‘Buailte ag an éadóchas’ faoin moill a bhaineann le hathoscailt ionad lae i gConamara

Pléadh sa Dáil aréir an t-ionad cúraim lae in Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua, ionad atá dúnta ó 2020

‘Buailte ag an éadóchas’ faoin moill a bhaineann le hathoscailt ionad lae i gConamara

Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara

Dúradh sa Dáil aréir gur cúis “éadóchais” an mhoill a bhaineann le hathoscailt ionad cúraim lae i nGaeltacht Chonamara.

Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly go raibh sí “buailte ag an éadóchas” mar gheall ar an dóigh atá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag plé le hathoscailt an ionaid lae in Áras Mhic Dara ar an Cheathrú Rua i gConamara.

Tá an t-ionad lae in Áras Mhic Dara, a bhíodh ag feidhmiú mar aonad altranais pobail, dúnta ó 2020.

Dheimhnigh Mary Butler, Aire Stáit sa Roinn Sláinte, aréir nach mbeidh an t-ionad á athoscailt mar aonad altranais pobail.

Dúirt sí go mbeadh an t-ionad, a bheas ag feidhmiú faoi mhúnla “sóisialta” feasta, ag athoscailt lá amháin sa tseachtain i dtosach, a luaithe is a bheidh “dóthain daoine cláraithe” le freastal air.

Dúirt Connolly gur cosúil gur “ag baint ón tseirbhís” a bhíothas leis an mhúnla nua “sóisialta” a bhí á mholadh ag an Aire Stáit don ionad lae agus go raibh “neamhaird ar fad” á déanamh ar “riachtanais sláinte” daoine aosta sa cheantar a bhí ag brath ar an tseirbhís lae.

Dúirt Connolly gur tugadh “gealltanais” di anuraidh go mbeadh an t-ionad lae ag athoscailt ag tús na bliana.

Ag cruinniú i mí an Mhárta le feidhmeannaigh de chuid an HSE, dúirt an Teachta Dála neamhspleách, gur cuireadh síos ar an réimse “leathan” seirbhísí cúraim a bheadh ar fáil do dhaoine agus go mbeadh sé ag oscailt “go han-luath.”

“Chuir siad in iúl dom cé chomh tábhachtach is a bhí sé seirbhís mar seo do sheanóirí a bheith ar fáil agus gur nasc iontach leis an bpobal a bheadh ann,” a dúirt an Teachta Dála neamhspleách, Catherine Connolly.

Ina dhiaidh sin, a thug an HSE le fios don Teachta nach mbeadh an t-ionad ag athoscailt ar an mhúnla céanna agus nach mbeadh seirbhísí cúraim áirithe ar fáil ann.

Dúirt an tAire Stáit Butler go raibh 92% d’ionaid lae sa stát a dúnadh le linn na paindéime athoscailte ach go raibh an t-ionad lae in Áras Mhic Dara ar an 8% d’ionaid lae a raibh deacracht ag baint lena n-oscailt arís.

Dúirt an tAire Stáit Butler go raibh sé i gceist an t-ionad lae in Áras Mhic Dara a oscailt ar an 10 Bealtaine ach nach raibh ach duine amháin cláraithe le freastal air ag an tráth sin.

B’amhlaidh an scéal an tseachtain dár gcionn, an 17 Bealtaine.

Dúirt an Teachta Dála nár cuireadh “duine ar bith ar an eolas” faoin ionad lae a bheith ag athoscailt arís.

D’aontaigh an tAire Stáit gur léir nach raibh daoine ar an eolas faoin ionad a bheith oscailte arís agus go raibh gá leis an scéal a scaipeadh ar na meáin áitiúla. 15 a bhíodh ag freastal ar an ionad sular dúnadh é.

Dúirt an tAire Stáit nach bhféadfaí an t-ionad a oscailt ar an seanmhúnla, ina mbíodh altra ar fáil do dhaoine san aonad, mar gheall ar choinníollacha a bhaineann le rialú ionfhabhtaithe atá tagtha i bhfeidhm i ndiaidh Covid.

 

 

 

 

Fág freagra ar '‘Buailte ag an éadóchas’ faoin moill a bhaineann le hathoscailt ionad lae i gConamara'