Cá bhfaighfear dochtúirí do Chonamara amach anseo?

Tá an laghdú ar an líon sagart, laghdú ar an líon Gardaí agus dúnadh oifigí poist ag déanadh lagan ar bunchloch na tuaithe le riar blianta.  Ach, tá an iarraidh is measa romhainn má théann seirbhísí dochtúireachta i léig

Cá bhfaighfear dochtúirí do Chonamara amach anseo?

Beidh an t-ádh orainn má bhíonn dochtúirí againn i gConamara amach anseo a bheidh an-ábalta ar an mBéarla, gan trácht ar Ghaeilge.   

B’fhéidir gur  réamhaisnéis ródhrámatúil í sin ach is cosúil go bhfuil lorg na fírinne uirthi, ina dhiaidh sin féin. 

Níl sna deacrachtaí atá ar an gCeathrú Rua faoi láthair, dá dheacra iad ar mhuintir na háite, ach léargas amháin eile ar na fadhbanna atá amach romhainn i gConamara agus faoin tuath, ó thaobh seirbhísí dochtúireachta de. 

I gConamara féin, beidh an chuid is mó de na dochtúirí atá i mbun dualgais ansin ag críochnú a dtéarmaí oibre as seo go ceann deich mbliana.  Ceaptar go mbeidh sé rídheacair dochtúirí a fháil ina n-áit.

B’fhéidir go mbeadh ar na seirbhísí sláinte a dhul sa tóir ar dhochtúirí teaghlaigh tuaithe i bhfad ó bhaile sna leathscór blianta atá amach romhainn.  B’éigean a dhul go dtí na hOileáin Fhilipíneacha, an India agus tíortha eile sa tóir ar altraí le scór blianta anuas sa tír seo.  Ní hionann cás na ndochtúirí tuaithe agus na n-altraí ach d’fhéadfadh sé gurb é an cosán céanna atá romhainn.

Tá drogall ar dhochtúirí óga na tíre seo bualadh faoi dhualgais amuigh faoin tuath in Éirinn agus murar féidir baoite éigin a chur ar fáil dóibh, agus baoite tairbheach, fanfaidh a bhformhór sna bailte móra agus sna cathracha, sin nó imeoidh siad thar lear.

Tá córas sealanna oibre 1/5 ar dhochtúirí i ndeisceart Chonamara sa socrú atá acu ansin – sin deireadh seachtaine amháin oibre as chuile cúig cinn.  Sin athrú suntasach chun feabhais ar uaireanta oibre seachas mar a bhíodh sé.  Ach níl go leor dochtúirí óga sásta a bheith páirteach i socrú mar sin féin feasta – bheadh drogall ar chuid mhaith acu, a deirtear, roimh dheireadh seachtaine oibre amháin as cúig cinn.

Dá mhéad coimhthíos atá ag cuid mhór dochtúirí óga le hobair faoin tuath, níor chuidigh athruithe a rinne an Roinn Sláinte agus Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte le roinnt blianta leis an gcás. 

Mar shampla, táthar ag coinneáil stiúir níos géire ar na hallúntais a thugtaí do dhochtúirí faoin tuath, Liúntas Tuaithe na nDochtúirí.  Bhí srianta nua le cur ar an scéim sin, rud a tharraing dlí.  D’éirigh leis na dochtúirí an geábh sin ach tá na conspóidí seo ag cothú mímhuiníne.

Ciallaíonn an tacaíocht seo do dhochtúirí faoin tuath go n-íocfar 90% de chostais árachais an dochtúra agus go mbeidh sé seachtaine saoire íoctha ag an Stát.   Ach fiú agus é sin ar fáil, agus gur mór an cúnamh é, tá ceisteanna eile ann faoin líon othar a bheadh ar fáil sa gceantar.  Ceapann dochtúirí anois gur deacair dul i mbun oibre agus 1,000 othar poiblí (othair a bhfuil cárta leighis agus ospidéil acu) ar do liosta de bharr na gcostas atá ort agus na hacmhainní a bhíonn ag teastáil. 

