‘Cad sa diabhal atá ag tarlú leis na tástálacha antaigine?’ ‘Malairt tuairime’, a deir an Taoiseach

‘Ní teachtaireacht mheasctha atá i gceist ach malairt tuairime,’ a dúirt Micheál Martin nuair a ceistíodh é faoi na ráitis chontrártha atá déanta faoi thástálacha antaigine

‘Cad sa diabhal atá ag tarlú leis na tástálacha antaigine?’ ‘Malairt tuairime’, a deir an Taoiseach

Tá séanta ag an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil doiléire ann i dtaobh theachtaireacht na n-údarás i leith tástálacha antaigine. 

Dúirt Martin sa Dáil in inniu go raibh príomhchomhairleoir eolaíochta an Rialtais agus an Príomhoifigeach Leighis “ar mhalairt tuairime” faoi úsáid na dtástálacha antaigine.

“Ní teachtaireacht mheasctha atá i gceist ach malairt tuairime,” a dúirt Martin nuair a ceistíodh é faoi ráitis éagsúla atá déanta faoi na tástálacha.

Tá fainic curtha ag an bPríomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan agus baill eile de NPHET ar an bpobal maidir le húsáid na dtástálacha a bhíonn ar díol in ollmhargaí agus cógaslanna. “Ná ceannaígí iad agus ná húsáidigí iad,” a dúirt Holohan.

Dúirt sé gur údar imní é go mbeadh daoine “ag dul isteach san ollmhargadh, ag ceannach punt ispíní, gualach don bheárbaiciú agus tástáil antaigine”.

Deir Mark Ferguson, príomhchomhairleoir eolaíochta an Rialtais, go bhfuil na tástálacha antaigine “chom héifeachtach céanna leis an gcoraintín” chun teacht ar dhaoine a bhfuil an galar orthu agus iad a scaradh amach ó dhaoine eile. 

Tá airí rialtais agus ceannairí an chomhrialtais den tuairim láidir gur chóir na tástálacha antaigine a úsáid go forleathan chun cabhrú le hathoscailt an stáit.

Dúirt ceannaire pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly go raibh caint an Dr Holohan faoi na tástálacha “míchuí” ar fad. “Cad sa diabhal atá ag tarlú maidir leis na tástálacha antaigine?” a d’fhiafraigh Kelly den Taoiseach sa Dáil tráthnóna. 

“Baineadh úsáid aisti [an tástáil] i gcás iompróirí agus beimid ag brath ar na tástálacha chun coláistí tríú leibhéal a athoscailt. Tá mearbhall mór ar dhaoine, tá easpa soiléireachta ann agus teachtaireachtaí contrártha againn faoina n-úsáid,” arsa Kelly. 

Tá tástálacha antaigine tapa agus is féidir leat tástáil a chur ort féin, ach bíonn toradh mícheart orthu níos minice ná mar a bhíonn i gcás na tástála PCR a bhíonn á húsáid ag na húdaráis sláinte. 

Deir saineolaithe go leor, áfach, go bhfuil na tástálacha antaigine cruinn go maith agus go bhfuil siad an-úsáideach. 

Dar leis an Dr Tony Holohan go bhfuil buntáiste ag baint leis na tástálacha i dtimpeallacht rialaithe nó i gcás drochráigeanna den ghalar.

Deir sé áfach nach féidir brath chomh mór sin ar na tástálacha nuair nach mbíonn ráta scaipthe ard den ghalar sa phobal. 

Dúirt an Dr Holohan go bhféadfadh go dtabharfadh na tástálacha misneach do dhaoine nuair nár chóir sin a bheith acu. 

Fág freagra ar '‘Cad sa diabhal atá ag tarlú leis na tástálacha antaigine?’ ‘Malairt tuairime’, a deir an Taoiseach'

  • An Teanga bheo

    An f hirinne searbh cosuil le bread.