Cá seasann ‘Éire Aontaithe’ anois?

Idir an Breatimeacht, laige an tseanreachta ó dheas agus fás Shinn Féin ba dhíchéillí an mhaise é gan a bheith ag fáil faoi réir do thréimhse luaineach

Cá seasann ‘Éire Aontaithe’ anois?

Ní thabharfadh ach 29% de phobal Thuaisceart Éireann vóta ar son Éire aontaithe i reifreann. Bheadh 52% ag vótáil ar son fanacht san Ríocht Aontaithe.

Buille trom do lucht an athaontaithe, go háirithe Sinn Féin, agus faoiseamh d’aontachtaithe, de réir na gceannlínte nuachta. Agus ar an chéad amharc ba chosúil gurbh amhlaidh an scéal leis an bpobalbhreith is déanaí faoin gceist seo.

Laghdú é ar an tacaíocht d’Éire aontaithe i bpobalbhreitheanna a rinneadh nuair a bhain an cheist le héifeacht an Bhreatimeachta ar dhearcadh na ndaoine. Cúlú é freisin ón 38% a thug vóta i mí na Nollag do Shinn Fein agus don SDLP, páirtithe an athaontaithe, cé nach bhfuil an cur chuige céanna acu.

Ach ní raibh an móramh a thacaigh le fanacht san Ríocht Aontaithe tromchúiseach.

Ollscoil Learphoill a rith an suirbhé le maoiniú ón gComhairle um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta agus comhlacht taighde logánta a bhí i mbun na n-agallamh. Ceistíodh vótóirí as na toghcheantair ar fad, 2,000 san iomlán, idir dheireadh mhí na Nollag agus 11 Feabhra.

Ach bhí an phríomhcheist a cuireadh maidir le hÉire aontaithe seafóideach. An gcaithfeá vóta i bhfabhar Éire aontaithe dá mbeadh reifreann ann go luath? Is éard a bheadh i gceist le ‘go luath’ ná reifreann a reáchtálfaí gan aon réamhobair, gan phleanáil, gan na ceisteanna, ní airím an reachtaíocht, a mbeifí ag vótáil fúthu a bheith cíortha agus aontaithe.

Is é an t-iontas go raibh líon chomh mór sin, beagnach duine as gach triúr, ina fhabhar.

Nuair a bhaintear an 17% nár léirigh aon tuairim as an áireamh, bhí 35% i bhfabhar Éire aontaithe agus 65% ar son an status quo. Dúshlán d’aontachtaithe agus do náisiúnaithe is ea an sciar mór sin, 17%, a mhealladh chucu féin. Astu siúd a deir nach aontachtaithe ná náisiúnaithe iad bhí 73% i bhfabhar fanacht san Ríocht Aontaithe, agus gan ach 23% ag iarraidh Éire aontaithe.

Rinneadh anailís sa suirbhé freisin ar dhearcadh na ndaoine a chaith vóta san olltoghchán i mí na Nollag, agus talamh slán á dhéanamh de gur dócha go nglacfadh na daoine sin páirt i reifreann. Astu sin bhí 39% i bhfabhar Éire aontaithe agus 61% ag iarraidh fanacht san Ríocht Aontaithe. Dúirt lucht staidrimh gur léirigh na figiúirí sin go gcaithfeadh Sinn Féin dáréag as gach 100 vótóir a mhealladh chun tacaíocht a thabhairt do vóta ar son an athaontaithe. Ar an lámh eile nocht an suirbhé méadú 2.5% ar thacaíocht d’Éire aontaithe ó 2017; áiríodh go mbeadh móramh ann i gceann scór bliain dá leanfadh an ráta fáis sin.

Cuireadh críoch leis na hagallaimh don suirbhé díreach nuair a bhí toradh an olltoghcháin ó dheas ag éirí níos soiléire. Mhaígh Arlene Foster, ceannaire an DUP, an Chéad-Aire in Stormont, nach raibh tionchar ar bith ag caithréim Shinn Féin ar Thuaisceart Éireann ná ar a stádas sa Ríocht Aontaithe.

Feadaíl ag dul thar reilig, dar le roinnt daoine.

Go ginearálta, deir an DUP, agus deir roinnt dá n-ionadaithe go giorraisc é, nach bhfuil aon ghá le hullmhúcháin mar nach dtarlóidh reifreann. Dar leo nach bhfuil aon fhianaise ann don Státrúnaí go mbeadh tacaíocht le fáil ag reifreann agus thiocfadh an suirbhé seo lena n-argóint.

Tá aontachtaithe eile den bharúil gur cheart d’aontachtaithe teacht le chéile agus anailís a dhéanamh ar na buanna a bhaineann lena bpáirtíocht san Ríocht Aontaithe.

Ansin ba chóir dóibh na buanna sin agus na buntáistí a chraobhscaoileadh seachas a bheith cosantach. I measc na ndaoine a mhol an cúrsa sin tá Billy Hutchinson, ceannaire an PUP, an mionpháirtí dílseach. Níl tacaíocht fhorleathan i measc aontachtaithe, go fóill ar aon nós, do scrúdú inmheánach ar a gcás.

Maíonn roinnt díobhsan atá ag éileamh gnímh ó rialtas na hÉireann mar ullmhú do reifreann go bhfuil siad ag caint le haontachtaithe ach níl fianaise ar bith ann go bhfuil dioscúrsa téagartha ar siúl. Tá Sinn Féin bogtha ó bheith ag éileamh reifrinn ar an toirt i ndiaidh an Bhreatimeachta chuig polasaí go mbunódh rialtas na hÉireann Tionól Saoránach nó fóram speisialta mar chéad chéim.

I ndiaidh a caithréime san olltoghchán tá béim mhór á leagan ag Mary Lou McDonald ar fheachtas athaontaithe. Deir corrdhuine i measc lucht tacaíochta na nAontachtaithe go luíonn sé le réasún go mbeadh tionchar ag an athrú saoil i dTeach Laighean ar pholaitíocht an Tuaiscirt ach seans go dtógfaidh sé tamall sula mbeidh a iarmhairtí soiléir.

Tá cúrsaí a bhaineann le himeacht na Breataine as an Aontas Eorpach ar tí éirí teasaí agus corrach. Ní haon áibhéil é a rá go raibh éifeacht ag an mBreatimeacht cheana féin ar an leagan amach i leith na ceiste bunreachtúla. Bhí méadú 2.5% ar an tacaíocht d’aontú na hÉireann sa dá bhliain ba mhó conspóid faoin gconradh aistarraingthe ón mBruiséil; meastar go raibh cuid mhaith den 17% a bhí neodrach faoi reifreann in aghaidh an Bhreatimeachta chrua.

Más imeacht as an Aontas Eorpach gan socrú a bheas ann mar atá á thuar faoi láthair beidh an saol corrach abhus.

Idir sin agus laige an tseanreachta ó dheas agus fás Shinn Féin ba dhíchéillí an mhaise é gan a bheith ag fáil faoi réir do thréimhse luaineach.

Fág freagra ar 'Cá seasann ‘Éire Aontaithe’ anois?'

  • Críostóir Ó Faoláin

    Cad ina thaobh go bhfuil learscáil d’Eoraip roimh an Céad Cogadh Domhanda in úsáid don alt seo?

  • Seanán Ó Coistín

    Rith an smaoineamh céanna liomsa a Chiaráin. Is rud thar a bheith ait é léarscáil mar sin a bheith ann chun Éire aontaithe a léiriú.