Cá bhfuil glór na tuaithe sna comhráití faoi bhunú rialtais?

Fad is atá na Teachtaí Dála neamhspleácha balbh tá an Comhaontas Glas ag bualadh an iarainn nuair atá sé te

Cá bhfuil glór na tuaithe sna comhráití faoi bhunú rialtais?

Cá bhfuil glór na tuaithe sna comhráití atá ar bun le rialtas nua a chur le chéile? Ní chloisim é.

Tá a fhios ag léitheoirí Tuairisc.ie gur mhol mé go minic le cúpla bliain anuas gur cheart Conradh na Tuaithe a bhunú agus féachaint le deichniúr Teachtaí a chur sa Dáil a thiocfadh ar aon intinn faoin leigheas atá ar ghéarchéim na tuaithe.

Ní páirtí nua a bhí i gceist agam ach comhghuaillíocht.

Níor ghá go mbeadh na Teachtaí sin ar aon fhocal faoi chuile rud. Clár oibre aontaithe a theastódh agus cead ag gach Teachta acu dul a mbealach féin ina dhiaidh sin.

Abair go mbeadh deich bpointe polasaí acu agus go bhfiafrófaí díobh uair eicínt cén chaoi a vótálfaidís ar chás achrannach a thiocfadh chun cinn. Ní bheadh le rá acu ach go dtabharfaí saorchead vótála do gach aon duine acu ach nach mar sin a tharlódh i gcás gur ceann de na deich bpointe polasaí a theastódh a réiteach.

Ar ndóigh bheadh gnáthbhaill i gConradh na Tuaithe freisin.  Bheadh sé riachtanach lena chois sin go mbeadh foireann eolaithe ar fáil acu a chuirfeadh bunús eolaíoch faoina gcuid éileamh.

Grúpa deichniúr Teachtaí a dhéanfadh an beart sa Dáil, cheap mise. Mar a tharla toghadh níos mó ná deichniúr Teachtaí den chineál seo sa toghchán deireanach.

Tá an grúpa réigiúnach ann anois agus grúpa na tuaithe iad féin. Ní léir cén difríocht a d’fhéadfadh a bheith eatarthu.

Maidir leis an ngrúpa réigiúnach, shílfeá go mbeidís ag craobhscaoileadh an réigiúnachais as éadan. Ach níl.

Is minic ráite agam é gurb í seo an tír is láraithe san Eoraip. Níl sa gcóras rialtais áitiúil atá againn ach muga magadh agus maidir leis na hÚdaráis Réigiúnacha níl iontu ach taibhsí a chuir rialtas an lae ar fáil lena chur ina luí ar a máistrí sa mBruiséil go bhfuil réigiúnachas in Éirinn.

Is maith atá a fhios agamsa nach bhfuil mar gur chaith mé seal ar Údarás Réigiúnach an Iarthair.

Bhí an tÚdarás sin gan chumhacht gan airgead agus b’fhearr dúinn fanacht sa mbaile ná a bheith ag dul chuig na cruinnithe. Ach ar ndóigh bhí bruscar beag costais taistil le fáil.

‘Parish pump politics’ atá ar intinn ag na Teachtaí Dála neamhspleácha a deireann na Tráchtairí Móra. “All politics is local,” a dúirt an polaiteoir Meiriceánach, Tip O’Neill.

Ní dheachaigh a chuid cainte i bhfeidhm ar na Tráchtairí Móra: más togra tuaithe atá i gceist tosaíonn siad ag caint ar an áitiúlachas; más i mBaile Átha Cliath atá sé á bheartú is riachtanas náisiúnta é.

Fad is atá na Teachtaí neamhspleácha balbh tá an Comhaontas Glas ag bualadh an iarainn nuair atá sé te. Tá siad ag cur a gcás chun cinn go paiteanta agus iad i mbéal an phobail ó mhaidin go faoithin.

Téidís i rialtas nó ná téadh anois tá díospóireacht éifeachtach coinnithe ar bun acu faoin athrú aeráide.

Is mór an chabhair dóibh go bhfuil comhairleoirí ar fáil acu in Éirinn agus ar fud an domhain. Tá siad in ann tarraingt freisin as an ullmhúchán a rinne na Glasaigh i dtíortha eile le dhul i rialtas. Chuir Glasaigh na Fionlainne cáipéis 300 leathanach le chéile nuair a bhí siadsan i mbun na hoibre sin!

Is é bun agus barr an scéil gur drochthuar do na ceantair thuaithe a bheas ann má théann Glasaigh na hÉireann i rialtas an iarraidh seo. Fiú amháin an Tánaiste, Simon Coveney, shílfeá go dtuigeann sé an méid sin: dúirt sé nach nglacfaí leis an réamhchoinníoll 7% faoi na hastaíochtaí carbóin atá ag na Glasaigh dá ndéanfadh sé dochar don fheirmeoireacht agus do na bailte tuaithe.

An lá faoi dheireadh bhí an tOllamh John Fitzgerald ag caint faoin ábhar sin ar chlár raidió. Dúirt sé gurb í an fheirmeoireacht is cúis leis an tríú cuid den fhadhb aeráide. Mar is gnách, níor ceistíodh é faoi na dreamanna atá ag déanamh an dá thríú cuid eile den dochar.

