Cá ndeachaigh an cailín beag a bhí ar aon airde le lámh an dorais?

Codladh luath agus éirí moch roimh fhilleadh na scoile – b’in an plean, pé scéal é…

Cá ndeachaigh an cailín beag a bhí ar aon airde le lámh an dorais?

Mura bhfuil dul amú orm is inné nó arú inné a bhí a céad lá ar scoil ag an mBeainín agus thosaigh sí inniu ar an mbliain dheireanach sa mbunscoil.

Bhí sí in aon líne amháin ar maidin ar aghaidh an dorais leis an gCailín Mór Beag agus an Babaí agus iad feistithe amach sna héadaí scoile nua don ghrianghraf bliantúil.

Tá barr na gcloigne ag teannadh suas níos gaire do bharr an dorais chuile bhliain.

Buíochas mór le Dia tá bliain eile bainte amach acu, ach brón i mo chroí i ndiaidh na laethanta atá thart. Cá ndeachaigh an cailín beag a bhí ar aon airde le lámh an dorais?

Ar ais leo arís ag na cairde, an clós is an seomra ranga, lánbhosca leabhair nua úrmhíne ar iompar acu.

Beagáinín croite ag an mochéirí, caithfear a rá. Chuimhnigh muid air roimh ré, go deimhin. ‘B’fhéidir nach aon dochar daoibh a ghabháil a chodladh beagáinín luath agus éirí luath an tseachtain seo mar gheall ar an scoil an chéad lá eile,’ a mhol mé nuair a thuig mé i gceart go raibh deireadh an tsamhraidh ag bagairt orainn.

‘Hmmm, is dóigh,’ a deir an Bheainín.

Ach bhí an tráthnóna bog, is bhí an ghrian ag dul faoi go séimh, bhí na fáinleoga ag damhsa san aer is bhí cluiche folach bíog géar-iomaíochta faoi lánseol ag páistí na comharsanachta. Cé a d’fhéadfadh a ghabháil isteach luath tráthnóna mar sin? Ná an tráthnóna ina dhiaidh sin?

Bhí an t-am ag sleamhnú leis.

Bhí an scéal ag éirí níos práinní in aghaidh an lae. Lá ar bith anois, bheadh orainn éirí luath arís. Chaithfeadh go mbeidh na scoileanna ag oscailt arís dáiríre.

Ní fada nó gur dhúisigh aip theagmhála na scoile. Bhí sé suite go deas ciúin ar mo leathanach baile le dhá mhí ach go tobann d’éirigh sé is chonaic mé an ciorcailín beag dearg ag líonadh suas le huimhreacha. Teachtaireacht amháin, dhá theachtaireacht, trí theachtaireacht…

Má tá aon rud foghlamtha agam ón ostrais is ea gur fiú iarracht a dhéanamh do chloigeann a shá sa ngaineamh is tú ar aghaidh na bearna baoil. Faraor, luath nó mall béarfaidh an chontúirt sa tóin ort.

Níor éirigh linn sa gcleachtadh ar an mochéirí nó an luathchodladh. Beidh siad sách luath, is dóigh. D’éirigh mé maidin Dé Céadaoin is chuile dhuine fós ina suan, an gadhar san áireamh. Chroch sí aníos a cloigeann is bhreathnaigh orm trí leathshúil. Shocraigh sí ansin nárbh fhiú di éirí, is ar ais a chodladh léi go dtí go bhfeicfeadh sí duine éigin níos spéisiúla isteach chuici sa gcistineach.

‘Chuimhnigh mé éirí luath Mamaí le cleachtadh don scoil, dháiríre chuimhnigh mé air,’ a deir an Bheainín liom nuair a d’éirigh sí.

‘Ach cheap mé go mbeadh sé níos fearr sásamh a bhaint as an gcúpla lá deireanach den samhradh.’

Fág freagra ar 'Cá ndeachaigh an cailín beag a bhí ar aon airde le lámh an dorais?'