Cad atá i ndán don Rialtas dhá bhliain ón olltoghchán?

An mbeidh na páirtithe rialtais in ann an t-aontas eatarthu a chaomhnú agus iad faoi bhrú ag gnáthcheisteanna an tsaoil?

Cad atá i ndán don Rialtas dhá bhliain ón olltoghchán?

Dhá bhliain ó shin a reáchtáladh an t-olltoghchán. Olltoghchán a bhain siar asainn ar fad a bhíonn ag faire na gcúrsaí seo agus a léirigh go bhfuil droim láimhe tugtha ag pobal na tíre leis an tseanpholaitíocht thraidisiúnta a bhí i bhfeidhm ó thús an Stáit.

Ar an 8 Feabhra 2020 ní mba léir cén chaoi a gcuirfí rialtas le chéile agus go deimhin murach an ghéarchéim sláinte phoiblí cá bhfios an mbeadh an rialtas seo againn? Tá an rialtas céanna faoi chuing ag cúrsaí sláinte ó bunaíodh é i mí an Mheithimh 2020 tar éis ceithre mhí margála.

Rialtas stairiúil a thug deighilt an chogaidh chathartha chun críche, a dúradh. Rialtas a léireodh a laghad agus atá idir Fianna Fáil agus Fine Gael. Rialtas a chuirfeadh i gcion orthu aontú tar éis beagnach céad bliain ó bunaíodh an Stát?

Léiríonn cuid den phlé le roinnt seachtainí go bhfuil aighnis bheaga ag teacht chun cinn i measc na bpáirtithe agus sna páirtithe féin, go háirithe i measc na gcúlbhinseoirí. Tá éirithe go maith leis na ceannairí smacht a choinneáil ar na saighdiúirí go dtí seo. Is beag atá cloiste againn faoi aon difríochtaí eatarthu. Go deimhin is beag buíochas a bheadh ag an bpobal orthu le dhá bhliain anuas dá dtabharfaí faoi deara go raibh said ag sárú eatarthu féin nuair a bhí na céadta agus na mílte ag fulaingt le víreas marfach agus an córas sláinte i mbaol a scriosta.

Le tamall beag anois, mar sin féin, tá ceisteanna nach n-aontaíonn na páirtithe fúthu ag teacht chun cinn nó b’fhéidir gur doiléire sna teachtaireachtaí atá i gceist. An doiléire chéanna a cuireadh ina leith go mion minic le linn na paindéime. Bhí an tAire Stáit Anne Rabbitte éiginnte faoi cén bealach ab fhearr fiosrú a dhéanamh faoin gcóisir úd sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Ní mó ná sásta a bhí Charlie Flanagan le fógra Eamonn Ryan go mbeadh talamh ag beairic Chathal Brugha á úsáid le tithíocht a sholáthar agus tá go leor teannais idir Fine Gael agus na Glasaigh faoi thionscnaimh iompair agus bonneagar ar nós Shannon LNG.

Ní mó ná sásta atá cúlbhinseoirí i bhFianna Fáil ná Fine Gael leis na deacrachtaí sa gcóras pleanála agus na cásanna cúirte rialta a eascraíonn ó thionscnaimh ar nós bóithre. Cloistear go minic an tsean-argóint faoi na Glasaigh a bheith ag iarraidh muid ar fad a chur ar rothair istigh sna cathracha. Tá an-mhíshástacht i measc phobal na tuaithe faoi dheacrachtaí le cead pleanála agus forbairt tuirbíní gaoithe. Deir an rialtas d’aon ghuth linn go gcaithfear díriú ar an ngéarchéim chomhshaoil ach deir an pobal lena gcuid Teachtaí Dála – cén chaoi a rachaidh mé ag obair gan mo charr? Níl againn ach éisteacht leis na hargóintí an tseachtain seo faoinar chóir arduithe ar an gcáin charbóin a chur ar athló ar mhaithe le díriú ar an gcostas maireachtála.

Tá muid ar fad, na polaiteoirí san áireamh, ag teacht chugainn féin de bheagán ó Covid. Feictear anois freisin rudaí a ligeadh le sruth ar mhaithe le leas an phobail trí chéile.

An cheist an mbeidh na páirtithe rialtais in ann an t-aontas eatarthu a chaomhnú agus iad faoi bhrú ag gnáthcheisteanna an tsaoil ar nós costas fuinnimh agus ganntanas tithíochta? Tá dhá bhliain fós idir muid agus dáta an olltoghcháin ach tá athrú Taoisigh agus athchóiriú ar aireachtaí le déanamh sa ngeimhreadh. Is fánach an rud anois a d’fhéadfadh aighneas mór a chruthú idir páirtithe a bhí drogallach ag tabhairt faoi chleamhnas an chéad lá.

Fág freagra ar 'Cad atá i ndán don Rialtas dhá bhliain ón olltoghchán?'