce a mbíonn tionchar acu ar uisce snámha.
Tránna Gaeltachta a luaitear sa tuarascáil
Ciarraí | |
---|---|
Fionntrá | Caighdeán den scoth |
Baile an Sceilg | Caighdeán den scoth |
Dún na nGall | |
BaileThiarnáin | Caighdeán den scoth |
An CharraigFhinn | Caighdeán den scoth |
Na Dúnaibh | Caighdeán den scoth |
Droim na Tine | Caighdeán den scoth |
Trá PhortArthur | Caighdeánmaith |
Dumhaigh | Caighdeán den scoth |
MachaireRabhartaigh | Caighdeán den scoth |
Gaillimh | |
Trá nabhForbacha | Caighdeánmaith |
Trá na mBan,An Spidéal | Caighdeánsásúil |
Céibh anSpidéil | Caighdeán den scoth |
An Trá Mhór,Coill Rua | Caighdeán den scoth |
Trá anDóilín, An Cheathrú Rua | Caighdeán den scoth |
Trá ChaladhFhínse | Caighdeán den scoth |
CillMhuirbhigh, Inis Mór | Caighdeán den scoth |
Trá Inis Oírr | Caighdeán den scoth |
Maigh Eo | |
Dumha Éige,Acaill | Caighdeán den scoth |
Cuan Oilí | Caighdeán den scoth |
An MallachRua | Caighdeán den scoth |
Barr na Rinne | Caighdeán den scoth |
Tránna eile | |
Béal Bán (Ciarraí) | Caighdeán den scoth |
Trá nagCaorach, Inis Oírr (Gaillimh) | Caighdeán den scoth |
An Trá Mhór,Garmna (Gaillimh) | Caighdeán den scoth |
Trá naReilige, An Cheathrú Rua (Gaillimh) | Caighdeán den scoth |
Fág freagra ar 'Caighdeán den scoth bainte amach ag an uisce snámha in 18 de 21 trá Ghaeltachta, a deir an EPA'