Fuarthas an chéad léargas ar imeacht an tseansaoil agus córas nua dochtúireachta i gConamara i dtús an chéid seo.  In 2002, bunaíodh córas ar a dtugtar Westdoc.  Dúradh  i dtosach go mbeadh beirt dochtúirí ag freastal ar an gceantar uilig as an Líonán ó dheas chomh fada leis an Spidéal i gcaitheamh na hoíche agus i rith an deireadh seachtaine.  Bhí daoine an-imníoch faoi seo. 

Ceantar fada, fairsing é Conamara agus níor tuigeadh cén chaoi a  bhféadfadh beirt dochtúirí seirbhís cheart a chur ar fáil, go háirithe dá dtiocfadh cúpla cruóg orthu ag an am céanna. 

Troideadh feachtas láidir in aghaidh mhúnla WestDoc. In iarthar Chonamara ba mhó a bhí an gleo, go háirithe i gceantair Charna, Chill Chiaráin agus Ros Muc, agus reáchtáladh cruinnithe móra poiblí faoin athrú.   Cuireadh moill ar an gcóras WestDoc dá bharr sin.  Ach rinneadh socruithe de réir a chéile agus chuaigh dochtúirí i bpáirtíocht le dualgais oíche agus deireadh seachtaine a dhéanamh ar a seal – sin agus Westdoc a chúnamh dóibh freisin.  Chuidigh na hagóidí le múnla níos fearr a chur ar WestDoc thairis mar a bhí ceaptha amach ag na húdaráis shláinte ar dtús.

Leis an bpáirtíocht a bhí ag dochtúirí áitiúla sa gcóras d’oibrigh seirbhísí WestDoc maith go leor cé go mbíodh ceisteanna ann scaití faoin fhad a thógadh sé orthu freastal ar ghlaonna.

Tharla sé i gConamara san am sin go raibh dochtúirí sa gceantar a bhí ag obair ansin le scaitheamh maith agus a thuig riachtanais an phobail.  Tá siad fós ann ach tiocfaidh an lá nach mbeidh; tá sé tagtha cheana i gcásanna áirithe.

Na dochtúirí sin, bhíodar sásta uaireanta fada a chur isteach agus a dhul amach ar ghlaoch an dá luath agus a ghlaofaí orthu – de ló nó d’oíche. 

D’fhéadfá ‘dochtúirí na haimsire a caitheadh’ a thabhairt orthu.  Ní raibh beann acu ar an gclog agus níor éalaigh siad ó obair chrua. 

Ach bhí praghas le n-íoc as sin.

Bhíodh dochtúirí faoi bhrú an-trom agus ba mhinic nach rabhadar in ann mórán ama a chaitheamh lena dteaghlach féin. 

D’athraigh meon na ndochtúirí óga, nó a bhformhór, agus níl siadsan sásta cur suas le saol mar sin a thuilleadh.  Go deimhin, tá dochtúirí óga ann nach bhfuil ag iarraidh obair oíche ná deireadh seachtaine ar bith a dhéanamh.  Tá ceist le cur faoin luí atá ag na dochtúirí seo leis an ngairm atá tarraingthe acu orthu féin.  Níl smacht ag duine ar bith ar an am a mbuailfear tinn é, nó an t-am a dtarlóidh timpiste dó.  Níl dochtúirí, thar aon ghairm eile, slán ná saor ó obair oíche amanta. Ní fhéadfadh go mbeadh.  Scéal thairis é sin, ar bhealach, faoi láthair.   

Tá an laghdú ar an líon sagart, laghdú ar an líon Gardaí agus dúnadh oifigí poist ag déanadh lagan ar bunchloch na tuaithe le riar blianta.  Ach, tá an iarraidh is measa romhainn faoin tuath má imíonn, nó má théann seirbhísí dochtúireachta i léig. 

Teastaíonn beart láidir Rialtais sa gcás seo. Tá tíortha ann ina dtugtar airgead láidir agus acmhainní ar leith do dhochtúirí atá sásta dul ag obair i bhfad amach faoin tuath.  Chomh maith leis sin, glantar costais staidéir agus coláiste do mhic léinn dochtúireachta in áiteacha má ghlacann siad le tréimhsí oibre faoin tuath.

Tá lá na cinniúna tagtha anseo anois. 

Fág freagra ar 'Cá bhfaighfear dochtúirí do Chonamara amach anseo?'