Ceist í nach bhfuil mórán fonn ar na Glasaigh a fhreagairt ach an oiread. Tá sé éasca go leor acu a bheith ag tabhairt seanmóirí faoi na feilméirí, ach tá siad an-chúramach faoi mhúisiam a chur ar an dream atá sna SUV-anna agus a bhfuil tithe saoire thar lear acu.

Thar rud ar bith eile is dream meánaicmeach cathrach iad na Glasaigh.

Idir an dá linn tá Teachtaí Dála na tuaithe ina seasamh ansin ag éisteacht leo agus a méar ina mbéal acu.

Fág freagra ar 'Cá bhfuil glór na tuaithe sna comhráití faoi bhunú rialtais?'

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Aontaím go hiomlán leat, a Sheosaimh. tá Éire i bhfad ro-láraithe agus gach rud dirithe ar BÁC. Féachfaimís ar an Eilbhéis, tír bheag nach bhfuil ach beagáinín níos mó ná leath mhéid na hÉireann inti agus trí teanga oifigiúil ag an 7 nó 8 mil daoine atá ann. Tá 26 cantons acu, cosúil le hÉirinn ach tá a parlaimint agus rialtas féin ag gach ceann acu. Tá neamhspleáchas áirithe ag gach canton, cé go bhfuil siad go léir greamaithe le chéile i stát cónascach. In áit príomh-chathair amháin níl príomh-chathair oifigiúil ar bith acu cé go mbíonn an Rialtas Cónascach lonnaithe i Berne, agus tá instidiúdaí tábhachtacha an stáit lonnaithe i gcathracha ar fud na tíre. Ní gá d’éinne trua a bheith acu do muintir na hEilbhéise, tá siad ag déanamh go maith.

  • Eoghan ONéill

    Caithfear ciste a chur ar fáil chun cuidiú le daoine atá ag fulaingt ó stoirmeacha agus tuilte etc. de bharr an athrú aeráide agus is cáin ar dhó ola/guail etc, agus sceitheadh meatáin an dóigh is féaráilte chuige sin ( tá an éifeacht gáis goradh domhanda ag carr a dheineann 16,000 km sa bhliain= bó a sceitheadh 100kg CH4 sa tréimhse chéanna).

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Thar rud ar bith eile is dream meánaicmeach cathrach iad na Glasaigh” a deireann Seosamh ina alt. Is fíor san faoin gcuid is mó dena páirtithe sa Dáil, fairíor. Shílfeá ón alt go bhfuil an Comhaontas Glas ag díriú ar gearradh siar ar feilméireacht THAR AON RUD EILE, agus “an-chúramach faoi mhúisiam a chur ar an dream atá sna SUV-anna agus a bhfuil tithe saoire thar lear acu”.

    Ach i ndáiríre an bhfuil bunús leis an léamh sin ar pholasaithe na nGlasaigh? Bheinn den tuairim, ag éisteacht lena chuid urlabhraithe go mbeidh an Comhaontas Glas i rialtas ag iarraidh go mbeadh ar lucht na SUVanna níos mó a íoc ar breosla agus ar na eitiltí saora ag na tithe saoire thar lear, chomh maith le bheith ag díriú ar an bhfadhb a bhaineann le táirgiú martfheola, nach bhfuil brabsúil don fheilméir ach ag an am céanna atá ag déanamh dochair mhóir don timpeallacht i gcomhthéacs an athrú aeráide. Le bheith faireáilte cuireann an Comhaontas Glas an oiread béime ar an ngá atá le córas maith taistil poiblí, a bheith ar fáil faoin tuath agus sna bailte, le nach mbeidh ar dhaoine a bheith ag braith ar a gcuid carrannaí, bíodh siad ina SUV nó ná bíodh. Nach rud maith é sin?

    Sé fírinne an scéil gurb é an Comhaontas Glas, an t-aon pháirtí, atá lán dáiríre faoin bagairt is mó atá ann do shaol an phobail ón athrú aeráide, cuma céard a dheireann Simon Coveney.

    An faitíos atá ormsa, go gcuirfidh FF-FG dallamullóg ar an gComhaontas Glas i rialtas, mar a rinne FF cheana agus nach mórán de na polasaithe maithe atá acu, a chuirfear i bhfeidhm sa deireadh. Beidh FF-FG ag smaoineamh ar an ngearrthéarma an fhad is atá an Comhaontas Glas ag iarraidh déileáil leis an mbagairt fadthéarmach atá ann nach mbeidh clann ár gclainne in ann maireachtáil sa dtimpeallacht a bheas ann, faoin tuath chomh maith leis na bailte, mura dtugann muid faoin dushlán a bhaineann leis an athrú aeráide anois agus gan é a chur ar an méar fhada a thuilleadh.

  • Críostóir Ó Faoláin

    Ní léir dom go bhfuil na ceantair tuaithe ag éirí go ró-mhaith faoi láthair agus rialtas FG i gcumhacht le 9 mbliain anuas. Ní bagairt iad an Comhaontas Glas do cheantair tuaithe ach a mhalairt. Níl an córas reatha ag déanamh maitheas d’éinne faoin tuaithe ach dornán beag feirmeoirí móra agus úinéirí na monarchana. Déanfar infheistíocht mhór sna ceantair tuaithe chun fís na Glasach a bhaint amach. Tá an Comhaontas Glas chun tosaigh ar na páirtithe eile maidir le rialtas áitiúil a láidriú chomh maith, ceann de bunphrionsabail an CG atá ann.