Bua de dhíth ar Dhún na nGall agus ar chontae na Mí

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar an gcluiche peile idir contae na na Mí agus Gaillimh agus ar an gcluiche idir Dún na nGall agus Muineachán

Bua de dhíth ar Dhún na nGall agus ar chontae na Mí

Imreoir na Mí, Bryan McMahon. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

An Mhí v Gaillimh

An Uaimh

2.15pm

Bhí lucht tacaíochta na Gaillimhe ar mhuin na muice an tseachtain seo caite tar éis d’fhoireann pheile an chontae an ceann is fearr a fháil ar Thír Eoghain. 19 cúilín a bhí idir na foirne i dTuaim, áit ar thug foireann Phádraic Joyce taispeántas cumasach uathu.

É sin ráite, thug Tír Eoghain gach cúnamh d’fhir na Gaillimhe. Bhí na tuaisceartaigh fear gann tar éis 30 nóiméad nuair a cuireadh Kieran McGeary den pháirc agus nuair a díbríodh Franks Burns sa dara leath bhí beirt sa bhreis ag Gaillimh sa 10 nóiméad deireanach, tréimhse inar aimsigh siad 1-9.

Mar sin féin, beidh Joyce an-sásta. Bhí Shane Walsh ar fheabhas ar fad arís do Ghaillimh, bhí an cluiche is fearr a bhí aige go dtí seo ag Ronan Steede lár páirce agus d’éirigh go maith le Seán Kelly sa líne lánchúil agus é ag marcáil Cathal McShane.

Cé go bhfuil an Mhí ag bun an tábla i Roinn 1 i láthair na huaire, níor cheart do Ghaillimh talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an lá leo san Uaimh.

Tá gach cluiche go dtí seo caillte ag foireann Andy McEntee ach bhí mí-ádh orthu i gcuid acu. In aghaidh Chiarraí an deireadh seachtaine seo caite rinne siad teacht aniar sa dara leath ach d’íoc siad sa deireadh as drochthús a chur leis an gcluiche.

Cuireadh beirt i mbosca an pheaca sa chéad leath agus bhí an Mhí ocht bpointe chun deiridh sula bhfuair siad scór ar bith. Má tharlaíonn an rud céanna inniu beidh sé an-deacair orthu ach ní thabharfaidh fir na Mí tada éasca do Ghaillimh agus troidfidh siad go crua chun ísliú céime a sheachaint.

Tá borradh faoi Ghaillimh i láthair na huaire, áfach, agus má imríonn siad chomh maith tráthnóna agus a d’imir siad le roinnt seachtainí anuas, ba cheart go n-éireodh leo.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Bainisteoir Dhún na nGall, Declan Bonner. Pictiúr: INPHO/Tom O’Hanlon

Dún na nGall v Muineachán

Béal Átha Seanaidh

2.15pm

Agus trí chluiche fanta acu i Roinn 1 na sraithe, tá bua ag teastáil go géar ó Dhún na nGall tráthnóna. Cé nach raibh cuma ró-olc orthu go dtí seo sa tsraith, níl ach cluiche amháin buaite ag na Conallaigh agus deiseanna iontacha caillte acu.

An deireadh seachtaine seo caite, bhí Dún na nGall cúig phointe chun tosaigh ar Áth Cliath ag tráth amháin ach lig siad na maidí le sruth agus fuair foireann na príomhchathrach an ceann is fearr orthu ar éigean. Tharla an rud céanna in aghaidh na Gaillimhe, cluiche a chaill Dún na nGall in ainneoin go raibh siad seacht bpointe chun tosaigh sa dara leath.

Bhí drochscéal eile ag Declan Bonner i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn seo caite nuair a gortaíodh Jamie Brennan. Níl an chuma ar an scéal go mbeidh fear Bhun Dobhráin tagtha chuige féin do chluiche an lae inniu agus is mór an chailliúint é.

Ó theip orthu i gcoinne na Gaillimhe an chéad lá níl aon chluiche caillte ag Muineachán agus bhí an-chuma orthu in aghaidh Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo caite.

Thug Conor McCarthy an-taispeántas uaidh sa chluiche céanna agus fuair sé 1-3. Tá coisíocht iontach ag an bhfear beag agus beidh ar chosantóirí Dhún na nGall súil ghéar a choinneáil air féin, ar Conor McManus agus ar Jack McCarron.

Seans go mbeidh cluiche crua againn tráthnóna i mBéal Átha Seanaidh ach tá bua de dhíth níos mó ar Dhún na nGall agus b’fhéidir gur leor an spreagadh sin.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Fág freagra ar 'Bua de dhíth ar Dhún na nGall agus ar chontae na Mí'